Skip to main content
Photo Ros Kavanagh

Youth Theatre
Ireland

Youth Theatre Ireland

Is breá linn é, ní féidir a rá linn gur obair atá ann, bíonn an oiread sin spraoi againn ina bhun.

Gach uile thráthnóna den tseachtain, bíonn daoine óga ar fud na tíre, ó Cheann Mhalainne go Carn Uí Néid, i mbun amharclannaíochta.  Seachtain i ndiaidh seachtaine, bíonn níos mó ná 2,600 ógánach ar an meán páirteach i níos mó ná 500 uair a chloig de bhearta drámaíochta le 55 compántas amharclannaíochta atá cláraithe le Youth Theatre Ireland. Le roinnt mhaith blianta, tá líonra na gcompántas óige seo ina shainghné den infreastruchtúr amharclannaíochta in Éirinn agus is as a d’eascair roinnt de na haisteoirí is mó a thuill cáil ina ndaoine fásta dóibh.

Youth Theatre Ireland

Photo Ros Kavanagh

Le cúnamh taca ó Éire Ildánach, tá Youth Theatre Ireland in acmhainn clár beartaíochta leathnaithe a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Tugtar san áireamh leis sin córas a leagan amach agus a chur i bhfeidhm maidir le compántais amharclannaíochta don óige a fhorbairt, a oiliúint agus a chur faoi lán seoil.

Beidh ar chumas Youth Theatre Ireland freisin cur leis an líonra le compántas breise i mBaile Átha Cliath agus in Uíbh Fháilí agus san Iarmhí – dhá contae nach raibh bonn foirmeálta faoin amharclannaíocht don óige iontu go dtí seo.

Le cabhair ó Éire Ildánach, tá oifigeach faoi leith maidir le Tionscadail Speisialta ag Youth Theatre Ireland anois chun comhpháirtíocht nua a chothú le grúpaí áitiúla agus le seirbhísí óige sa chaoi is go scaipeann an amharclannaíocht don óige ar fud cheantair nach raibh sí ar fáil iontu cheana agus chun ceardlanna a eagrú trína bhfaigheann daoine óga an chéad bhlas den amharclannaíocht.

Youth Theatre Ireland

Photo Ros Kavanagh

Chomh maith le deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid scileanna cruthaitheachta a fhorbairt agus taitneamh a bhaint as cineálacha eile ealaíne, tá cruthaithe go gcuireann páirt san amharclannaíocht le misneach agus féinmheas an ógánaigh, go mbraitear sonas agus áthas níos mó, go dtugtar deis ceisteanna agus scéalta a chíoradh a bhfuil tábhacht leo agus go gcuidítear le leibhéil gnóthachtála ar scoil agus i réimsí eile den saol a fheabhsú.

Is gné amháin an cúnamh taca a thugtar doYouth Theatre Ireland  den phlean maidir le hAos Óg Ildánach d’fhonn scód a ligean leis an gcumas cruthaitheachta san uile leanbh in Éirinn

Stay up to date

×