Is iad Kerry Walker agus Lisa Sandow cinn feadhna The Wise Wool Project. Is í príomhaidhm an tionscadail ná athshamhlú a dhéanamh ar dhiomailt olla in Éirinn agus an pobal a spreagadh chun cleachtas agus réiteach inbhuanaithe chun dul i ngleic leis an fhadhb. Trí dhiomailt olla a laghdú agus cleachtais éiceabhácha geilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, tá mar sprioc ag an tionscnamh feasacht fhadtéarmach a chruthú agus ár ndearcadh ar ollann a athrú.
“Den 7 míle tona d’olann a ghearrtar i bPoblacht na hÉireann, ní úsáidtear ach beagán. Tá olann rangaithe mar dhramhtháirge Chatagóir 3 in Éirinn,” a dúirt Lisa Sandow. Trína ndúthracht agus a bpaisean, tá léirithe go rathúil ag Kerry agus Lisa gur féidir leis an olann a bheith ina hacmhainn luachmhar, agus an chruthaitheacht agus an inbhuanaitheacht á gcothú acu i bpobail ar fud na hÉireann.
Chuir The Wise Wool Project ceardlanna ar fáil i scoileanna agus ionaid phobail, agus i mórimeachtaí cosúil le:
- The Festival of Wool and Cloth
- Wild Mind ag an Fhianait
- Clár Samhradh ANAM i gCill Airne
- K-Fest
- Féile Eile i gCill Orglan
Tugadh céim 2024 den tionscadal chun críche leis an Lá Ceiliúrtha Olla a reáchtáladh in Kate Kearney’s Cottage agus ba dheireadh é sin ar sheacht mhí den Wise Wool Project. I ndiaidh ceardlainne feiltithe fhliuch, chuir Seán an Seanchaí an lucht éisteachta faoi gheasa, idir óg agus aosta, le heachtraí olla draíochtúla a bhí ina n-ábhar gáire agus spreagtha do chách. Ar na rudaí a bhí ar siúl i rith an imeachta, bhí léirithe agus stallaí ó snáthealaíontóirí áitiúla agus náisiúnta, an chéad léiriú i gCiarraí den scannán faisnéise: ‘Notes from Sheepland’ agus tháinig deireadh leis an imeacht le plé painéil de shaineolaithe áitiúla i réimhse na diomailte olla.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil The Wise Wool Project chun leanúint de bheith ag baint a spriocanna amach ó thaobh feasacht a ardú ar dhiomailt olla in Éirinn, agus spreagadh á thabhairt don phobal chun dul i mbun cleachtas agus réiteach inbhuanaithe. Trí fheirmeoirí, cruthaitheoirí agus baill an phobail a thabhairt le chéile i gcomhar na n-imeachtaí agus na bpléite seo, tá feasacht níos mó á cruthú ar ár n-olann mar acmhainn nádúrtha, an bealach ina rangaítear é mar dhramhtháirge in áit mar an t-ábhar ilúsáide atá sí agus mar a bhreathnaíodh uirthi sna glúnta romhainn.