Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Déanann 5 phobal i Luimneach iniúchadh ar Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide

Scroll
3 min read

Déanann 5 phobal i Luimneach iniúchadh ar Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide

3 min read

11/07/22

Déanann 5 phobal i Luimneach iniúchadh ar Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide

Beidh cúig phobal i Luimneach ag teacht le chéile le linn Shamhradh na bliana 2022 chun dul i mbun oibre le comhpháirtí cruthaitheach chun iniúchadh a dhéanamh ar ghné an dícharbónaithe atá tábhachtach dóibh.

D’fhógair Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Luimnigh, cúig chomhpháirtíocht pobail cruthaitheach a bheidh i mbun oibre ar thionscadal ar feadh an tsamhraidh chun iniúchadh a dhéanamh ar athrú aeráide agus ar a bpobal.  

Díreofar sa tionscadal, Dícharbónú le Chéile, ar fhoghlaim agus ar obair le chéile agus bainfidh úsáid as Saotharlann Nuálaíochta na Saoránach ar Shráid an tSáirséalaigh mar mhol comhoibrithe. Cuireann an spás nua seo le haghaidh breathnóireachta, comhchruthaithe agus turgnamh, rannpháirtíocht agus cruthaitheacht saoránach i gcroílár mhisean Luimnigh chun dícharbónú a bhaint amach faoin mbliain 2050.

Tá an tionscadal seo, Dícharbónú le Chéile, atá á mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tríd an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, ar cheann de 15 tionscadal ar fud na tíre a fuair maoiniú sa bhliain 2022. Cuireann an Ciste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide cur chuige cruthaitheach chun cinn chun na saincheisteanna a léiriú agus athruithe práinneacha a dhéanamh a bhfuil géarghá leo chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide.   

Tá Iontaobhas Cathartha Luimnigh ar cheann de na heagraíochtaí pobail atá ag glacadh páirte. Tá dóchas acu go mbeidh an tionscadal seo ina chatalaíoch chun gníomhú ar son na haeráide ar fud na heagraíochta. 

“Déanaimid roinnt mhaith cainte faoi athrú córais agus faoi ghníomhú go háitiúil; déantar ceiliúradh sa tionscadal seo ar acmhainneacht Iontaobhais Chathartha Luimnigh a bheith i lár an aonaigh ó thaobh síolú a dhéanamh ar athrú córais timpeallachta, ag obair le pobail áitiúla agus i gcomhar leo.  Baineann sé go léir leis na daoine a choinneoidh croí na cathrach ag feidhmiú san am atá romhainn” a deir Maeve Stone ó Cracking Light Productions, a bheidh i mbun comhoibrithe ar an tionscadal le hIontaobhas Cathartha Luimnigh.  

Tá Garraí Eoin ar phobal cathrach eile atá meáite ar ghníomh a ghlacadh nuair a thagann sé chomh fada leis an aeráid. “Tá Comhpháirtíocht Forbartha Pobail Gharraí Eoin (CDP) tiomanta ó thaobh smaointe agus réitigh ó thaobh na haeráide a bhailiú trí oibriú le healaíontóirí agus ‘comhrá ar bhonn pobail’ a bheith acu. 

“Teastaíonn uainn pobal inbhuanaithe a chomhchruthú chun an t-ualach a bhaineann le saincheisteanna ó thaobh na haeráide a éascú do chónaitheoirí”, a dúirt John Buttery, Bainisteoir CDP Gharraí Eoin.

Baineadh úsáid as próiseas glao oscailte chun chúig phobal agus a gcomhpháirtithe cruthaitheacha araon a earcú.  Is iad seo a leanas na comhpháirtíochtaí rathúla:

  • CDP Gharraí Eoin i gcomhpháirtíocht le Veronica Santorum agus Daniel Clancy
  • Comhpháirtithe Pobail an Oileáin i gcomhpháirtíocht le Patrick Mulvihill ó Amicitia agus Heather Griffin
  • Iontaobhas Cathartha Luimnigh i gcomhpháirtíocht le Cracking Light Productions, Maeve Stone agus Alex Gill
  • Cumann Cultúrtha Indiach na Mumhan i gcomhpháirtíocht le Chelsea Canavan agus Deirdre Power
  • Cumann Áititheoirí Shruthán na Cluana i gcomhpháirtíocht le Wrkshp Architects

Lean na pobail ar a dturas i ndáil le Dícharbónú le Chéile ag www.citizeninnovationlab.ie agus ar Twitter @CILLimerick

Faigh tuilleadh faisnéise anseo maidir le tionscadail an Chiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide. 

Stay up to date

×