Skip to main content
Sandra Oman, Soprán, ag canadh ag Ceolchoirm Covid ag Teach Altranais Chárthaigh Naofa i Lios Mór, Co. Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne.

Náisiún
Ildánach

Spraoi as ceol beo do na saoránaigh is mó atá i mbaol agus ar an iargúil

Scroll
3 min read

Spraoi as ceol beo do na saoránaigh is mó atá i mbaol agus ar an iargúil

3 min read

29/09/20

Spraoi as ceol beo do na saoránaigh is mó atá i mbaol agus ar an iargúil

Le cabhair ón gclár Éire Ildánach, chuir Mobile Music Machine agus Féile Ceoldrámaíochta Ghleann Abhainn Mhór na Mumhan tionscnamh suntasach maidir le ceol beo ar siúl i líon is mó ná 80 áras cúraim cónaithe ar fud na hÉireann i mí Lúnasa agus mí Meán Fómhair. Gerald Peregrine, dordveidhleadóir, atá i mbun Mobile Music Machine a bhfuil de rún acu ceol clasaiceach den scoth a chur ar siúl do na daoine is mó atá i gcontúirt agus dóibh siúd is géire a dtéann paindéim COVID19 i bhfeidhm orthu.

Ó maolaíodh na srianta maidir le Covid-19 i mí Meithimh, d’fhéad Gerald agus a mheitheal oibre ceoldrámaíocht agus ceol clasaiceach a chur ar siúl beo do líon is mó ná 1,500 duine a bhfuil cónaí orthu in ionaid cúraim i bPort Láirge, i Loch Garman, i dTiobraid Árann, i gCiarraí chomh maith le hionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire. Eagraítear gach ceolchoirm de réir na dtreoirlínte maidir le Covid.  Amuigh faoin aer a chruinníonn an lucht cónaithe agus na baill foirne nó fanann siadsan taobh istigh leis na fuinneoga agus na doirse oscailte agus iad ag éisteacht leis an gceol ón taobh amuigh. Is mór an sásamh atá á bhaint as na ceolchoirmeacha agus tá cuid mhór de na hárais cúraim ag iarraidh go dtabharfaí cuairt arís orthu.

Deir Gerald Peregrine, stiúrthóir agus bunaitheoir Mobile Music Machine, “Má bhí ní ar bith a bhféadfaí a rá go mba dea-thoradh é ar an bpaindéim, tá aird a dhíriú ar an ngéarghá atá le caidreamh níos rialta leis na daoine is mó atá ar an iargúil.  Trí chuairteanna agus athchuairteanna a thabhairt ar árais cúraim ar fud na tíre le coirmeacha ceoil a chur ar siúl, tá súil againne cairdeas dlúth a chothú agus a bhuanú leis na daoine a bhfuil cónaí orthu iontu.  Dúirt cuid mhór linn go raibh iontas orthu ceoltóirí ar chaighdeán chomh maith a theacht ar cuairt ar an áras ina bhfuil siadsan ach is é ab fhearr linne go mbeadh sin ina ghnáthrud feasta.  Is léiriú na Ceolchoirmeacha Covid ar ár ndúthracht leanúnach maidir leis an bpobal áitiúil agus táthar buíoch den chlár Éire Ildánach agus de na húdaráis áitiúla éagsúla a chuidigh linn an tionscnamh buntábhachtach seo a thabhairt i dtreis”.

Tuairiscíonn Gerald, “Tá scéal aon bhean amháin ina shampla an léargais maidir leis an tionscnamh ar fad.  Dhá bhliain déag agus ceithre fichid a bhí sí agus í tar éis  = trí seachtaine a chaitheamh ar an leaba aici sular tharla ceolchoirm mhí Meithimh.  D’éirigh leis an lucht cúraim í a mhealladh as an leaba, ghléas sí í féin agus tháinig sí amach taobh amuigh.  Bhí an-spéis aici i gceol ar feadh a saoil agus dúirt sí linn nach raibh súil ar bith aici deis a fháil an chuid sin dá saol a thaithí arís.  Is  mór an t-athrú a tháinig ar a meon agus uirthi féin dá bharr sin agus deir sí gur fada léi go mbeidh an chéad cheolchoirm eile ar siúl!“.

Mar a chéile le hárais cúraim go leor ar fud na tíre, tá míonna fada imní agus eagla curtha isteach ag daoine i HavenWood.  Deir Regina Power, Ceannasaí Altrachta i HavenWood, go gcuidíonn an ceol beo le daoine a shuaimhniú agus an strus a scaipeadh. “Nuair a thosaigh Covid in Éirinn i mí Márta, ní raibh a fhios againn cad a bhí romhainn.  Dúnadh doirse an tí seo ar an 6 Márta.  Céadaoin na seachtaine sin, bhí gnáthlá ag gach duine, gaolta agus cairde istigh ar cuairt.  An lá dár gcionn, b’éigean dúinn dul timpeall ag míniú faoin dianghlasáil, go mbeadh orainn tosú ar chumarsáid a dhéanamh ar iPads nó ar an fón. An dtuigeann tú, bhí sin deacair orthu,” a deir sí. “Ní féidir ceol beo a shárú, an féidir?” a chuir sí lena cuid cainte.

Bhain Peggy Dunphy agus Bernie Quinn, a bhfuil cónaí orthu in  áras cúraim HavenWood, taitneamh as an gceolchoirm.  Deir Peggy Dunphy go gcoinníonn ceol beo “draíocht sa saol” aici. Is caitheamh aimsire an ceol ag Bernie Quinn, a chuidigh léi cur suas leis an dianghlasáil, “Airím go dtugann an ceol i saol eile uilig mé“.

Stay up to date

×