Skip to main content
Pupils from St. Mary's National School, Tournaneena, shepherding the way to climate action

Náisiún
Ildánach

5 thionscadal nuálach ACT Phort Láirge

Scroll
3 min read

5 thionscadal nuálach ACT Phort Láirge

3 min read

4/07/22

5 thionscadal nuálach ACT Phort Láirge

Tá ACT Phort Láirge ar an gcéad imeacht idirdhisciplíneach dá chineál a thugann cúig phobal dhifriúla le chéile i gCathair agus i gContae Phort Láirge le cúig chruthaitheoir chun cuidiú le crios dícharbónaithe a dhéanamh de Phort Láirge faoin mbliain 2040.

Tá Port Láirge ar an gcéad chontae in Éirinn a fuair maoiniú chun tacú le tionscadail chruthaitheacha chun cur le feasacht ar athrú aeráide a mbeidh athrú iompraíochta stuama thart ar shaincheisteanna aeráide mar thoradh orthu. Is tionscadal feasachta aeráide ar feadh na bliana é seo ar a dtugtar ACT (Spriocanna um Ghníomhú ar son na hAeráide) Phort Láirge, fiontar idirdhisciplíneach a thugann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge (WCCC) agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) le chéile i dtionscadal spreagúil atá á mhaoiniú ag an gCiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide Éire Chruthaitheach.

Éilíonn na pleananna uaillmhianacha maidir le dícharbónú gníomh a bhfuil géarghá leis ón tionscal, ó ghnólachtaí, ón Rialtas agus ó dhaoine aonair. Chun cur le tuiscint i bhfad níos fearr agus chun dul i ngleic le héiginnteacht, tá ACT Phort Láirge i mbun oibre le cúig phobal i bPort Láirge agus trí rannpháirtíocht le cúig éascaitheoir cruthaitheachta do gach aon phobail, tá siad ag tabhairt aghaidh ar go leor téamaí i ndáil le hathrú aeráide, lena n-áirítear, iompar bruachbhailteach, úsáid fuinnimh sa bhaile, gairneoireacht, bithéagsúlacht agus tomhaltas stuama.

Tá na pobail seo mar phointe fócais sa tionscadal seo agus tá siad i mbun iniúchta maidir leis an mbealach inar féidir le daoine aonair agus leis na pobail tabhairt faoi ghníomh stuama mar fhreagra ar athrú aeráide agus an bealach inar féidir a n-eispéireas agus an méid atá foghlamtha acu a thabhairt chomh fada le pobal níos leithne. Spreagtar pobail chun na bacainní i leith gníomhú ar son na haeráide a bhreithniú agus tugtar ugach dóibh réitigh áitiúla a bhreithniú. Cuireann cainéil meán sóisialta agus láithreán gréasáin ACT Phort Láirge ar a gcumas a gcuid smaointe a roinnt ar bhonn leanúnach. Tá sraith ceardlanna, taispeántais agus léiriúcháin phoiblí atá ag teacht le himeachtaí cultúrtha áitiúla éagsúla ar siúl. 

Tá ACT Phort Láirge ag cuidiú le hacmhainn agus tuiscint a fhorbairt agus úsáid á bhaint as an gcur chuige nua cruthaitheach seo maidir leis na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide agus gníomh ar son na haeráide a spreagadh. 

Tacaíonn Éire Ildánach faoin gCiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide leis an tionscadal nuálach ceannródaíoch seo atá faoi threallús ag Calmast – STEM, ionad rannpháirtíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic).

Katherine Collins, Éire Ildánach, Port Láirge

Tá an chruthaitheacht agus an tsamhlaíocht ar na huirlisí is tábhachtaí atá againn leis an gceann is fearr a fháil ar dhúshláin agus le deiseanna a aithint

Dúirt Nollaig Healy, Bainisteoir Tionscadail d’ACT Phort Láirge:

“Is tionscadal thar a bheith dúshlánach atá i gceist anseo a chuideoidh le Port Láirge a bheith chun tosaigh ó thaobh gníomhú ar son na haeráide de in Éirinn. Táimid ríméadach a bheith i gcomhpháirtíocht leis an líon mór cruthaitheoirí atá i mbun oibre sna pobail agus ag glacadh cur chuige éagsúil ó thaobh aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide i bPort Láirge. Tá an freagra agus an rannpháirtíocht ó ghrúpa pobail agus ó dhaoine aonair thar cionn agus táimid lúcháireach torthaí an tionscadail seo atá ag síor-fhorbairt a fheiceáil.   

