Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Má ghlacann daoine atá ag dul in aois páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha cabhraíonn sé lena sláinte agus lena bhfolláine, agus cuidíonn sé leis an uaigneas, an dúlagar agus an strus a laghdú

Agus scrúdú á dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar shaol daoine scothaosta, léiríodh sna torthaí tuarascála nuafhoilsithe a rinne Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Aosú (TILDA) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go raibh caighdeán saoil níos fearr ag daoine fásta scothaosta a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus gur lú seans go mbeidís uaigneach, in ísle brí nó faoi strus.

Leis an taighde a choimisiúnaigh Clár Éire Ildánach, fiosraíodh an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar shaol na ndaoine aosta. Fuarthas amach go raibh caighdeán saoil níos fearr ag daoine fásta scothaosta a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus gur lú seans go mbeadh uaigneas, dúlagair nó strus orthu ná mar a bheadh i gcás na ndaoine ar comhaois leo nach raibh páirteach sna gníomhaiochtaí.

Léigh tuilleadh faoin staidéar anseo agus breathnaigh ar an bhfíseán spreagúil thíos.

An Chruthaitheacht i measc Daoine Níos Sine

Open Video

Stay up to date

×