Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Bringing It All Back Home - Teacht slán ó phaindéim Covid-19 in éineacht

Scroll
4 min read

Bringing It All Back Home - Teacht slán ó phaindéim Covid-19 in éineacht

4 min read

1/10/20

Bringing It All Back Home - Teacht slán ó phaindéim Covid-19 in éineacht

"She'd write to me on Saturdays and send it on the boat"

Sa bhliain 1957 a d’fhág Máire Howard a háit dúchais in Inis Oírr ag déanamh ar Chicago i Meiriceá. Naoi mbliana déag a bhí sí ag an am. Trí bliana agus trí fichead dár gcionn, agus í anois sa Teach Altranais i bPáirc na Sceiche, Órán Mór, chas sí le hÓrla McGovern, scríbhneoir agus aisteoir, go dtabharfadh cuntas ar a saol agus ar a cuimhní cinn mar chuid den togra Bringing It All Back Home atá á rith ag Amharclann Halla an Bhaile.

Bringing It All Back Home

Open Video

D’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain Dul in Aois go Tairbheach agus ar Lá Idirnáisiúnta an Duine Scothaosta, Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair, sheol Amharclann Halla an Bhaile, le cúnamh taca ó Éire Ildánach agus ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, sraith deich gcinn de scannáin ina bhfeictear daoine d’aos ealaíne an cheantair in éineacht le daoine a bhfuil cónaí orthu i dTithe Altranais agus in Ionaid Cúraim ar fud na Gaillimhe.

Painéal ealaíontóirí atá lonnaithe i nGaillimh a chuir ‘Bringing It All Back Home’ le chéile.  Chas siad i rith an tsamhraidh le daoine atá ina gcónaí i dTithe Altranais agus in Ionaid Cúraim i gcathair na Gaillimhe agus ar fud an chontae. An comhrá a bhí eatarthu an t-ábhar spreagtha maidir leis an tsraith gearrscannánaíochta lena dtugtar léargas ar shaol dhaoine atá ag dul in aois agus an chaoi ar ghoill srianta Covid 19 orthu.

Nuair a tháinig an chéad ráig den Covid-19 níos luaithe i mbliana, is mór an t-ábhar buartha agus imní a bhí ann, agus go deimhin údar faitís, ag cuid mhór seandaoine agus tháinig de thoradh ar na srianta a bhí i bhfeidhm ar mhaithe le teacht ón ngéarchás – go háirithe i dTithe Altranais – leis an uaigneas a bhraith go leor.

D’fhonn cur in aghaidh an uaignis sin, thug Amharclann Halla an Bhaile cuireadh do Thithe Altranais agus d’Ionaid Cúraim i nGaillimh, i Maigh Cuilinn, in Órán Mór, i gCor an Dola, i nDroichead an Chláirín agus i dTuaim, duine a ainmniú a gcothófaí comhchaidreamh idir é nó í agus duine de phainéal lucht amharclannaíochta, ceoil agus scríbhneoireachta an cheantair.  De réir mar a chuaigh an togra chun cinn, rinneadh leathnú ionas gur tugadh daoine faoina scáth nach bhfuil cónaí orthu in áras cúraim le béim ar dhaoine a raibh na srianta ag goilliúint go mór orthu.

Nasc na healaíontóirí ansin caidreamh leis an duine san ionad cúraim agus le gaolta an duine sin (ar an fón nó ar Zoom nó i gcásanna áirithe, trí chuairteanna sábháilte a thabhairt).  Tugadh cluais dá gcuid scéalta agus cruthaíodh ina dhiaidh sin sraith de ghearrscannáin dhigiteacha lena mbaineann iléagsúlacht ó thaobh ábhair, cuntais ar nithe a thit amach le gairid, cur síos ar chuimhní cinn ó laethanta na hóige agus réimsí den saol idir eatarthu.

Ar phainéal na n-ealaíontóirí, bhí: Órla Mc Govern, scríbhneoir, aisteoir agus scéalaí; Emma O’Grady, aisteoir, scríbhneoir agus bainisteoir léiriúcháin; Maria Tivnan, stiúrthóir amharclannaíochta, agus Oisín Robbins; Sarah-Jane Scott, aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir; Rena Bryson agus Hazel Doolan, aisteoirí, scríbhneoirí agus stiúrthóirí;  Diarmuid de Faoite, aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir; Leo Moran agus Padraig Stevens, cumadóirí amhrán agus ceoltóirí; Ruth Smith, ceoltóir agus craoltóir.

Is mór ag Amharclann Halla an Bhaile an maoiniú a fhaightear ón gComhairle Ealaíon.  Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe cistíocht maidir le Bringing it all Back Home faoi Éire Ildánach mar chuid d’fheachtas an Rialtais maidir le Teacht Slán ó Covid-19 in Éineacht.  Leagtar béim leis an bhfeachtas sin ar an tábhacht atá le comhar na gcomharsan agus le caidreamh a choinneáil ar bun le daoine.

Tá an tionscnamh á rith i gcomhar leis na compántais Backstage Theatre sa Longfort (a cheap an togra ar dtús) agus an Pavilion Theatre i nDún Laoghaire agus á chomhordú ag Maisie Lee, saorstiúrthóir amharclannaíochta agus raidió atá ina cónaí in Órán Mór.  Chuir Amharclann Halla an Bhaile buíochas in iúl do Éire Ildánach agus do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a mhaoinigh an togra, do na healaíontóirí a bhí páirteach ann agus go háirithe do na hothair agus dá lucht cúraim.

Tá breis eolais faoin togra ar fáil anseo

Stay up to date

×