Creidimid go mbeidh athrú i ndáiríre agus aistriú ó thuiscint ar athrú aeráide go gníomh a dhéanamh ar son athrú aeráide mar thoradh ar na tionscadail pobail seo.”

Dúirt Katherine Collins, Comhordaitheoir Éire Ildánach Phort Láirge:

“Tá an chruthaitheacht agus an tsamhlaíocht ar na huirlisí is tábhachtaí atá againn leis an gceann is fearr a fháil ar dhúshláin agus le deiseanna a aithint. Trí chomhchur chuige tabharfaimid eolaíocht, teicneolaíocht, oideachas agus cruthaitheacht le chéile i gcomhar le pobail i bPort Láirge a dteastaíonn uathu athruithe dearfacha a dhéanamh a mbeidh gníomhú ar son na haeráide ina gcuid tithe féin agus ina gcuid ceantar féin mar thoradh orthu.”

Fáiltíonn Fergus Galvin, Stiúrthóir Bóithre, Uisce agus Timpeallachta Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge (WCCC) roimh an fhógra freisin:

“Tá an tionscadal seo ag teacht le haidhm an WCCC, sé sin crios dícharbónaithe a dhéanamh de Chathair Phort Láirge faoin mbliain 2040. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos againn, lena n-áirítear, laghdú 7% ina aghaidh na bliana a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin idir seo agus an bhliain 2040. Tabharfaidh gach pobal i bPort Láirge faoina gníomhartha atá riachtanach chun na spriocanna seo a bhaint amach agus tá sé tábhachtach go bhféachfar ar an gcur chuige cruthaitheach seo mar chuid ríthábhachtach den réiteach.”

5 Thionscadal Act Phort Láirge 

Glasú na Cathrach, Baile Bhricín

Tá Glasú na Cathrach faoi stiúir an chruthaitheora, Rebecca Cappuccini, a bhfuil cúlra láidir aici ó thaobh gairdíní pobail agus rannpháirtíocht saoránach agus ar an duine is fearr chun dul i mbun oibre leis an bpobal seo. Tá ceangal láidir ag Rebecca leis an gceantar mar gurb iad a seantuismitheoirí na hadhlacóirí áitiúla. Bhí Rebecca féin ag obair leis an gceannaí éisc clúiteach áitiúil, Billy Burke ar feadh seacht mbliana.

Ar cheann de na héachtaí is deireanaí atá bainte amach ag Rebecca mar chomhbhunaitheoir Gairdín ‘Top of the City’, tá aistriú ó bhonn líonadh talún go gairdín aoibhinn do mhuintir na háite, áit a bhfuil glasraí á bhfás chomh maith le himeachtaí le linn an tsamhraidh. Mar chomhalta de Ghairdíní Pobail na hÉireann, tugann Rebecca a cuid ama agus a cuid fuinnimh chun tacú le bunú agus le líonrú spásanna fáis don phobal in Éirinn. Cuireann aiseolas ó lucht féachana/pobail áitiúla trasdisciplíneacha faisnéis ar fáil don tionscadal seo.  Cuirfidh an pobal plandáil i spásanna poiblí, gairdíní agus balcóiní chun cinn, aimseofar áiteanna nua d’fhás agus cruthófar fís freisin maidir leis an gcuma ar mhian leo a bheith ar an gceantar sa todhchaí.  

Is ceantar fíor-spéisiúil é Baile Bhricín, atá ar cheann de na háiteanna is sine agus is stairiúla i gCathair Phort Láirge. Bhí an ceantar seo, tráth dá raibh, ina lárionad do bheostoc agus don tionscal leasaithe bagúin le haonach ar fhaiche an bhaile uair sa mhí.  Is é Henry Denny a tháinig aníos leis an slisín bagúin i bPort Láirge an chéad lá riamh agus a théann siar chomh fada leis an mbliain 1846 agus bhí monarcha Denny i mBaile Bhricín ar an monarcha ba mhó dá leithéid sa Bhreatain agus in Éirinn sna 1930aidí. Ag tráth amháin bhí cúig mhonarcha bagúin sa chathair agus níl fiú agus ceann amháin ann inniu. Bhí leibhéil níos airde dífhostaíochta agus go leor mhíbhuntáiste mar thoradh ar an meath a tháinig ar thionsclaíocht. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo an bealach a réiteach chun todhchaí faoi bhláth a sholáthar don cheantar seo. 

