Skip to main content


Nuacht

Knitted Together

Scroll
min read

Knitted Together

min read

17/02/21

Knitted Together

In 2020 chuir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Chainnigh tús leis an tionscadal pluide ‘Knitted Together’ chun cabhrú le Elkana Charity, carthanas do leanaí san Afraic Theas agus le roinnt carthanas áitiúil. Chuidigh an tionscadal go mór le daoine aonair agus le pobail ar fud an chontae agus níos faide i gcéin tosú ag cniotáil agus ag chróiseáil arís. Bhraith gach duine ríméadach agus thug sé cuspóir dóibh mar go raibh siad ina gcuid d'iarracht chruthaitheach fhiúntach den chineál sin agus an saol chomh deacair ag an am.

Tá ceangal an-láidir ag carthanas Elkana le Cill Chainnigh, agus dá bhrí sin tá sé an-ghar dár gcroíthe. Tá foirgneamh bardasach iontach ar a dtugtar ‘Kilkenny Hall’ i lár cheann de na bailte fearainn is mó san Afraic sa lá atá inniu ann, agus oibríonn an carthanas chun saol na mban agus na bpáistí a athrú ó bhonn. Tá difríocht dochreidte déanta ag an gcarthanas go dtí seo ach thug an tionscadal seo deis do dhaoine eile a bheith cruthaitheach agus páirt a ghlacadh ó thaobh tacaíocht agus cabhair bhreise a thabhairt do mhná agus do leanaí.

Knitted Together Project

Open Video

Thuig daoine go bhféadfadh siadsan difríocht a dhéanamh freisin agus go bhféadfaidís tionchar dearfach a imirt ar a saol, cearnóg amháin ag an am. Mar sin, le beagán spreagadh agus le go leor grá chuaigh os cionn 180 duine i mbun cniotála  agus cróiseála, chun pluideanna áille a tháirgeadh.

 

 

Above:

Chuir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Chainnigh tús leis an tionscadal  seo agus bhí sé á bhainistiú acu mar chuid de thionscnamh folláine pobail Chomhairle Contae Chill Chainnigh, le tacaíocht ó Éire Ildánach.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×