Skip to main content

Náisiún
Ildánach

An tOllamh Rose Anne Kenny, Stiúrthóir, Mercer’s Institute for Successful Ageing, Bunaíodh an Mercer's Institute for Successful Ageing sa bhliain 2006.

Scroll
1 min read

An tOllamh Rose Anne Kenny, Stiúrthóir, Mercer’s Institute for Successful Ageing, Bunaíodh an Mercer's Institute for Successful Ageing sa bhliain 2006.

1 min read

12/03/21

An tOllamh Rose Anne Kenny, Stiúrthóir, Mercer’s Institute for Successful Ageing, Bunaíodh an Mercer's Institute for Successful Ageing sa bhliain 2006.

Áis faoi leith de scoth na linne atá ann ar na hoileáin seo atá dírithe ar sheirbhísí cúram sláinte den chaighdeán is airde a chur chun cinn le barr nuála agus samhlaíochta. Tá ceithre cinn de cholúin i gceist agus an tábhacht chéanna leo uilig – clinicíocht, taighde, oideachas agus oiliúint agus saol na cruthaitheachta. Léiriú sin ar an bhfiúntas a cheaptar leis an gcruthaitheacht maidir le sláintiúlacht agus folláine an uile dhuine a mbíonn baint acu le MISA, na hothair agus na hoibrithe cúram sláinte agus ar aghaidh go dtí na saoránaigh agus na hothair sheachtracha i limistéar an ionaid. Chuir an comhoibriú seo le hÉire Ildánach ar chumas MISA an acmhainn a bhainfeadh le hardán cruthaitheachta a dheimhniú tráth a mbeadh diansmachtú galair i bhfeidhm agus tráth a bhféadfaí a áitiú go mbeadh an lucht foirne faoi róbhrú agus nach mbeadh fonn páirt a ghlacadh in aon ní seachas na gnáthnósanna traidisiúnta oibre. Bhí dianghlasáil dhocht i bhfeidhm maidir leis na hothair ag an am, bhain deacracht agus srianta le caidreamh agus d'fhéadfaí a áitiú nárbh den phraiticiúlacht é. A mhalairt ar fad a bhí de thoradh ar an obair agus d'éirigh thar cionn leis an gclár cruthaitheachta a dtugtar cuntas air thíos. Thug gach a raibh páirt acu ann faoi go fonnmhar agus mheas an uile dhuine go raibh tairbhe agus buntáiste as. Go deimhin, thagair cuid mhór gur gá teacht a bheith ar dheiseanna cruthaitheachta den sórt seo chun cur le toradh an tsaothair. Táthar ag tnúth le forás agus forbairt bhreise ar an gcomhpháirtíocht tosaigh seo.

An tOllamh Rose Anne Kenny, Stiúrthóir, Mercer’s Institute for Successful Ageing, Bunaíodh an Mercer's Institute for Successful Ageing sa bhliain 2006.

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×