Skip to main content

Náisiún
Ildánach

4 thionscadal um ghníomhú ar son na haeráide ag tabhairt tonnta athraithe isteach

Scroll
6 min read

4 thionscadal um ghníomhú ar son na haeráide ag tabhairt tonnta athraithe isteach

6 min read

21/03/23

4 thionscadal um ghníomhú ar son na haeráide ag tabhairt tonnta athraithe isteach

Le Lá Idirnáisiúnta na bhForaoisí (21 Márta), Lá Domhanda an Uisce (22 Márta) agus Lá Domhanda Meitéareolaíochta na Náisiún Aontaithe (23 Márta) ag teacht sna sála ar a chéile an tseachtain seo, níl dada ar intinn againn ach an pláinéad agus na dúshláin aeráide a ghabhann leis. Leis an méid sin ar intinn againn, caithimid súil ar an obair iontach a bhain roinnt de na tionscadail um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide amach sa bhliain 2022.

Bhí na cúig cinn déag (15) de thionscadail thionscnaimh an chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, chomh spreagúil, tuisceanach agus uaillmhianach lena chéile. Áiríodh orthu seo, suiteálacha soilse suntasacha a léirigh leibhéil na farraige atá ag ardú i nGaillimh agus i Loch Garman, cláir thalmhaíochta thumthacha sa Daingean agus i  dTiobraid Árann, tionscadail dícharbónaithe i Luimneach agus i bPort Láirge, agus athghiniúint an chultúir deisithe agus athúsáide san Iarmhí.  

Thug an ciste seo, an chéad cheann dá leithéid san Eoraip, ealaíontóirí agus an earnáil chruthaitheach níos leithne, eolaithe aeráide, údaráis áitiúla agus grúpaí pobail le chéile, chun tionscadail a sheachadadh a chuireann feasacht chun cinn ar athruithe iompair atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide.

Mar thoradh ar rathúlacht an tionscnaimh, seoladh ciste nua €3.6 mhilliún i mí na Samhna   2022, Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide II: Gníomhairí an Athraithe, agus beidh an ciste á reáchtáil ó 2023-2025. 

 

Uisce, Uisce, i ngach uile áit | ACT Phort Láirge

Bhí ACT Phort Láirge ar an gcéad imeacht idirdhisciplíneach dá leithéid, a thug cúig phobal dhifriúla i gcathair agus i gcontae Phort Láirge agus cúigear ealaíontóirí cruthaitheacha le chéile agus é i gceist leis cabhrú le crios dícharbónaithe a dhéanamh do Phort Láirge faoin mbliain 2040. 

D’oibrigh foireann ACT leis na pobail agus leis na daoine cruthaitheacha seo chun aghaidh a thabhairt ar raon téamaí maidir le hathrú aeráide, lena n-áirítear, iompar bruachbhailteach, úsáid fuinnimh baile, gairneoireacht agus tomhaltas freagrach. Rinneadh cíoradh, sa tionscadal, a bhfuil na pobail ina croílár, ar an mbealach ina bhféadfadh daoine tabhairt faoi ghníomh stuama ar son na haeráide agus rinneadh iad a spreagadh agus tugadh tacaíocht dóibh ó thaobh bacainní i leith ghníomhú ar son na haeráide a bhreithniú agus réitigh áitiúla a fhiosrú.   

Ní raibh i dtionscadal na bithéagsúlachta, ach díreach gné amháin den obair atá idir lámha ag ACT Phort Láirge i leith ghníomhú ar son na haeráide, Ar son Grá don Uisce. Bhí sé i mar aidhm leis iniúchadh a dhéanamh ar an gceantar geografach mórthimpeall na Machan agus é sin a dhéanamh de shiúl na gcos nó ar rothar chomh fada agus is féidir, dlúthbhaint a bheith leis an tírdhreach agus ceangal a dhéanamh leis ar leibhéal níos doimhne. 

Chaith an t-ealaíontóir Kieran McBride, ceithre mhí i mbun rannpháirtíochta le líon grúpaí áitiúla; rinne Kieran siúlóidí dúlra a stiúradh trí bhogaigh Anna Valley le daltaí bunscoile agus leis an nádúraí a bhfuil aithne mhór air, Paddy Dwan; reáchtáil sé ceardlanna ealaíne, Slogans on Slates agus thug dreas cainte maidir le tábhacht na bithéagsúlachta i ngach éiceachóras.  

