Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Athchruthú na Cruthaitheachta - Tréimhsí Cónaitheachta ag Ealaíontóirí faoi Age & Opportunity

Scroll
2 min read

12/03/21

Leathnaíodh i rith na bliana 2019, le cúnamh ón gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta faoin gclár Éire Ildánach, ó Chrannchur Eagraíochtaí Chúram Sláinte Pobail FSS agus ón gComhairle Ealaíon, le scéim Age & Opportunity do Thréimhse Cónaitheachta ag Ealaíontóirí in Ionaid Cúraim. Leis an tionscnamh seo, tugadh seisear ealaíontóirí agus na háitritheoirí i sé cinn d'ionaid cúraim ar fud na tíre le chéile.

D’iarr an clár Éire Ildánach ar roinnt de na daoine a bhí páirteach san obair smaoineamh a dhéanamh faoin togra agus faoina raibh foghlamtha acu uaidh.  Tá ábhar léargais agus machnaimh sna tuairimí a cuireadh ar fáil.

Is mór an feall é ach fuair duine de na seandaoine bás a raibh mise ag obair go dlúth i seisiúin aonair léi.  Bhíodh sise an-chairdiúil le roinnt de na daoine eile a mbím ag obair leo agus bhí an-chumha orthu ina diaidh.  Bhí seisiún cuimhneacháin an-deas againn agus úsáid á baint againn as mapa gearradh líonóile de cheann de na bailte beaga in aice láthair a cuireadh le chéile chun cuimhní cinn a spreagadh.  Bhí scéalta breátha á mbabhtáil faoin gcara a bhí imithe agus faoi shean-nósanna na tuaithe.

D’inis duine amháin faoi na bealaí a bhain le bualadh an choirce agus faoin bhfleá agus an damhsa a bhíodh acu ag ceiliúradh an fhómhair nuair a thagadh deireadh le séasúr na hoibre.  Ba léir go raibh toradh chun sochair ag an gcaint agus ag na scéalta ar an ngrúpa agus gur chuidigh sé le roinnt den chumha a scaipeadh.

Feictear dom gur maith an sampla sin den leas breise a bhíonn as obair ealaíne seachas an saothar deas a chruthú le crochadh ar an mballa.  Thug daoine de lucht na foirne faoi deara freisin an caidreamh dlúth a bhí idir mé féin agus an bhean a cailleadh sna seisiúin cruthaitheachta agus dúirt duine amháin gur mór an maitheas a rinne na hamanna sin di i rith na seachtainí deireanacha dá saol.”

An Ráithín

Tréimhsí Cónaitheachta ag Ealaíontóirí faoi Age & Opportunity

Open Video

Luaigh na daoine scothaosta a ghlac páirt sna ceardlanna gur thaitin an nuacht leo a bhain leis na gníomhartha agus an éagsúlacht agus an éiginnteacht a bhaineann le bearta cruthaitheachta.  Thug an fhoireann cúraim faoi deara ag an am céanna gur tháinig an féinmhuinín chun cinn iontu, gur bhain siad an-taitneamh as an gcaidreamh leis na healaíontóirí agus gur mhór acu an deis iad féin a chur in iúl.  Bhí tábhacht mhór ag na daoine críonna leis an gcomhrá a chothaigh na healaíontóirí leo.  Rinne siad scrúdú ar scéal a mbeatha leis na healaíontóirí, d’aithris siad dánta agus dúirt siad amhráin.

‘We’ll try anything – but the fingers aren’t as good as they used to be! It’s never too late to try and learn new things. We are open to risks – unpredictable is good.’

Le himeacht aimsire, bhraith roinnt de na daoine aosta go raibh dul chun cinn suntasach á dhéanamh acu agus d’eascair as sin misneach agus muinín as a gcumas féin. Dúirt roinnt acu gur spreagadh an t-iontas arís ina saol agus dúirt daoine eile go raibh sé mar a bheidís ar ais i laethanta a n-óige, gur mhór an tairbhe a bhí á bhaint acu as an obair, go raibh siad beo bríomhar.

Chonacthas meangadh gáire ar na rannpháirtithe, iad ag cur spéise ina raibh ar siúl, taitneamh á bhaint acu as rudaí nua a mhothú agus caidreamh ar bun acu ar bhealaí nár ghnáth leis an lucht cúraim ná lena gcuid gaolta a fheiceáil.  Luaigh siadsan go raibh feabhas ar an tsláinte mheabhrach agus cognaíochta le tabhairt faoi deara ar na daoine a ghlac páirt sna tograí cruthaitheachta.

Chonacthas don lucht foirne in ionaid éagsúla go raibh an mianach cruthaitheachta a bhí iontu á thapú ag na daoine aosta, daoine ina measc arbh dheacair caidreamh a chothú leo agus nach gcuireadh spéis i mbearta de chineálacha eile a eagraítear san ionad.

De réir mar a leanadh leis an gclár, bhí tuairim éagsúil ag an lucht cúraim de na seandaoine a raibh aire á tabhairt acu dóibh agus bhain siad leas as an gcaidreamh i rith na dtograí ealaíne chun aire níos fearr a chur orthu. De réir mar a bhí na tionscadail cruthaitheachta ag dul ar aghaidh, tuigeadh dóibh chomh maith gur mó atá i gceist le healaín ná pictiúr deas nó earra eile a chruthú agus gurb é an cur in iúl is tábhachtaí uilig maidir leis an ealaín.  Chonacthas dóibh an fiúntas a bhain le ham ina n-aonar ag ealaíontóir agus duine scothaosta agus chuir siad rompu féachaint le caidreamh a chothú idir iad féin agus na daoine críonna ar an gcuma chéanna.  Dúirt duine amháin: ‘Chonacthas lucht an ionaid ag cruthú i bhfad níos fearr ná mar a bhí súil againn féin leis.  Ní bhíonn am againne, ná an scil agus na hacmhainní, sin a thabhairt i gcrích agus is é an t-am agus an caidreamh a bhun agus a bharr.’

Is breá le hÉire Ildánach agus le Age & Opportunity a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an dara clár de thréimhsí cónaitheachta i mí Eanáir 2021 le béim ar an damhsa agus ar bhearta cultúir i réimse na hoirfidíochta.   Beidh gairm scoile maidir le healaíontóirí a bheadh páirteach ann á fhógairt go gairid.

Is féidir níos mó eolais faoi Thréimhsí Cónaitheachta faoin scéim Age & Opportunity 2019-2020 a léamh ach cliceáil anseo.

Is féidir níos mó eolais faoi Thréimhsí Cónaitheachta faoin scéim Age & Opportunity a léamh ach cliceáil anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×