Skip to main content
ESB Creative Tech Fest - 2018

Teicneolaíocht
Chruthaitheach

Teicneolaíocht Chruthaitheach

Deiseanna do dhaoine óga taitneamh a bhaint as eispéiris chruthaitheacha sa teicneolaíocht dhigiteach agus scileanna nua a fhoghlaim

Seolta ag an Aire Catherine Martin ag Comhdháil Óige Ildánach 2021, tugann Clár Éire Ildánach, i gcomhpháirtíocht le Kinia (Camara Éireann roimhe seo), níos mó deiseanna do dhaoine óga taithí a fháil ar thionscadail chruthaitheacha teicneolaíochta lasmuigh den scoil.

Tá sé mar aidhm ag an gClár tacú le hoiliúint oibrithe óige i réimsí ar a áirítear: róbataic, beochan, táirgeadh fuaime, dearadh amhairc, réaltacht mhéadaithe / fhíorúil agus spásanna déantúsóirí. Tacóidh an Clár le spéis i dteicneolaíochtaí agus i bhforbairt scileanna sa todhchaí.

ESB Creative Tech Fest

Mar bhonn agus taca leis an gclár nua seo, rinne Kinia anailísí ar riachtanais dhigiteacha le 88 grúpa agus seirbhís óige éagsúil i 19 gcontae ó mhí Eanáir go mí Meithimh 2021 (ag obair le Tusla, Coistí Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga agus Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann).  Tá an tuairisc ar fáil anseo.

Léirítear sa tuairisc go bhfuil cruthaitheacht agus teicneolaíocht ag teacht chun cinn mar phríomhspreagthóir deiseanna sa todhchaí – ach léirítear ann chomh maith go bhfuil tacaíochtaí ag teastáil ó na daoine a oibríonn le daoine óga chun a chur ar a gcumas ceardlanna a sholáthar sa réimse seo. Trí phleananna agus cláir shuíomhanna óige atá ann cheana a fheabhsú trí theicneolaíocht a chur i bhfeidhm go cruthaitheach, cuideoidh an clár le torthaí dearfacha a bhaint amach agus le scileanna daoine óga a fhorbairt sa todhchaí.

ESB Creative Tech Fest

Oibríonn Kinia le seirbhísí óige chun oiliúint, trealamh agus rochtain ar líonraí piaraí a sholáthar agus chun tacú leis na daoine a oibríonn leis an aos óg. Cuirfidh an clár deiseanna ar fáil freisin do dhaoine óga a bheith páirteach san fhéile bhliantúil Creative TechFest 2021.

Táthar ag súil freisin go gcabhróidh an tionscadal seo le forbairt deiseanna foirmiúla oideachais teicneolaíochta cruthaithí. In éineacht le comhpháirtithe sna Boird Oideachais agus Oiliúna, cuirfidh an clár seo deiseanna ar fáil d’oiliúint fhoirmiúil, chreidiúnaithe. Mar shampla, modúil Obair Dhigiteach Óige creidiúnaithe ag DCCE laistigh de chúrsaí oibre óige atá ann cheana chun scileanna oibrithe óige a mhéadú; nó modúil DCCE nua do shuíomhanna For-rochtana Óige nó Cláir um Chríochnú Scoile mar bhealach chun rochtain a fháil ar bhreisoideachas agus agus tacú le bealaí gairme agus printíseachtaí.

ESB Creative Tech Fest

Agus an clár seo á fhógairt aici i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 12 Bealtaine 2021, leag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán béim ar an gcaoi a thacóidh an clár le forbairt acmhainní i seirbhísí óige. Cuirfidh sé ar chumas daoine óga taitneamh a bhaint as eispéiris nua le teicneolaíocht chruthaitheach agus scileanna nua a fhoghlaim, ag cabhrú leo leanúint lena gcuid oideachais, tosú san fhostaíocht agus deiseanna nua a fháil – trína gcuid cruthaitheachta dúchasaí féin a aimsiú.

Stay up to date

×