Iompar Bruachbhailteach – Gabh ar an mBus mar Athrú, Bóthar Dhún Mór

Tá an cruthaitheoir, Joanne Donohue, agus í ag obair le pobail Bhóthar Dhún Mór, i mbun iniúchta ar cheantar cónaitheach Bhóthar Dhún Mór, ag labhairt le muintir na háite, ag féachaint ar rochtain chuig bealaí bus ó na heastáit tithíochta agus i mbun fiosraithe ar na roghanna siúil agus rothaíochta atá ar fáil.  

Tá Joanne ag bailiú scéalta atá dearfach agus diúltach araon maidir le dul ar an mbus agus trína scéalta seo, ag breathnú ar na réitigh agus ar na fadhbanna a bhaineann leis an gcarr a fhágáil sa bhaile mar rogha níos fearr ó thaobh na timpeallachta.  

Tá Joanna, mar chuid den tionscadal, ag siúl bealach álainn bruach na habhann feadh Bhóthar Dhún Mór, lena liathróid trá plaisteach nach bhfuil báúil leis an timpeallacht ar mhaithe le tús a chur le comhrá le muintir na háite. Tá Joanna ag tógáil grianghraif leis an “domhan” plaisteach taobh le taobh leis an dúlra agus ag postáil a turas ar chainéil mheáin shóisialta ACT Phort Láirge. Tá sí á thabhairt seo léi ar an mbus freisin chun comhrá a spreagadh agus tá sí i mbun eagraithe ar imeachtaí d’ealaíontóirí feadh Bhóthar Dhún Mór.

Is ealaíontóir, stiúrthóir amharclainne agus dearthóir seit í Joanne, atá ina cónaí i Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman.  Rinne Joanna staidéar ar Mhínealaín sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Dún Laoghaire agus in Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach agus rinne staidéar ar cheardaíocht i Grennan Mill Craft School, Baile Mhic Andáin, Contae Chill Chainnigh. Chuir sí barr feabhais ar a saineolas san amharclann trí oiliúint a fháil le hAmharclann Óige na hÉireann agus trí thaithí phraiticiúil. Bhí Joanne ina stiúrthóir ealaíne agus dearthóir seit d’amharclanna óige an WACT le deich mbliana anas agus d’oibrigh sí ar bhreis is fiche dráma ina raibh daoine óga ar fud Chontae Loch Garman ag aisteoireacht iontu. I láthair na huaire, tá sí ag teagasc dearthóireacht seit ar líne mar chuid de thionscnamh JCT Play Create Perform i gcomhar le hAmharclann Óige na hÉireann. Tá Joanne thar a bheith tógtha a bheidh mar chruthaitheoir Act Phort Láirge agus tá sí ag tnúth go mór le dul i mbun oibre le háititheoirí Bhóthar Dhún Mór.

“Nuair a dhéanaimid fiosrú go comhfhiosach maidir leis an méid a theastaíonn uainn a dhéanamh leis an Domhan a chosaint, éirímid níos spreagtha lenár n-iompraíocht a athrú go buan. In ionad a bheith feargach faoi neamhréireacht, an bhféadfaimis a bheith rannpháirteach sa mhéid atá ag tarlú? An mbaineann fiúntas leis sin?

Tá siad seo ar roinnt de na ceisteanna a bheidh á bhfiosrú agam agus mé ag cónaí sna heastáit chun daoine a spreagadh leis an mbus a úsáid, agus iad ar an mbus, ceiliúradh a dhéanamh orthu siúd atá ag déanamh gníomh don domhan trí úsáid a bhaint as an mbus. Creidim nach bhfuil daoine a úsáideann an bus ar bhonn laethúil ag fáil aitheantas as an méid atá á chur leis an timpeallacht acu.  B’fhéidir nach bhfeiceann siad féin ach oiread é sin. Tá sé in am machnamh a dhéanamh maidir le cad a chiallaíonn sé tabhairt faoi ghníomh don athrú aeráide. Cruthaíonn ealaín an spás le go dtarlóidh an méid sin.”

Cé go bhfuil imní ar fhormhór shaoránaigh na hÉireann faoin timpeallacht, is céatadán fíor-bheag a dhéanann rud ar bith faoi

Bithéagsúlacht i gCoill Mhic Thomáisín

Is féidir fiosrú a dhéanamh ar na saincheisteanna go léir ar nós bithéagsúlacht, cailliúint gnáthóige agus talmhaíocht inbhuanaithe trí lionsa an uisce.

