Skip to main content
Music Generation Louth

An láthair inar tharla eachtraí an scéil ársa Táin Bó Cúailnge, áit ina bhfuil seancheangal leis an nGaeilge, Óméith an ceantar deireanach i gCúige Laighean ina raibh an Ghaeilge á labhairt, agus contae inar ábhar mórtais an traidisiún filíochta agus ceoil, tá leas á bhaint as cultúr, téagar agus díocas an phobail i bPlean Cultúir agus Cruthaitheachta Lú faoi Éire Ildánach ionas go mbíonn ábhar taitnimh ag an uile dhuine.

Le téamaí maidir le féiniúlacht, cultúr agus saoránaíocht ag rith leis an gclár Éire Ildánach, cuireadh tús le páirt Lú sa bheartaíocht cúig bhliana leis na pleananna don bhliain 2017. Tá gnéithe ealaíne agus cultúir fite go dlúth trí shaol mhuintir an chontae agus dírítear sa Phlean Cultúir agus Cruthaitheachta ar roinnt de na himeachtaí fiúntacha tairbheacha atá leagtha amach don bhliain seo agus do na blianta dár gcionn. Leis an mbunriachtanas atá le cur in iúl an chultúir i measc dhreamanna uile an phobail, is bealach tábhachtach cothú an chultúir agus na cruthaitheachta ar an gcaoi seo maidir le rannpháirtíocht na ndaoine i gcomhrá saoránaíochta a spreagadh.

Tá gnéithe ealaíne agus cultúir fite go dlúth trí shaol mhuintir an chontae agus dírítear sa Phlean Cultúir agus Cruthaitheachta ar roinnt de na himeachtaí fiúntacha tairbheacha atá leagtha amach do na blianta 2018-2022.

Eagraíodh tograí agus tionscnaimh éagsúla i gContae Lú ón mbliain 2017 i leith, mar shampla Margadh Ceardaithe na Féile Eoin i nDroichead Átha, féile bhliantúil na Cúirte Cruitireachta, ealaíontóir cónaithe dearcealaíne agus scoil nua ceoil in Ionad Ealaíon na Tána i nDún Dealgan, chomh maith le tionscnaimh agus ceardlanna scéalaíochta i leabharlanna áitiúla.

Image ALT text

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Moya Hodgers

Comhordaitheoir Éire Ildánach & Oifigeach Ealaíon Gníomhach

Teagmháil

Melissa Hayes

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Joan Martin

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Brendan McSherry

An tOifigeach Oidhreachta Contae

Teagmháil

Brian Walsh

Coimeádaí, Músaem an Chontae, Dún Dealgan

Teagmháil

Lorraine McCann

Cartlannaí Contae

Teagmháil

Linda Larrigan

Leabharlannaí Feidhmiúcháin

Teagmháil

Olivia McCormack

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Réimse Poiblí

Teagmháil

Sarah Mallon

Oifigeach Feidhmiúcháin, OFÁ

Teagmháil

Susan Murphy

Oifigeach Foirne, Forbairt Eacnamaíoch

Teagmháil

Sinead McVerry

Oifigeach Riaracháin, An Rannóg Pobail

Teagmháil

Anna Ryan

Oifigeach Foirne Sinsearach, LRP

Teagmháil

Fiona Lennon

Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide

Teagmháil

Paula Keenan

Comhordaitheoir Éire Shláintiúil

Teagmháil

Mary O'Reilly

Integration Support Worker

Teagmháil

Ár Straitéis

Louth.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×