Skip to main content
U ARE ALIVE mural by Aches and Maser on Camden Street, Dublin

Náisiún
Ildánach

Aches agus an borradh cruthaitheach faoin ealaín ghraifítí Éireannach

Scroll
4 min read

Aches agus an borradh cruthaitheach faoin ealaín ghraifítí Éireannach

4 min read

28/01/20

Aches agus an borradh cruthaitheach faoin ealaín ghraifítí Éireannach

Is ceannródaí é an t-ealaíontóir graifítí Aches i ngluaiseacht an ghraifítí agus ealaín sráide atá ag teacht chun solais trasna na gcathracha agus bailte in Éirinn faoi láthair, gluaiseacht spreagúil cruthaitheach ina n-úsáidtear canbháis na sráideanna dorcha uirbeacha le saothair áille a chruthú.

Fíor-ealaín phoiblí, is foirm ionchuimsitheach ealaín í an ealaín ghraifítí, atá rochtanach agus éasca do chách páirt a ghlacadh inti agus sult a bhaint asti. Mar a deir Aches, “Is foirm ealaíne do chách atá inti, bealach iontach don ghnáthduine rochtain a bheith acu ar an ealaín.”

Tá pobail bheoga d’ealaíontóirí sráide uirbeacha bainteach leis an ngluaiseacht seo, ealaíontóirí graifítí agus ealaíontóirí múrphictiúir ina measc agus iad ag éirí níos sofheicthe agus ag imirt tuilleadh tionchair ar radharc na hamharc-ealaíona in Éirinn, tá siad ag cruthú saothair mhóra a ghabhann cuisle an náisiúin agus a thugann spreagadh do ghlúin nua ealaíontóirí óga. Thug Éire Ildánach tacaíocht do dhá thionscadal sa bhliain díreach thart; Waterford Walls, comharghrúpa ealaíontóirí atá lonnaithe i ndeisceart-thoir na tíre atá sé mar sprioc acu an dánlann faoin aer is mó agus is inrochtanaí in Éirinn a dhéanamh de chathair Phort Láirge, agus Seek Arts Dundalk, féile ealaíne uirbeacha atá dírithe ar dearcadh na ndaoine atá ag an bpobal i leith Dhún Dealgan a athdhíriú mar phointe fócais cultúrtha.

Agus é tar a éis oibre a dhéanamh leis an dá thionscadal, dhear agus chruthaigh Aches saothair ealaíne trasna na hEorpa agus na Stát Aontaithe chomh maith, d’oscail sé a thaispeántas ealaíne féin in Atelier Maser in 2019, agus chruthaigh sé roinnt de na saothair ealaíne sráide trasna chathair Átha Cliath thar na blianta. Insíonn sé dúinn faoin tús a bhí aige mar ealaíontóir, na rudaí a thug spreagadh dó agus an comhairle atá aige d’ealaíontóirí óga an lae inniu in Éirinn.

Above: Mural created by Aches at Dundalk Seek Arts Festival, 2019

Bhí suim agam san ealaín ón aois óg.

“Ba ealaíontóir iontach a bhí i m’athair ach chuir sé deireadh leis an gcaitheamh aimsire sin sular rugadh mé, bhí dhá phictiúr dá chuid ar crochadh inár dteach agus mé ag fás aníos. Tharraingínn agus mé i mo pháiste, ag déanamh cóipeála ar chartúin nó ar choiméideacha go dtí gur ndeachaigh mé ar an meánscoil ag aois 12. Nuair a thosaigh mé sa mheánscoil tharbharfainn tuilleadh airde ar ghraifítí agus tar a éis cúpla bliana ar an scoil bhuail mé le daoine a rinne graifítí. Thug siad leo mé le mo chéad phíosa a phéinteáil in 2007 agus ó sin ar aghaidh táim gafa. Thart ar 2010, thosaigh mé ag cur tuilleadh carachtair le mo shaothair ach ní dhearna sin mórán difir go dtí 2015. Tar a éis dom cúpla carachtar agus portráid in aice mo shaothair ghraifítí, bheartaigh mé ansin portráidí ina n-aonar a phéinteáil, mo chéad mhurphictiúr.”

