Skip to main content
Greenhills story map, Ripple

Náisiún
Ildánach

Ballina Ripple/Toradh Cuilitheach Bhéal an Átha

Scroll
min read

Ballina Ripple/Toradh Cuilitheach Bhéal an Átha

min read

1/12/22

Ballina Ripple/Toradh Cuilitheach Bhéal an Átha

Le linn 2022, d'oibrigh foireann tionscadail Ripple leis an bpobal in Eastát Greenhills i mBéal an Átha, chun a dtaithí, a ndearcadh agus a n-eolas i dtaca leis na spásanna glasa atá sa comharsanacht acu ó thaobh uisce agus athrú aeráide de a thuiscint, a mhapáil agus a thaifeadadh.

Thar shraith ceardlann, roinn na cónaitheoirí a dtuiscint ar a gcomharsanacht agus  a mianta agus a ndóchas ina leith. I bpáirt leis an bhfoireann dhear siad 16 tionscadal féideartha chun feabhas a chur ar ghluaiseacht an uisce, ar an mbithéagsúlacht, agus ar an luach taitneamhachta i gcodanna éagsúla den chomharsanacht.

Sa deireadh bheartaigh pobal Greenhills forbairt a dhéanamh ar Ghairdín Paradise, atá i gcuid den eastát a raibh faillí déanta air. Seo áit a d’fhéadfadh a bheith ina thearmann don fhiadhúlra, don dúlra agus do na cónaitheoirí.

D’oibrigh an tAiltire Tírdhreacha Róisín Byrne le foireann Ripple agus leis na cónaitheoirí chun an dearadh a fhorbairt. Cuimsíonn sé iomairí glasraí, mion-úllord ina bhfuil crainn úll oidhreachta, suíocháin, plandaí pailneoirí dúchasacha agus plandlann crainn. Baileofar uisce agus treorófar isteach i ngairdín báistí é. Cuirfidh sé seo moill ar shruth na báistí nuair a bheidh sí trom agus tabharfaidh sé deis don phlandú atá in ann don bháisteach cuid den uisce a shú isteach.

I rith na bliana cothaíodh nasc idir cónaitheoirí Greenhills agus Gairdín Pobail Karen i mBéal an Átha, agus roinn siad seo a gcuid eolais agus a dtaithí, chomh maith le plandaí, leis an gcroíghrúpa a thabharfaidh aire do Ghairdín Paradise.

Bhí an t-éiceolaí Martin McGarrigle i gceannas ar cheardlann freisin inar scrúdaíodh  sláinte an uisce in Abhainn na Brosnaí, atá ag sní le taobh an eastáit. Bhí siad buíoch a fháil amach go raibh eascanna, ribí róibéis agus go leor eile nach iad ag déanamh go maith san abhainn.

Tugadh an tionscadal chun críche trí mhapáil a dhéanamh ar an Toradh Cuilitheach/ Ripple Effect. Tarlaíonn sé seo nuair a thugtar an cumhacht don phobal athruithe dearfacha a dhéanamh mar fhreagairt ar an athrú aeráide. Rachaidh buntáistí an tionscadail i bhfad, beidh naisc á gcruthú agus gníomhartha eile á spreagadh, ionas go mbeidh gach duine ag obair ar son na bithéagsúlachta agus ar son áiteanna comhroinnte atá in ann dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Ba mhaith le Foireann Ripple buíochas a ghabháil leis na cónaitheoirí in Eastát Greenhills i mBéal an Átha as bheith chomh fáilteach agus fuinniúil agus as a n-ionchur flaithiúil i rith na bliana. Buíochas freisin le Comhairle Contae Mhaigh Eo as a dtacaíocht agus le Meánscoil Buachaillí Naomh Muredach as a Mol Nuálaíochta, a bhí chomh tábhachtach sin dúinn, a thabhairt ar iasacht. Táimid buíoch freisin de Kilcross Construction and Plandlann Shaw a d’oibrigh go dícheallach chun an gairdín álainn seo a thógáil.

Stay up to date

×