Skip to main content

Náisiún
Ildánach

ArtandSign: Dún Dealgan - Ranganna ealaíne léirmhínithe le ISL

Scroll
4 min read

ArtandSign: Dún Dealgan - Ranganna ealaíne léirmhínithe le ISL

4 min read

11/04/22

ArtandSign: Dún Dealgan - Ranganna ealaíne léirmhínithe le ISL

Bhí an-rath ar na ceardlanna ealaíne i nDún Dealgan le gairid: Ag tabhairt pobail le chéile, Ealaín mar Mhalartaithe (AAEX), ‘ArtandSign’ Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL).

Chuaigh AAEX i bpáirt le Chime, an Charthanacht Náisiúnta don Bhodhaire agus Cailleadh Éisteachta, chun sraith de ranganna ISL a eagrú a bheadh oiriúnach do phobal na mbodhar agus/nó daoine a úsáideann teanga chomharthaíochta.

Grúpa oscailte, ionchuimsitheach d’amharc-ealaíontóirí is ea AAEX, atá éascaithe agus tacaithe ag Creative Spark Dhún Dealgan, agus tá siad tagtha le chéile chun ealaín phoiblí a dhéanamh agus í inrochtana, eispéireasach, rannpháirtíoch agus/nó in aisce.

Le tacaíocht ó Éire Ildánach, cuireann ealaíontóir ceannasach an tionscadail, Susan Farrelly, ar an eolas muid faoin mbealach ar tháinig na ceardlanna le chéile agus faoin gcéad chéim eile den tionscnamh seo atá nuálach agus ionchuimsitheach.

ArtandSign | Susan Farrelly

In 2021, chuaigh AAEX, i gcomhar le Chime agus an tAteangaire ISL, Leah Murray, i dteagmháil leis An Táin Arts Centre, Dún Dealgan, chun tacú le clár píolótach de cheithre cheardlann ealaíne le léirmhíniú ISL.

Sceidealaithe do Fheabhra-Aibreán 2022, mar chuid de chlár ‘Artist Assemble’ sa Táin, d’fhreastail an clár píolótach go sonrach ar bhaill de phobal na mbodhar. Cuireadh fáilte freisin roimh bhaill den phobal a theacht agus páirt a ghlacadh le hateangaire ISL i dtimpeallacht chruthaitheach.

Bhí an clár comhdhéanta de cheithre cheardlann ealaíne, ag baint úsáide as péint, líníocht, grianghrafadóireacht agus cré, agus bhí dhá uair an chloig i ngach tréimhse. 11 rannpháirtí ar meán a d’fhreastail ar na ceithre cheardlann ina n-iomláine. D’fhoghlaim an pobal éisteachta roinnt ISL bunúsach i ngach rang, sonrach do gach topaic, agus fuair foghlaimeoirí an ISL deis caidreamh a bheith acu le chéile i dtimpeallacht spraoiúil.  Bhí na ceardlanna oiriúnach do dhaoine os cionn 10 mbliana d’aois (in éineacht le duine fásta) agus bhí siad oiriúnach do theaghlaigh freisin.

Cuirfear críoch leis an gclár píolótach ar an 16ú Aibreán 2022 le taispeántas de mhíreanna preabacha ag a mbaileoidh na rannpháirtithe na grianghraif a phriontáil siad agus na píosa de chré bhácáilte a rinne siad.

An Chéad Chéim Eile

Faoi láthair, tá muid ag earcú rannpháirtithe don chéad chéim eile: 10 gceardlann ag fáil tacaíochta ó Éire Ildánach, agus súil againn iad a óstáil i spás inrochtana i nDroichead Átha agus i nDún Dealgan, ag leathadh ár scéil ar fud na tíre.

Tá sé mar aidhm againn na ranganna a reáchtáil i rith an tsamhraidh amach go Meán Fómhair ach tá na dátaí le deimhniú. Tá sé tábhachtach go bhfreastalódh muid ar riachtanais ár rannpháirtithe agus mar sin is breá linn oibriú leo roimh ré chun an t-ábhar a leagan amach agus na riachtanais shonracha atá acu a chur san áireamh. Fuair muid amach freisin an t-ionchas atá ann clár na gceardlann a oscailt suas taobh amuigh de bhaill phobal na mbodhar chuig grúpaí pobail eile trí Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Lú agus disAbility Louth, de bharr éilimh.

Trí chomhoibriú i gcomhar le Chime ar an gclár píolótach, tá sé faighte amach againn go bhfuil gá le roinnt timpeallachtaí uathúla foghlamtha d’aoisghrúpaí difriúla de phobal na mbodhar. Bíonn orainn seisiúin duine le duine a chur ar fáil do chuid de bhaill phobal na mbodhar a bhfuil riachtanais bhreise foghlamtha acu; tá muid i mbun comhráití faoi láthair le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann i nDroichead Átha chun é sin a dheimhniú níos fearr. Cuirfidh sé sin féidearthacht ar fáil don duine aonair dul isteach sa ghrúpa níos déanaí ar bhealach a bheidh níos compordaí.

Foireann na ceardlainne: Susan Farrelly, Ealaíontóir & Ceannasaí Tionscadail; Bernhard Gaul; Geraldine Martin; Jane Campbell; Julie Corcoran agus Catherine McCourt, Éascaitheoir na nEalaíontóirí; agus Leah Murray, Aistritheoir Theanga Chomharthaíochta na hÉireann.

Faigh tuilleadh eolais faoi cheardlanna ArtandSign

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×