Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Togra faoin scéim Críonna Ildánach ar mhaithe le ceol, damhsa agus amharclannaíocht a chur ar siúl do dhaoine in ionaid cúraim ar fud na hÉireann

Scroll
4 min read

Togra faoin scéim Críonna Ildánach ar mhaithe le ceol, damhsa agus amharclannaíocht a chur ar siúl do dhaoine in ionaid cúraim ar fud na hÉireann

4 min read

2/12/20

Togra faoin scéim Críonna Ildánach ar mhaithe le ceol, damhsa agus amharclannaíocht a chur ar siúl do dhaoine in ionaid cúraim ar fud na hÉireann

Tá tionscnamh nua faoi Chríonna Ildánach á fhógairt trína gcuirfear ócáidí spreagúla spéisiúla nua ealaíne ar siúl don lucht cónaithe, don lucht foirne agus do na daoine muinteartha in ionaid cúraim agus beidh cistí ina leith á gcur ar fáil faoin scéim Críonna Ildánach atá ina chuid den chlár Éire Ildánach agus le cúnamh taca ón gComhairle Ealaíon.

Cothófar scileanna ealaíne agus cruthaitheachta le socrúchán cónaitheachta ag ealaíontóirí ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh i sé réigiún ar fud na hÉireann faoi Thionscnamh na Lárionad Sárfheabhais Ealaíne & Cruthaitheachta 2020/2021 agus beidh leas ó rannpháirtíocht i gcúrsaí ealaíne ag suas le 125 duine aosta a bhfuil cónaí orthu sna hionaid cúraim nó a thugann cuairt ar na hionaid sin, chomh maith le 125-250 duine eile den lucht foirne, de dhaoine muinteartha, d’ealaíontóirí agus den phobal i gcoitinne.

Cuirfidh Liz Clark tús leis an tionscnamh ceoil Homeplace in éineacht le rannpháirtithe as Ionad Cúram Lae Oileán Chiarraí, Co. Chiarraí agus Ospidéal Pobail an Ráithín, Co. an Chláir. Cumfar amhrán maidir leis an gceangal a bhíonn ag duine leis an áit dúchais.  Cuirfear críoch leis an togra trí chór pobail nó ceoltóirí áitiúla a thabhairt isteach in éineacht leis na rannpháirtithe ag canadh an amhráin ionas go gcuirtear an saothar i láthair don phobal i gcoitinne.

Déanfaidh Maud Hendricks agus Bernie O’Reilly (Outlandish Theatre Platform) cíoradh ar thráth cinniúnach ina saol leis na hothair i dhá ionad cúraim sláinte, Ospidéal Pobail Naomh Eoin, Co. Shligigh agus Ospidéal Pobail na gCealla Beaga, Co. Dhún na nGall.  Trí scrúdú a dhéanamh ar an tráth sin, cruthóidh siad saothar suite le chéile is féidir a chur ar taispeáint dá gcuid gaolta agus cairde, don lucht cúraim agus don phobal i gcoitinne.

Oibreoidh Philippa Donnellan agus Olwyn Lyons le hAonad Altrachta Pobail Chluain Sceach, Baile Átha Cliath agus le hIonad Cúram Lae Nás na Rí, Co. Chill Dara.  Molfar don uile dhuine iompú ón ngnáthbhealach, cor nó casadh nua a bhaint as an gcolainn agus sin a thaispeáint do dhaoine eile.  Tabharfar deis do dhaoine aclaíocht a dhéanamh agus caidreamh a chothú lena chéile i mbun ealaíne – agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach acu i rith an tsaoil le saothar cóiriúcháin lena mbaineann scéalaíocht, amhránaíocht agus damhsa.

Sa chás nach féidir leo na hionaid cúraim a thaobhú chomh mór ná chomh minic agus ba ghnáth, bainfidh an lucht ealaíne leas as modhanna eile chun aidhmeanna an tréimhse cónaithe a thabhairt i gcrích.  Cothófar an caidreamh ar líne nuair nach féidir cuairt a thabhairt ar an láthair, de réir mar a cheadaítear faoi threoirlínte an rialtais ag an am.

Ag tagairt di don chlár cónaitheachta, dúirt Bainisteoir an Chláir Ealaíne, Críonna Ildánach, an Dr Tara Byrne: “Táthar ag tnúth go mbeidh rannpháirtíocht i gcúrsaí ealaíne cothaithe mar dhlúthchuid den chultúr sna sé ionad cúraim faoin tráth a dtagann deireadh leis an tsraith tréimhsí cónaitheachta seo i mí Bealtaine 2021 agus  ceangal á chothú in athuair idir an lucht cónaithe agus an pobal.  Tá súil freisin, mar gheall ar an oiliúint atá á chur ar fáil don lucht foirne agus d’fhorais cultúir in aice láimhe, go gcuirfear lárionad sárfheabhais maidir le healaín agus le cruthaitheacht ar bun i ngach réigiún.

Beidh cur isteach orainn go ceann tamaill ag Covid-19 ach bheifí ag súil go mbeadh leas as na tréimhsí cónaitheachta seo mar chuid den phróiseas a chuidíonn linn an saol nua seo a thuiscint, teacht slán uaidh agus caidreamh a chruthú lena chéile arís agus sinn ag éalú ó scáth na bliana 2020.”

Maoiniú faoin scéim Críonna Ildánach, a thagann faoin gclár Éire Ildánach, le cúnamh taca ón gComhairle Ealaíon.

Stay up to date

×