“Is foirm ealaíne atá ann do chách, le healaíontóirí nua atá rudaí nua á ndéanamh acu nach bhfuil feicthe riamh”

Above: Savita mural, created by Aches at The Bernard Shaw, Dublin in 2019

Agus mé i mo pháiste óg bhíodh an ealaín i mo leabhair sceitseála agus leathanaigh fhánacha, tá cuid acu fós agam.

Nuair a thosaigh mé ag déanamh graifítí, thosaigh mé le spotaí ciúine in áiteanna ciúine, áiteanna nach mbacfadh daoine leat. Bhíodh na háiteanna seo thíos lánaí nó ar bhallaí nach raibh in úsáid ag daoine ag cúl na bpáirceanna. Agus mé ag éirí níos sine, thosaigh mé tuilleadh péinteála á dhéanamh sa chathair, áiteanna ar nós Lána an Mhuilinn Ghaoithe agus an Bernard Shaw a bhí an-mhaith ag an am. Tá sé deacair teacht ar áiteanna maithe anois ar an drochuair.

Above: Dolores O'Riordan mural by Aches in Limerick, 2019

Is bealach iontach í an ghluaiseacht ealaíne sráide le ligeaint don ghnáthdhuine ealaín a fheiceáil.

“Ní chaithfidh go bhfuil aon rud ar eolas faoi stair na healaíne agus ní gá aon airgead a íocadh len í a fheiceáil ach oiread. Is foirm ealaíne atá inti do chách, le healaíontóirí atá rudaí nua idir láimhe acu nach bhfuil feicthe cheana féin. Cruthaítear carachtar sa chathair, nach bhfuil ann leis na ballaí liath.

Ba onóir dom é a bheith ag roinnt féilte mhúrphictiúir agus teacht le chéile graifítí i mo sheasamh d’Éireann. Mar gheall ar an nós in Éirinn nach bhfuil na foirgnimh ró-ard (agus ní bhfaighfeá cead péinteála ar na cinn atá ard pé scéal é) áfach níl punanna ró-leathan ag ealaíontóirí Éireannacha agus iad i mbun mhurphictiúir mhóra, rud atá riachtanach le bheith in ann tabhairt faoi phéinteáil ag na féilte seo.”

Cé go bhfuil an ghluaiseacht ealaíne sráide in Éirinn thart ar feadh tamaill fhada anois, tá méadú mór ar an suim inti le déanaí.

“Is pobal beag atá ann agus bheadh aithne ag formhór na n-ealaíontóirí ar a chéile agus thabharfaidh siad lámh dá gcéile. Más féidir liom a bheith macánta faoi, tá níos mó míbhuntáistí agus baint le bheith in Éirinn ag an nóiméad seo ná buntáistí má tá tú ag iarraidh murphictiúir mhóra a phéinteáil. Tá an-chuid foirgnimh shuanacha go bhféadfadh grá a thabhairt dóibh, ceann do na bealaí is éasca le grá a thabhairt do na foirgnimh seo ná murphictiúr a chur orthu gan mórán oibre tógála a dhéanamh orthu. Muna mbeidh athchóiriú déanta ar na foirgnimh siúd go luath ba cheart go mbeidh cuma dheas orthu agus daoine ag breathnú orthu chuile lá. Má bhreathnaíonn tú ar aon phríomhchathair san Eorap feicfidh tú neart murphictiúir, a bheidh péinteáilte ag ealaíontóirí áitiúla agus idirnáisiúnta atá mór le rá. Chomh maith le murphictiúir a phéinteáil, má tá tú ag péinteáil ar scála níos lú, is annamh a thiocfaidh tú ar stiúideónna ealaíne.”

 An comhairle is fearr atá agam ná tú féin a chaitheamh gnóthach agus infheistíocht a dhéanamh ionat féin, le ham agus airgead.

“Bí réamhghníomhach, ná fan ar dhaoine eile le ballaí agus jabanna a thairiscint duit. Gabh amach agus déan ballaí a phéinteáil ar do stuaim féin, déan do chuid oibre a thógaíl agus úsáid seo i d’fhábhar. Déan péinteáil a mhinic is gur féidir. Ná bí ag géilleadh do dhaoine eile, déan péinteáil ar na rudaí gur mhaithe leat. Agus thar gach rud eile, bain sult as.”

Creidiúint íomhá: @achesdub

Stay up to date

×