Skip to main content


Nuacht

Osclaítear KinShip EcoLab i bPáirc Ghleann na Trá Móire

Scroll
3 min read

Osclaítear KinShip EcoLab i bPáirc Ghleann na Trá Móire

3 min read

5/06/24

Osclaítear KinShip EcoLab i bPáirc Ghleann na Trá Móire

Tá KinShip EcoLab oscailte anois i bPáirc Ghleann na Trá Móire. Is mol lasmuigh é le haghaidh gníomhaíochtaí éiceolaíochta cruthaitheacha agus oideachais, ceardlanna poiblí, cruinnithe agus imeachtaí le grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla ina ndírítear ar bhithéagsúlacht, sreabhadh dramhaíola, éicchleachtais agus gníomhú ar son na haeráide.

Rinneadh ceiliúradh san oscailt ar chríochnú an spáis nua pobail seo le déanaí ar shuíomh uathúil Páirc Ghleann na Trá Móire, láithreán líonta talún leasaithe.

Tógadh ballaí KinShip EcoLab go hiomlán ag baint úsáide as teicnící lámh-thógála le Seán Ó Muiri ó Fhuinneamh Workshop Architects le Kieran Ruane ó Civil and Structural Engineering Advisors Ltd, agus mar sin is é an chéad agus an t-aon fhoirgneamh poiblí cré in Éirinn. Dúirt Seán: “the process of “compacting earth” albeit above ground, resonates with the recent history of site use as a landfill, in creating a compacted landscape.” Chuir an Sár-Thuíodóir John Barron giolcach ar an bhfoirgneamh, ag teacht leis an timpeallacht portaigh ina bhfuil sé. Labhair John agus Seán faoi na próisis inbhuanaithe a d’úsáid siad chun beocht a chur sa dearadh seo a fuair spreagadh i dtithe ceann tuí de chuid na hÉireann agus spásanna daonlathacha ina dtagann daoine le chéile sa Ghréig ar a dtugtar ‘Agoras’. Cuireadh tús agus deireadh leis an ócáid le ceol ón bPíobaire Uilleann as Corcaigh, Eoin O Riabhaigh agus ón bhFidléir Johnny McCarthy.

Déanann Comhordaitheoir Éire Ildánach agus Oifigeach Ealaíon Chomhairle Chathair Chorcaí Michelle Carew cur síos ar KinShip EcoLab mar “not just an intriguing new building in a stunning natural landscape, it is a creative laboratory, a meeting point and a shelter. Its open sides facilitate the close connection that artists Marilyn Lennon and Sean Taylor, the KinShip Project founders, have fostered and developed since 2021 supported by Cork City Council and Creative Ireland.” 

Molann Comhordaitheoir Gníomhaithe ar son na hAeráide i gComhairle Chathair Chorcaí, Peter Medway, do ghrúpaí áitiúla leas a bhaint as KinShip EcoLab ag rá “We need new and effective ways to encourage more people to act on climate change now. Creative voices and initiatives are crucial to bringing more people into this movement for change who might not be motivated to act by other forms of engagement. I welcome the important contribution of the Kinship project and the EcoLab to that end.”

Tá EcoLab suite in aice le Portach Uí Chearúill ar an gcosán coisithe atá suite ar an taobh thoir den Pháirc. I gcomhair leideanna taistil chuig Páirc Ghleann na Trá Móire de shiúl na gcos, rothar, iompar poiblí nó carr, lean an nasc seo Tramore Valley Park. Moltar do lucht freastail gléasadh don aimsir. Is féidir rochtain a shocrú dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht teoranta má thugtar fógra roimh ré.

Le haghaidh RSVP agus ceisteanna, déan teagmháil le Angela Houlihan ag kinshipassistance@gmail.com faoi Dé Céadaoin, an 29 Bealtaine.

Is saothar ealaíne poiblí fadtéarmach é KinShip, ina bhforbraítear gníomhaíochtaí poiblí éagsúla i bPáirc Ghleann na Trá Móire, ag tosú in 2022 le tacaíocht ó Dhámhachtain Éire Ildánach um Ghníomhaíocht Chruthaitheach ar son na hAeráide. Is suíomh mór athraithe comhshaoil ​​í Páirc Ghleann na Trá Móire. Ó 1964 go 2009, úsáideadh an láithreán seo mar líonadh talún do chathair Chorcaí. Osclaíodh an ceantar mar pháirc den chéad uair in 2015 sular osclaíodh go hiomlán don phobal é in 2019. I dtionscadal ealaíne KinShip tugtar deis d’ealaíontóirí agus do phobail leasmhara teacht le chéile, agus freagairt go cruthaitheach agus go criticiúil do na dúshláin éiceolaíochta agus gníomhaíochta aeráide atá romhainn sa lá atá inniu ann.

Le haghaidh léarscáile agus tuilleadh eolais a fháil faoi KinShip EcoLab i bPáirc Ghleann na Trá Móire, téigh chuig https://www.lennontaylor.ie/projects/ecolab-den-talamh agus https://www.lennontaylor.ie/whats-on/kinship- ecolab-seoladh-agus-ceiliúradh

Stay up to date

×