Ag na himeachtaí a raibh tóir mhór orthu, All Together Now agus Féile an Fhómhair Phort Láirge, reáchtáladh ceardlanna Water Warriors, lenar tugadh cuireadh do ghnáthóirí féilte maisc laochra uisce a dhéanamh as ábhair in-bhithmhillte bunaithe ar an nádúr.   

Díríodh i mí Iúil ar an bhflúirse feamainne atá thart ar Chósta Phort Láirge nuair a thug an garraíodóir mara, Marie Power agus rannpháirtithe faoi fhámaireacht thart faoin gcósta ag Staid an Chuais i mBun Machan – gar do bhéal na Machan – áit a rabhthas ag baint feamainne leis na glúnta.  Bhí an grúpa ar thóir foráiste maidir le feamainn inite, ag aithint agus ag sampláil na gcineálacha is blasta agus ag foghlaim lena n-úsáid sa chócaireacht laethúil.    

"Mar an pièce de résistance ar théama uisce an tsnáithe bithéagsúlachta seo, bhí Féile Le Grá don Uisce i mí Lúnasa "

Mar an pièce de résistance ar théama uisce an tsnáithe bithéagsúlachta seo, bhí Féile Le Grá don Uisce i mí Lúnasa. Ó thaobh na féile den scoth H2O seo i gCoill Mhic Thomáisín thóg ACT Phort Láirge campa típí agus bunchampa mór, ar baineadh úsáid astú don ealaín, do cheol, do dhíospóireacht agus do cheardlanna le téamaí tionscadail ar nós buantalmhaíocht agus an saol faoi na fánsruthanna. 

Léirigh rannpháirtithe an imeachta, i dtaighde tar éis don tionscadal a bheith tugtha chun críche, go raibh eolas i bhfad níos fearr acu ar an gcomhshaol anois, ag tabhairt le fios “cé chomh luachmhar is atá uisce” agus thug chun cuimhne an méid a bhí foghlamtha acu maidir “leis an méid atá ag tarlú dár líonraí uisce atá mórthimpeall orainn a bhfuil ardmheas againn orthu.” Agus déanta na fírinne, “an draíocht a bhaineann leis an Mhachain.”

Níl anseo ach díreach blaiseadh den obair atá idir lámha ag ACT Phort Láirge 2022 maidir le Gníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide, is féidir tuilleadh a léamh faoin tionscnamh anseo.

Above: Greenhills story map, Ripple

An Tionchar| Ripple, Béal an Átha

Is é a bhí mar chur chuige i gContae Mhaigh Eo, athdhearadh a dhéanamh ar spásanna poiblí trí uisce ag tógáil teacht aniar ó thaobh na haeráide agus tairbhí sóisialta san áireamh.  

Bhí foireann tionscadail Ripple i mbun oibre leis an bpobal i mBéal an Átha chun tuiscint a fháil air agus mapáil agus taifeadadh a dhéanamh ar a dtaithí, a dtuairimí agus ar a n-eolas ar na spásanna glasa ina gcomharsanacht maidir le huisce agus athrú aeráide.  

Chomhroinn muintir na háite, trí phróiseas ina raibh sé cinn de cheardlanna, a léargas, a n-uaillmhianta agus a ndóchas ó thaobh a gcomharsanachtaí, agus rinne dearadh i gcomhar le chéile ar shé cinn déag (16) de thionscadail fhéideartha le gluaiseacht uisce, bithéagsúlachta agus luach taitneamhachta chodanna d’eastát tithíochta Greenhills a fheabhsú. 

Le spásanna glasa coitianta in eastáit tithíochta fud fad na hÉireann, agus arbh ionann iad agus acmhainn shuntasach nach bhfuil leas bainte astu fós maidir le gníomhú ar son na haeráide agus le haidhm Bhéal an Átha a bheith ar an mbaile is glaise in Éirinn faoin mbliain 2025, bhíothas thar a bheith tógtha le bunathrú féideartha Greenhills mar spás poiblí atá comhtháite go sóisialta ina bhfuil teacht aniar ó thaobh uisce de agus atá táirgiúil.

