Skip to main content
FREE PIC - NO REPRO FEE - March 5, 2023 CRANN'S BREAKING BARRIERS THEATRE GROUP PERFORM AT THE STACK THEATRE. Crann's Breaking Barriers Theatre Group performing three acts to a sold-out Stack Theatre. The Children's Group performed "Birthday Surprise" by Julia Donaldson; the Youth Group performed "This Is Not A Fairytale" by Wonder Fools and the Adult Group performed their own work "Sea Who Done It". The success of Crann's Breaking Barriers Theatre Group was supported by Cork County Council and Youth Theatre Ireland. Pic: Brian Lougheed See Full Press Release.

Náisiún
Ildánach

"Tá ríméad orm go ndeachaigh mé isteach, d'athraigh sé mo shaol" - Grúpa Breaking Barriers

Scroll
min read

"Tá ríméad orm go ndeachaigh mé isteach, d'athraigh sé mo shaol" - Grúpa Breaking Barriers

min read

28/03/23

"Tá ríméad orm go ndeachaigh mé isteach, d'athraigh sé mo shaol" - Grúpa Breaking Barriers

Fuair an Grúpa Amharclannaíochta Breaking Barriers de chuid Crann deontas ó Youth Theatre Ireland, trí thacaíocht airgeadais ó Chlár Éire Ildánach, chun cabhrú leis an ngrúpa fás agus forbairt in 2023.

Tá an Grúpa Amharclannaíochta Óige Breaking Barriers ag obair ar bheith nasctha go foirmiúil le Youth Theatre Ireland chomh maith le bheith páirteach i líonra ina bhfuil suas le 60 amharclann don óige fud fad na tíre.

Is carthanas ceannródaíoch Éireannach é Crann atá lonnaithe i gCorcaigh. Cuireann sé réitigh ar fáil do leanaí, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh a bhfuil míchumais néarfhisiciúla orthu, réitigh a athraíonn saol na ndaoine seo, ar feadh a saoil ar fad. 

Tá Crann ag reáchtáil Breaking Barriers ó 2018 i leith agus é ina ghrúpa amharclannaíochta spraíúil comhoibritheach a chuidíonn le leanaí, déagóirí agus daoine fásta a bhfuil míchumas néarfhisiciúil orthu a muinín agus a scileanna cumarsáide a fhorbairt trí mheán na drámaíochta. Le cúig bliana anuas, tá beagnach 120 leanbh, déagóir agus duine fásta a bhfuil míchumas néarfhisiciúil orthu tar éis   seans a fháil a bheith ionchuimsithe go cothrom sna healaíona trí pháirt a ghlacadh i Breaking Barriers.

Seo an taithí a bhí, ina cuid focal féin, ag Hannah O’Sullivan ar Amharclann na nÓg:

“Dia daoibh! Ba mhaith liom léargas a thabhairt daoibh inniu ar mo thaithí ar Ghrúpa Amharclannaíochta Breaking Barriers in Ionad Crann. San alt seo, is é an aidhm atá agam ná léargas a thabhairt ar an tionchar dearfach a bhí ag na ranganna cruthaitheacha agus spraíúla a bhíonn ar siúl gach seachtain ar mo shaol.

Thosaigh mé le Breaking Barriers den chéad uair i lár na bliana 2020 nuair a bhí muid i lár phaindéim Covid-19. Ag an am, bhíodh ranganna againn faoi dhó sa tseachtain, ar an Máirt agus ar an Déardaoin, agus cé go mb’éigean na ranganna a reáchtáil ar líne ar Zoom, bhí áthas an domhain orm an deis a fháil dul isteach sa ghrúpa ar bhonn rialta. Chuala mé faoin nGrúpa Amharclannaíochta Breaking Barriers ó chairde eile. Bhí cuid acu bainteach leis an ngrúpa agus theastaigh uaim i gcónaí a bheith páirteach sa spraoi, blaiseadh a fháil den aoibhneas a bhaineann leis an aisteoireacht agus leis an gcruthaitheacht a chur in iúl, ach bhí sé ródheacair teacht ar an am agus ar an tiomantas, mar gheall ar go bhfuil mé i mo chónaí i gceantar tuaithe agus go bhfuil píosa fada le taisteal agam.”

Hannah O'Sullivan, ball de Breaking Barriers

""Dá mhéad páirt a bhí agam sna ranganna drámaíochta, is ea is mó a mhothaigh mé spreagtha agus dóchasach go bhféadfainn spraoi a bheith agam agus ‘tabhairt faoi""

Dá mhéad páirt a bhí agam sna ranganna drámaíochta, is ea is mó a mhothaigh mé spreagtha agus dóchasach go bhféadfainn spraoi a bheith agam agus ‘tabhairt faoi.’ Mar gheall ar shrianta Covid bhí orainn réamhthaifeadadh a dhéanamh ar Zoom ar sheónna na Nollag in 2020 agus in 2021 ionas go bhféadfadh muid breathnú siar orthu leis an teaghlach. Níorbh é an rogha ab fhearr ar domhan é, ach le bheith macánta faoi, d’éirigh thar barr leis na seónna mar sin féin agus bhí an tallann dhochreidthe a bhí ag gach duine le feiceáil go fíor-shoiléir.

In 2022, bhí mé in ann freastal ar an ngrúpa drámaíochta i bhfad níos minice ar bhonn pearsanta ach ba í an bhuaicphointe i mo chás féin ná an deis a bhí agam dul  ar an stáitse go pearsanta den chéad uair le grúpa aosach Breaking Barriers ar an 22 Meitheamh 2022, dár ndráma faoin ngeandáil ghasta. Bhí léiriú eile againn le déanaí in Amharclann an Stack agus taithí iontach go deo a bhí anseo freisin. 

Tá áthas an domhain orm go ndeachaigh mé isteach i Breaking Barriers. D’athraigh sé mo shaol.”

Faigh tuilleadh eolais faoinár dtionscnaimh Óige Ildánach anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×