23/07/26
Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan infheistíocht €3.7 milliún i bPobail Cruthaitheacha agus i dTionscnaimh um Shláinte agus Folláine Chruthaitheacha.
Tacóidh maoiniú le 28 tionscadal ar fud oileán na hÉireann, lena n-áirítear 16 chomhoibriú Thuaidh-Theas faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú €3.7 milliún thar na trí bliana amach romhainn do thionscadail faoi stiúir na n-údarás áitiúil faoin Chlár Éire Ildánach, lena n-áirítear €2.3 milliún ón Chiste Rialtais maidir le hOileán Comhroinnte. Tacaíonn an infheistíocht le dhá phríomhshraith den Chlár; Sláinte agus Folláine sa Phobal agus i bPobail Chruthaitheacha ar Oileán Comhroinnte, ag nascadh pobal ar fud na hÉireann trí chruthaitheacht, cultúr agus comhoibriú.