Skip to main content


Nuacht

SOAR – Clár AR de chuid LK Shields

Scroll
5 min read

SOAR – Clár AR de chuid LK Shields

5 min read

14/11/20

SOAR – Clár AR de chuid LK Shields

Is comhar páirtnéireachta an Clár AR idir Business to Arts agus an Ciste Náisiúnta Cruthaitheachta a thagann faoi scáth Éire Ildánach. Oibrítear le gnólachtaí maidir le beartaíocht nua CSR a thabhairt chun cinn (nó cur go suntasach leis an mbeartaíocht atá ar bun cheana féin). Tagann réimse forleitheadach beartaíochta faoi scáth an Chlár AR, le cláir éagsúla á rith ag comhlacht eagraithe agus ag ealaíontóirí maidir le caidreamh le muintir an phobail, caidreamh le baill foirne agus bearta cruthaitheachta san ionad oibre.

Deir James Riordan:

Bhain éagsúlacht le haidhmeanna an chláir chomh fada agus a bhaineann liomsa: cur le scileanna cumarsáide agus éisteachta na ndaoine nó oibriú ar an gcruthaitheacht sna daoine agus ar a gcuid muiníne. Bhí deis a thabhairt dóibh bearta ealaíne a thapú i gceist chomh maith, agus spraoi.

Bhí trí mhórchuid ag baint leis an gcúrsa agus ba mhinic a cuireadh tús leis na ceardlanna le slua-amhránaíocht, rud a thug na daoine le chéile agus a mhúnla meon na ndaoine maidir leis an obair a bhí rompu. Thosófaí le hamhrán de chuid James Brown agus le cluichí amharclannaíochta ionas nach mbeadh daoine ródháiríre fúthu féin agus go mbeadh an chuisle ag preabadh iontu.

Bhain na ceardlanna tosaigh le muinín agus údarás a chothú i measc mhic léinn SOAR. Tosaíodh ar an gcúrsa trí chonradh a leagan amach mar ghrúpa agus sin a shíniú. Scríobh an uile dhuine an t-ábhar a bheadh tábhachtach dóibhsean sa cháipéis seo gan ainm a chur lena sliocht féin, pléadh an t-iomlán agus shínigh na rannpháirtithe ar fad an cháipéis. Cothaíodh réimse iontaoibh, muiníne agus measa ina mbeadh scóip dul i bhfiontar agus spraoi a bheith againn. Bhí Poncúlacht, Foighne agus Breithiúnas a Sheachaint ar na nithe a aontaíodh. Bhí cáipéis eile againn maidir le Cuspóirí, ar a n-áirítear oibriú ar Labhairt go Poiblí, Suaimhneas i measc Grúpaí Daoine agus Eolas níos fearr a chur ar chúrsaí amharclannaíochta. A luaithe a bhí sin socraithe, tosaíodh ar 4 seachtaine de chluichí spraíúla, de scéalta pearsanta a mhalartú, de thobchumadóireacht a chleachtadh agus de cheapadóireacht a dhéanamh i gcomhar leis an ngrúpa.

Leis an dara cuid den chlár, saothraíodh radharcanna gairide amharclannaíochta as an leabhar Fishamble’s Tiny Plays for Ireland. Roghnaigh na rannpháirtithe radharcanna a thaitnigh leo agus pléadh gach gné den chúram, feisteas agus seit, an rud a bhí de rún ag gach carachtar agus an borradh a chuirtear faoi ghné na drámaíochta féin. Scrúdaíodh gothaí agus geáitsíocht, an glór agus urlabhraíocht, agus rinneadh cleachtadh ar dhaoine a bhreathnú agus ar dhaoine a bheith ag faire orainn féin, an t-iomlán ar bhealach spéisiúil neamhfhoirmeálta.

Oibriú maidir le saothar a chur i láthair go poiblí atá i gceist leis an tríú cuid den chlár agus d’aidhm leis go mbeifí ag déileáil le beagán brú maidir le teacht i láthair os comhair an phobail, a bheith beagán i mbaol ach ábalta brath ort féin agus ar an meitheal. De réir mar a tháinig COVID-19 salach ar phleananna ar fud an domhain, tosaíodh ag feidhmiú ar líne agus rinneadh monalóga a chur i láthair tar éis do na rannpháirtithe iad a shaothrú agus a chleachtadh.

Eagraíodh ceardlann maidir le modhanna anála le Lara Campbell, teagascóir Yoga, i rith an chéad seimeastar agus bhí an-fhonn freisin meitheal SOAR agus lucht LK Shields, Aturnaetha, a thabhairt le chéile ar mhaithe leis an aon chineál beartaíochta amháin a bheith á thaithí ag dhá dhream éagsúla. Staidéar ar radharc agus tobchumadóireacht a bhain le hobair na ceardlainne sin agus d’oibrigh sé thar cionn maidir le haon difríocht a d’airigh aon duine a bheadh idir an dá ghrúpa a chur ar neamhní.

Is iomaí gné shuntasach a bhain leis an gclár ach is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne grúpa SOAR a fheiceáil agus misneach ag teacht iontu, athrú ó imní faoi labhairt go poiblí go dtí go raibh siad féin ag éileamh deiseanna teacht i láthair os comhair lucht féachana. Bhí roinnt deacrachtaí le sárú, daoine a bhí as láthair ag cur isteach ar an ngrúpa i dtús aimsire agus an gá pleananna a athrú mar gheall ar COVID-19, ach tríd is tríd b’iontach an t-am a bhí ann domsa i m’ealaíontóir agus i m’áisitheoir dom. Chuidigh sé le forbairt a thabhairt ar an ngnás ealaíne agam féin, thug réimsí nua i gceist a bhféadfadh fostaíocht a theacht astu agus thug mo chuid scileanna cumarsáide i mbun ceardlainne agus i mbun ábhar cúrsa a leagan amach chun cinn. 

Clár tréimhse cónaithe

D’eagraigh James ceithre cinn de cheardlanna le mic léinn rochtana de chuid OÉ Gaillimh agus ceardlann amháin le foireann LK Shields i rith na bliana 2019. Eagraíodh trí cinn de cheardlanna le mic léinn rochtana OÉ Gaillimh agus ceardlann amháin leis an dá dhream in éineacht i rith na bliana 2020 sular athraíodh go dtí modh oibre ar líne mar gheall ar COVID-19.

Ghlac seisear mac léinn páirt sa chlár maidir le tréimhse cónaithe agus bhí suas le seisear d’fhoireann LK Shields páirteach i rith na gceardlann. Bhain James leas ar cluichí amharclannaíocht, cluichí geáitsíochta agus damhsa chun rannpháirtithe sna ceardlanna a chur ar a gcompord, misneach a chothú agus iad a chur ag obair i gcomhar lena chéile.

SOAR

SOAR (success overcoming all resistance) a thugtar de theideal ar Clár AR LK Shields, a reáchtáladh i gCathair na Gaillimhe. Tar éis próiseas oscailte gairm scoile, roghnaíodh James Riordan, fear amharclannaíochta, chun oibriú ar an gclár a cuireadh i gcrích in OÉ Gaillimh, le Mic Léinn Rochtana Lánfhásta rannpháirteach ann agus i mbun oirfidíochta, in éineacht le baill d’fhoireann LK Shields. Cuireadh ar chumas na rannpháirtithe, le ceardlanna bunaithe ar chúrsaí oirfidíochta agus ar chúrsaí oideachais, scileanna buntábhachtacha a fhorbairt, mar shampla ceannródaíocht, cur i láthair agus oibriú i gcomhar.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×