Chaith muintir na háite vóta don dearadh ab fhearr leo – Gairdín Pharthais – tearmann don fhiadhúlra, don nádúr agus do dhaoine, a dhéanann athshamhlú ar chuid den eastát atá aitheanta a bheith tais ach ag a bhfuil acmhainn mhór lena bheith mar thaitneamhacht ina bhfuil teacht aniar ó thaobh na haeráide de agus atá ionchuimsitheach.

Ripple rannpháirtí

"Mar gheall gur taispeánadh na tionscadail agus na smaointe go léir dúinn i dtús báire, cuireadh ar na súile dúinn gur féidir go leor a dhéanamh don athrú aeráide”

D’oibrigh an t-ailtire tírdhreacha, bunaithe ar an nádúr, Roisín Byrne, le muintir na háite chun dearadh na hidile mealltaí seo a fhorbairt. Le himeachtaí maidir le hathrú uisce agus gníomh altrúíoch ina chroílár, tá Gairdín Pharthais agus a chur chuige comhdheartha ann féin mar bhunús leis an tionchar atá ag sceitheadh amach ó Greenhills chomh fada leis an bpobal níos leithne. 

Bailítear uisce agus treoraítear isteach i ngairdín íslithe é, gairdín ina bhfuil ceapóga glasraí ardaithe, úllord beag le crainn úll dúchasach, áit suí, plandaí pailneora dúchasacha agus plandlann crann, a chuireann moill ar an sreabhadh uisce báistí agus a thugann an deis do phlandaí a oireann don bháisteach roinnt den uisce luachmhar seo a shúigh isteach. 

Rinneadh nascadh freisin, ar feadh thréimhse saoil bliana an tionscadail, idir muintir Greenhills agus Gairdín Pobail Karen i mBéal an Átha, a chomhroinn a gcuid eolais, taithí agus plandaí go fonnmhar leis an ngrúpa croíláir a bheidh ag tabhairt aire do Ghairdín Pharthais amach anseo.  Rinne an tÉiceolaí, Martin McGarrigle, ceardlann a stiúradh freisin a d’fhéach ar fholláine uisce na Brosnaí, a shníonn taobh leis an eastát agus fuarthas amach go raibh flúirse eascann, ribí róibéis agus go leor feithidí eile ann.   

Tugadh an tionscadal chun críche, tráth a ndearnadh mapáil ar an Tionchar agus ar féachadh ar an tionchar a bhíonn ag cumhachtú ó thaobh athruithe a dhéanamh go háitiúil a théann chun leasa don phobal, do bheatha phlandúil agus do speiceas eile. Trí naisc a chruthú, agus trí ghníomhartha agus tionscadail eile a chur chun cinn, is féidir spreagadh a dhéanamh ar an uile dhuine chun troid ar son a gcomharsanachtaí, ar son na bithéagsúlachta agus ar son spásanna comhroinnte ina bhfuil teacht aniar ó thaobh na haeráide de.  

Scaipeadh ceistneoir ar gach teaghlach de na 205 teaghlach i Greenhills nuair a cuireadh tús leis an tionscadal, chun tuiscint a fháil ar cé chomh buartha a bhí muintir an eastáit faoi athrú aeráide, cé chomh cumhachtaithe is a mhothaigh siad chun tabhairt faoin ghníomh agus chun tuiscint a fháil ar a gcaidreamh le huisce. Mar thoradh ar an suirbhé fuarthas amach go raibh 88% de na háitritheoirí ag spáráil uisce sa bhaile, go raibh a bhformhór buartha faoi athrú aeráide agus gur mhothaigh 58% cumhachtaithe chun tabhairt faoi ghníomh.  

Scaipeadh an dara ceistneoir nuair a bhí an tionscadal tugtha chun críche, thaispeáin na freagraí gur mhothaigh os cionn 80% níos cumhachtaithe chun tabhairt faoi ghníomhartha tar éis a bheith bainteach leis an tionscadal Ripple; go raibh níos mó eolais anois ag 88% maidir le hathrú aeráide tar éis dóibh a bheith rannpháirteach sa tionscadal; agus go raibh sé ar intinn ag 81% de na freagróirí tabhairt faoi ghníomh nó iompar a athrú tar éis a bheith rannpháirteach sa tionscadal. 

