Skip to main content
Picture: Patrick Browne


Nuacht

Agus sin é! Tá Cruinniú na nÓg thart ar go ceann bliana eile

Scroll
2 min read

Agus sin é! Tá Cruinniú na nÓg thart ar go ceann bliana eile

2 min read

15/06/21

Agus sin é! Tá Cruinniú na nÓg thart ar go ceann bliana eile

Lá an-ghnóthach ab ea an 12 Meitheamh 2021 nuair a cuireadh rogha de bhreis agus 600 gníomhaíocht chruthaitheach ar fáil, saor in aisce, do dhaoine óga fud fad na tíre.

Thosaigh an lá de phlab nuair a d’fhógair foireann Beat Your Drum ar Dhruma na Mílaoise i dTeach agus Gairdíní Wells i Loch Garman go raibh tús á chur le Cruinniú na nÓg 2021. Agus foireann iontach de dhrumadóirí sóisearacha ó Loch Garman Thuaidh ina thimpeall, bhí drumadóir bunaidh Dhruma na Mílaoise Ken Samson agus a mhac Jimmy, atá 18 mbliana d’aois, i láthair nuair a fógraíodh go raibh lá náisiúnta na cruthaitheachta atá saor in aisce do pháistí agus do dhaoine óga, tosaithe.

Rinne foireann news2day RTÉ an ócáid a thaifead.

Anois agus é ceithre bliana ar an bhfód, déanann Cruinniú na nÓg ceiliúradh ar go mbíonn leanaí agus daoine óga páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus go dtugann sé spreagadh dóibh. Foirne áitiúla de chuid Chlár Éire Ildánach as an 31 údarás áitiúil a bhí i gceannas ar fhormhór na n-imeachtaí, le go leor tacaíochta ó dhaoine cruthaitheacha i réimsí na n-ealaíon, na hoidhreachta, STEAM agus fiú TikTok, atá lonnaithe sna ceantair.

Agus 600 imeacht ann a bhféadfaí roghnú astu i mbliana, bhí rud éigin ann i ndáiríre a d’oirfeadh do gach duine. Idir ealaín a chruthú as seanchannaí dí agus scrúdú a dhéanamh ar inveirteabraigh ag seimineár gréasáin de chuid Zú Bhaile Átha Cliath; lóchrainn sailí agus catapailt a dhéanamh sa bhaile agus dráma Gaeilge faoi Deb a fheiceáil ar TikTok, bhí clár Chruinniú na nÓg 2021 ag cur thar maoil. Leagadh an- bhéim ar an rannpháirtíocht, agus bhí go leor ceardlanna tosaithe ann a dearadh go speisialta chun spéis a mhúscailt agus daoine óga a mhealladh chun tús a chur le heachtra iontach cruthaitheach!

I mbliana bhí Éire Ildánach i gceannas ar Chruinniú na nÓg agus clár iontach d’imeachtaí náisiúnta acu a bhí deartha chun tús a chur le gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar fud na tíre. D’eagraigh na cláir náisiúnta seo a leanas na himeachtaí –  Féile Scannán Leanaí an Aonaigh, Dance Ireland, Brian Fleming agus Ionad Ealaíon Ghlór, Airc Damsha, Garageland agus Airfield Estate agus leag siad síos bunús láidir de ghníomhaíochtaí, ceardlanna agus dúshláin chruthaitheacha, rud a thug deis do pháistí agus do dhaoine óga iad féin a chur in iúl.

Chuir ár gcomhpháirtithe sna húdaráis áitiúla ar fud na tíre roinnt tionscadal iontach ar fáil, lena n-áirítear athinsint taibhseach ar sheanscéal sióg an Selkie a rinne páistí scoile as Scoil Náisiúnta Fhánórach sa Chlár.

Thíos i bPort Láirge chruthaigh na daoine óga as Gaelscoil Phort Láirge sampla iontach d’ealaín ghainimh ag Cuas Chill Mhuirín, rud a léirigh a mbeocht, a bhflosc chun na beatha agus na huaillmhianta dearfacha a bhí acu don todhchaí.

Níl iontu sin ach dhá thionscadal a chuimsigh spiorad Chruinniú na nÓg i mbliana. Cé gur ar líne a bhí formhór na n-imeachtaí ar bun, nuair ab fhéidir é chuir Comhordaitheoirí áitiúla Éire Ildánach imeachtaí beaga ar siúl taobh amuigh agus iad scartha amach go sóisialta, rud a léirigh an tsaoirse nua a tugadh dúinn de réir mar a mhaolaíodh an dianghlasáil.

Mar is gnách tá Éire Ildánach thar a bheith buíoch as seiftiúlacht, samhlaíocht agus solúbthacht ár gcomhpháirtithe, na hÚdaráis Áitiúla, agus Cruinniú na nÓg á cur ar fáil. Táimid thar a bheith buíoch freisin as an tacaíocht a thugann RTÉ agus TG4 don chlár agus chinntigh siad araon gur bhain an oiread daoine óga agus ab fhéidir taitneamh as ár gclár.

Éiríonn an clár níos mó agus níos samhlaíche gach aon bhliain agus cheana féin táimid ag súil go mór le Cruinniú na nÓg 2022.

Stay up to date

×