Is iad pobal Choill Mhic Thomáisín an pobal a roghnaíodh don tionscadal seo agus is é Kieran McBride an cruthaitheoir a roghnaíodh. Ar mhaithe le díriú ar an bpointe boise ar an tionscadal seo, tá uisce agus córais uisce mar théama lárnach. Cuireadh tús leis na scrúduithe ar na córais uisce agus abhann áitiúla agus leathnaíodh iad seo leis na dobhaircheantair a thabhairt san áireamh.  Áirítear ar na scrúduithe seo, ceantair chósta, inbhir, lochanna, srutháin, toibreacha, portaigh agus talamh portaigh, giolcarnaí, eanaigh, riasc goirt, tuilemhánna, coillearnacha gláracha fliucha agus go leor eile. Tá cur le plandáil crainn agus le foinsí fuinnimh in-athnuaite ar chuid de na straitéisí is mó a bhfuil aithne orthu chun dul i ngleic le hathrú aeráide, ach fós, is minic go ndéanann daoine dearmad athchóiriú a dhéanamh ar na córais uisce agus abhann.  

Is féidir le hathchóiriú córais abhann agus a gcuid gnáthóg treallús a chur faoi athrú ar fud an dobharcheantair iomlán. Cuireann athchóiriú abhann le bithéagsúlacht agus d’fhéadfaí nithe ar nós athshníomh, bruacha abhann glasa a chruthú, fáil réidh le bacainní de dhéantús an duine a thabhairt san áireamh chun gnáthóga a oscailt suas d’éisc imirceacha, crainn a phlandáil a chuireann scáth ar fáil agus athchóiriú a dhéanamh ar ardtailte fliucha chun cur le stóráil uisce agus cuidiú le tuilte a chosc. 

Bhí Kieran ag obair le grúpa daoine éagsúla a bhí ag reáchtáil ceardlann ar nós ‘Slogans on Slates’, áit ina ndéanann sé plé ar an téama agus ar na saincheisteanna agus a ndéanann sé freagraí a spreagadh i bhfoirm manaí ar sclátaí. Beidh an fhéile ‘For the Love of Water’ ar siúl i mí Lúnasa a gcuirfear tús léi ag an fhéile All Together Now, ina mbeidh líon leathan ceardlanna agus imeachtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Áireofar ar ghníomhaíochtaí, sealgaireacht feamainne, siúlóidí, ‘Caomhnóirí na hAbhann’, ceardlanna déanamh maisc agus ceardlanna buantalmhaíochta.

Is ealaíontóir idirdhisciplíneach é Kieran McBride atá lonnaithe i bPort Láirge agus cuimsíonn a chleachtas, scannánaíocht, dearadh seit, scríbhneoireacht scripte, léiriúchán agus amharc-ealaíona. Bhí a shaothar ar taispeántas i seó an ghrúpa, Cycling Through the Rages, a bhí á léiriú ag Kelly Ratchford, i ngailearaí Olivier Carnet, Baile Átha Cliath, a rinne iniúchadh ar shaincheisteanna maidir le hiompar uirbeach agus na dúshláin atá i ndán do lucht rothaíochta. Tá saothar ealaíne Kieran bunaithe ar réimse na healaíona rannpháirtíochta agus pobalbhunaithe agus tá Kieran tiomanta saothar a chur ar fáil lena mbaineann gné sóisialta.  Bhí Kieran, roimh an bpaindéim, i mbun staidéir ar fhorbairt pobail faoi Amel Yacef sa CDETB.  Rinne Kieran forbairt ar shraith ceardlanna gutha agus gluaiseachta do mhná breacaosta in Ionad Acmhainní St. Andrews i mBaile Átha Cliath agus tá sé mar oibrí deonach faoi láthair i Manor Chillout, spás sóisialta do dhaoine óga LGBT+ atá á reáchtáil ag Seirbhísí d’Aos Óg Phort Láirge.  

Úsáid agus Éifeachtúlacht Fuinnimh sa Bhaile 

Ag freagairt don téama atá leagtha síos, tá Tionscadal Walls (TWP) ag obair i gcomhar le pobal an Bhaile Bhig i bPort Láirge chun iniúchadh a dhéanamh ar úsáid agus ar éifeachtúlacht fuinnimh sa bhaile.  Tá cur chuige praiticiúil a ghlacadh acu i leith éifeachtúlacht fuinnimh agus an méid is féidir le daoine a dhéanamh ar bhonn laethúil ina saol féin. 

Tá aird faoi leith á thabhairt acu ar na fíor-athruithe agus ar athruithe is féidir leis an bpobal a bhaint amach chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus ar iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna áitiúla a mbíonn tionchar acu ar ábaltacht agus ar thoilteanas na ndaoine ó thaobh tabhairt faoi ghníomh.   

