Skip to main content
Class pupil at Scoil Aoife CNS , Shammah, with Joe McHugh T.D., Pic: Naoise Culhane

Music
Generation

Music Generation

“…. faigheann gach duine, gan bheann ar a mbunadh, deis ar theagasc sa cheol. Sin é atá i gceist."

Is é Music Generation an Clár Náisiúnta maidir le hOideachas Ceoil in Éirinn.  Féachtar le hathrú a chur ar shaol an linbh agus an ógánaigh trí dheis a thabhairt dóibh oideachas ardchaighdeáin i seinm an cheoil a thapú ina gceantar féin.

Is é is briathar le Music Generation go bhfuil cumas ceoil agus an ealaín ó dhúchas i ngach leanbh agus duine óg  – go bhfuil sé de cheart ag an uile leanbh agus ag an uile ógánach roghnú dul le ceol agus deis a thapú a bheith páirteach i saol an cheoil agus nach athrú a chuireann an ceol ar shaol an duine ach claochlú iomlán!

Music Generation

Scoil Aoife CNS with (left) Minister for Education and Skills, Joe McHugh T.D.,  Pic: Naoise Culhane

Faoi Chéim 1, cuireadh Music Generation ar bun i 12 gceantar éagsúil (Ceatharlach, Contae an Chláir, Cathair Chorcaí, Laois, Cathair Luimnigh, Contae Lú, Maigh Eo, Uíbh Fháilí/an Iarmhí, Sligeach, Deisceart Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin), chomh maith le hoibriú le Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall maidir le tograí agus tionscnaimh éagsúla.

Faoi Chéim 2, cuireadh Music Generation ar bun i 10 gceantar breise  – an Cabhán/Muineacháin, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Cill Chainnigh, Liatroim, Ros Comáin, Port Láirge agus Loch Garman.

Class pupils at Scoil Aoife CNS from left Shammah, and Shiva, with Joe McHugh T.D., Pic: Naoise Culhane

Faoi Éire Ildánach, tá Music Generation á leathnú go dtí na ceantair eile nár cuireadh comhpháirtíocht oideachais ceoil ar bun iontu go fóill – le 10 gComhpháirtíocht nua á mbunú, 5 cinn a cuireadh ar bun cheana féin i rith na bliana 2019 (Ciarraí, Cill Dara, Contae na Mí, an Longfort agus Tiobraid Árann).

Déanann an Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil an bhainistíocht áitiúil ar an gclár oibre faoi stiúir ón Oifigeach Forbartha Ceoil.

Stay up to date

×