Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Ealaín na hIonchuimsitheachta: Amharclannaíocht na hÉireann don Óige ag tacú le Daoine Óga ar Speictream an Uathachais

Scroll
2 min read

Ealaín na hIonchuimsitheachta: Amharclannaíocht na hÉireann don Óige ag tacú le Daoine Óga ar Speictream an Uathachais

2 min read

2/04/22

Ealaín na hIonchuimsitheachta: Amharclannaíocht na hÉireann don Óige ag tacú le Daoine Óga ar Speictream an Uathachais

Tá thart ar 18% de dhaoine a bhaineann le hamharclannaíocht don óige in Éirinn ag déileáil le míchumas, agus deir an chuid is mó acu sin go bhfuil siad néara-éagsúil, dar le torthaí mhórthionscadal taighde Amharclannaíocht na hÉireann don Óige sa bhliain 2019, dar teideal Centre Stage +20.

Anuas air sin, rinne cuid shuntasach dóibhsean a cuireadh faoi shuirbhé don taighde trácht sonrach ar Neamhord de chuid Speictream an Uathachais, a chaitheann solas nua ar an meascán saibhir daoine óga a n-aimsíonn pobail, spreagadh agus spás sábháilte chun iad féin a chur in féin in amharclanna don óige ar fud na tíre.

Spás don uileghabhálacht a bhí in amharclannaíocht don óige riamh. Cuirtear fáilte roimh gach aon duine ann. Déanann éagsúlacht leas don amharclannaíocht, mar a dhéanann sé do dhaoine a bhaineann leis,” a deir Anna Galligan, oifigeach for-rochtana agus Stiúrthóir Amharclannaíocht Chill Chainnigh don Óige.

“Nuair a bhí mé 16 mbliana chuaigh mé isteach i ndomhan na hamharclannaíochta don óige. Bhí sé ar cheann de na pointí is tábhachtaí i mo shaol. Níorbh iníon aon duine mé ann, níor deirfiúr aon duine mé, níor mé an duine ‘giodamach’, ná an ‘aislingeach’ ná an duine leis an achar airde gearr – glacadh liom agus mé ar mo nós féin. Bhain mé le háit éigin, díreach mar a bhí mé. Seo an mhian atá agam dár ndaoine óga uile.”

"Tá an ionchuimsitheacht i gcroílár an dea-chleachtais amharclannaíochta don óige"

Above:

Chuaigh Anna i bpáirt le lucht Amharclannaíocht na hÉireann don Óige agus AsIAm (carthanas náisiúnta na hÉireann i leith Uathachais) sa bhliain 2020 chun ‘Lámhleabhar d’Éascaitheoirí Amharclannaíochta don Óige; Ag Tacú le Daoine Óga ar Speictream an Uathachais’, ar acmhainn í a forbraíodh go sonrach chun an t-eolas agus na straitéisí a bheadh ag teastáil ó ceannairí amharclannaíochta don óige a thabhairt dóibh i dtaobh ranganna agus tionscadail a mbeadh daoine óga ar speictream an uathachais páirteach iontu a bhainistiú go muiníneach. Is acmhainn í seo a forbraíodh le cúnamh Éire Ildánach.

Tá éiteas Amharclannaíocht na hÉireann don Óige fréamhaithe sa tuairim go bhfuil an ionchuimsitheacht i gcroílár an dea-chleachtais amharclannaíocht don óige, agus leis an acmhainn seo, táthar ag súil go gcabhrófar le ceannairí amharclainne óige dul i gcoinne cuid de na míthuiscintí agus na scéalta gan bhunús a bhaineann leis an uathachas trí bhéim a chur ar straitéisí dea-chleachtais i dtaobh na hamharclannaíochta don óige bunaithe ar aiseolas ó chomhaltaí Amharclannaíocht Chill Chainnigh don Óige, mar aon le gaois agus saineolas Anna í féin.

“Smaoiním ar na daoine óga uile ar oibrigh mé leo le chóir a bheith 40 bliain,” a deir sí, “daoine ar leith iad gach duine acu, agus cumas agus cruthaitheacht gan chuimse iontu ar fad. Níl a leithéid de rud ann agus ‘tíopúil’, ‘aitíopúil’, ‘néara-éagsúil’ – níl ann ach ‘muid’, agus muid ag éirí níos láidre nuair a dhéanaimid gach duine a cheiliúradh agus a chur san áireamh.”

Léigh tuilleadh faoi ‘Ag Tacú le Daoine Óga ar Speictream an Uathachais’ agus déan an lámhleabhar a íoslódáil anseo.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár Óige Ildánach de chuid an chláir Éire Ildánach, féach anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×