Táthar ag leanúint leis na ceardlanna agus cuirfear tús le gníomhaíochtaí péintéireachta an 16 Lúnasa agus beidh siad sin ar siúl go dtí an 20 Lúnasa mar chuid d’Fhéile Walls Phort Láirge. Chuir na healaíontóirí ó Bloom, an Tionscadal Ealaíon, Fiona agus Aisling ó Bhaile Átha Cliath, in éineacht le Magda Karol, tús lena gcuid oibre leis an bpobal in ionad spóirt Chill Bharra an Luan an 13 Meitheamh.  Tá taithí leathan ag na healaíontóirí atá roghnaithe ó thaobh pobail a spreagadh trí mhúrphictiúr agus trí cheardlanna; tá sé mar phríomhaidhm acu daoine a chumhachtú forbairt a dhéanamh, deacrachtaí a shárú agus a bheith ag súil le todhchaí níos sona. Spreagann siad rannpháirtithe trí shraith cluichí cruthaitheacha chun teacht suas le sceitsí do mhúrphictiúr le péinteáil ar bhalla an phobail i mí Lúnasa.  

Is ionann Tionscadal Walls CLG agus fiontar sóisialta a chuirfidh saothair mhóra ealaíne agus tionscadail for-rochtana ar fáil.  Gabhann ceithre phríomhphiléar le Tionscadal Walls:

  1. Beidh tionchar ag Tionscadal Walls ar phobail trí chomhoibrí ealaíonta 
  2. Cuireann siad coimisiúin ealaíne poiblí agus príobháideacha ar scála mór ar fáil ar fud na hÉireann 
  3. Bíonn rannpháirtíocht an phobail agus na mic léinn i gceist leis an obair trí cheardlanna for-rochtana pobail agus oideachais. 
  4. Bíonn siad rannpháirteach i malartuithe agus comhoibrithe ealaíonta atá dírithe ar dhaoine agus ar phobail éagsúla a thabhairt le chéile in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon 

Tomhaltas Stuama agus Glacadh le Stíl Mhaireachtála atá níos Inbhuanaithe  

Chomh maith le hoibriú le ceithre phobal áitiúla, rinne ACT Phort Láirge iarracht pobail ar líne a lorg chun nósanna siopadóireachta agus athchúrsála a fhiosrú. 

Is iad Slí Phort Láirge na cruthaitheoirí atá roghnaithe don ghné seo.

Tá Slí Phort Láirge i gcomhar le foireann ACT Phort Láirge, i mbun oibre chun a fháil amach cad iad na bacainní agus srianta atá ar dhaoine óga (18-30) ó thaobh gníomh a ghlacadh i dtéarmaí tomhaltais agus athchúrsála stuama. Cé go bhfuil imní ar fhormhór mhuintir na hÉireann faoin timpeallacht, is céatadán i bhfad níos lú atá sásta gníomh a ghlacadh maidir leis an imní seo.  Is é atá mar aidhm le cion Slí Phort Láirge do thionscadal ACT, sraith físeáin a chur ar fáil dar teideal Gairm chun Gníomhú ar son na hAeráide chun cuidiú le daoine na bacainní seo a shárú.  

Bunaíodh Slí Phort Láirge mar Thionscnamh um Mhaireachtáil Inbhuanaithe Phort Láirge (SLI). Soláthraíonn Slí Phort Láirge Slí raon cláir oideachais agus oiliúna do scoileanna, grúpaí óige agus d’eagraíochtaí pobail chun cur le próifíl na hinbhuanaitheachta laistigh den phobal. Tugann siad faoina gcuid oibre go léir laistigh de chreat Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.  Oibríonn Slí Phort Láirge ar shaincheisteanna éagsúla a thagann faoina sainchúram, lena n-áirítear, na fadhbanna maidir le plaisteach aonúsáide, dramhaíl, trádáil chóir, dúshaothrú ar leanaí agus obair éigeantais, faisean eiticiúil, uisce, iompar agus go leor eile. Pobal Domhanda agus iad ag obair as láimh a chéile atá mar fhís ag Slí Phort Láirge chun todhchaí cothrom agus inbhuanaithe a chinntiú do chách, agus é mar mhisean acu muintir na hÉireann a chumhachtú chun feidhmiú ar shaincheisteanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht, tomhaltas stuama agus athrú aeráide.

Is iad Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge (WCCC) a bheidh i mbun maoirseachta ar an tionscadal a bheidh á bhainistiú ag Calmast, Ionad Rannpháirtíochta STEAM SETU le tacaíocht ó shaineolaithe maidir le gníomhú ar son na haeráide Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge (WCCC) agus SETU. Tá an tionscadal á bhainistiú ag Calmast, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, thar ceann Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Stay up to date

×