Skip to main content


Nuacht

Glao ar iarratais - Comhpháirtíochtaí straitéiseacha i seachadadh Cruinniú na nÓg 2022

Scroll
2 min read

Glao ar iarratais - Comhpháirtíochtaí straitéiseacha i seachadadh Cruinniú na nÓg 2022

2 min read

1/11/21

Glao ar iarratais - Comhpháirtíochtaí straitéiseacha i seachadadh Cruinniú na nÓg 2022

Tá Clár Éire Ildánach ag iarraidh méid agus lucht spéise Chruinniú na nÓg a fhorbairt, a éagsúlú agus a leathnú tuilleadh i 2022.

Is é Cruinniú na nÓg lá náisiúnta na hÉireann de ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga suas go 18 mbliana d’aois. Le trí bliana, is dáta lárnach é i bhféilire cultúir na hÉireann, ag soláthar deiseanna do 1.2 milliún leanbh agus duine óg in Éirinn le bheith fiosrach, samhlaíoch agus nuálach, agus uaillmhian cruthaitheach a bhaint amach nó bua cruthaitheach atá acu a thaispeáint. In 2022, beidh Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn 11 Meitheamh.

Mar sin tá Clár Éire Ildánach ag lorg iarratais ó eagraíochtaí atá ábalta a léiriú go bhfuil siad in ann inscálaitheacht lucht spéise Chruinniú na nÓg a sholáthar ar fud na tíre trí ghníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.

Féachtar go sonrach leis an nglao seo ar iarratais;

  • comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha chun an lá náisiúnta cruthaitheachta seo a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga mar phríomhócáid chultúir in 2022;
  • an rogha gníomhaíochta cruthaithí a mhéadú, ar fud seánra leathan, atá ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga agus go háirithe daoine a bhfuil sé níos deacra dul i bhfeidhm orthu;
  • deiseanna rannpháirtíochta cruthaitheacha a sheachadadh go pearsanta nó ar líne (de réir na treorach sláinte poiblí atá i réim) do lucht spéise ar scála mór ar líne agus/nó in áiteanna éagsúla ar fud na tíre; agus
  • comhoibrithe agus sineirgí a chothú idir gníomhaíochtaí comhpháirtithe straitéiseacha agus Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta na n-údarás áitiúil i réimsí ábhartha.
  • táimid sásta tionscadail a dhéanann nasc leis an diaspóra óg thar lear trínár gcomhoibriú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha a bhreithniú.

Is féidir iarratais a chur ar aghaidh anseo.

Is é 5pm Dé Luain 29 Samhain 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar líne.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Tá foirm iarratais in-íoslódáilte chun críocha faisnéise ar fáil anseo.

Stay up to date

×