“Mar gheall gur taispeánadh na tionscadail agus na smaointe go léir dúinn ag an tús, chuir sé ar na súile dúinn gur féidir go leor a dhéanamh d’athrú aeráide”, a dúirt freagróir dóchasach amháin.

Seo léargas ar obair Ripple 2022 um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide, léigh tuilleadh maidir lena gcuid iarrachtaí anseo.

Fuinneamh faoi úinéireacht áitiúil, leas sóisialta agus grianchumhacht | Siopa Fuinnimh Challainn, Cill Chainnigh

I gContae Chill Chainnigh, bhí an stair maidir le fuinneamh pobail mar inspioráid do thionscadal lena ndéantar iarracht muintir na háite a spreagadh tabhairt faoi ghníomh ar son na haeráide ar bhonn práinne.   

Chomh fada siar leis an mbliain 1909, bhí stáisiún ginte leictreachais faoi úinéireacht áitiúil i gCallainn, a bhunaigh lucht gnó áitiúil. Sa lá atá inniu ann, beagnach 100 bliain níos deireanaí, tá smaointeoireacht shamhlaíoch maidir le fuinneamh le brath sa bhaile arís – agus níos tábhachtaí fós, ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus atá faoi úinéireacht áitiúil. 

Beartaíodh cuideachta fuinnimh seachbhrabúsach mar thob-shiopa le smaointe móra a mhalartú, a bhunú i gcroílár an bhaile, is iad Compántas Amharclannaíochta Asylum Production a chuir tús leis i gcomhar le Compántais Sorcais Loosysmokes agus le Colm Byrne ó Fhuinneamh Pobail Challainn. Reáchtáladh an clár uaillmhianach trí seachtaine seo i mí Aibreáin, 2022, tionscadal nuálach rannpháirtíochta pobail a bhfuil sé mar aidhm leis athshamhlú a dhéanamh ar sholáthar fuinnimh an bhaile agus éascú a dhéanamh ar thús a chur as an nua le comhrá pobail.  

Bhí an ‘mol sóisialta’, ar chroílár fisiciúil an tionscadail, spás sealadach do chomhrá idirghníomhach agus do thaispeántas (agus iar-mhonarcha Callan Bacon) a bhí anseo a d’fháiltigh roimh rannpháirtíocht mhuintir na háite. Cé nach bhfuil iarStáisiún Cumhachta Challainn i mbun oibre níos mó agus nach bhfuil aon cheangal ann leis an eangach, ritheadh, mar chuid den tionscadal, an foirgneamh agus clár poiblí ar ghrianchumhacht, a sholáthraíodh ó aonad gineadóra gréine sealadach sa charrchlós lasmuigh. Chomh maith leis sin, suiteáladh sorn ina ndóitear millíní chun an foirgneamh a théamh. Rinneadh na hidirghabhálacha seo a dhearadh chun idirphlé a spreagadh agus tús a chur le comhrá maidir le féidearthacht fuinnimh inbhuanaithe agus féinriar, agus le léiriú praiticiúil a thabhairt do na rannpháirtithe maidir leis an teicneolaíocht a úsáid.  

Rannpháirtí ó Callan Energy Store

" “Tá go leor daoine ann atá trína chéile maidir leis an ngéarchéim aeráide... mhothaigh sé seo ar an gcéad chéim dhearfach dúinn i dtreo bealach inar féidir linn ár gcion a dhéanamh agus fíor-thorthaí a fheiceáil”"

Chuir na gníomhaíochtaí seo tús le comhráite tábhachtacha, le go leor gníomhaíochtaí thart ar fhuinneamh inbhuanaithe agus giniúint fuinnimh, go comhrá thart timpeall an bhoird sa bhaile go maidineacha caife go cláir faisnéise agus seisiúin maidir le heolaíocht faisnéise. Bhí an clár imeachtaí spraíúil, faisnéiseach agus idirghníomhach agus tugadh cuireadh don phobal a dtomhaltas fuinnimh agus na féidearthachtaí ó thaobh táirgeadh fuinnimh a bhreithniú agus a scrúdú. 

I measc roinnt de na suiteálacha cruthaitheacha a spreag fiosracht mhuintir na háite, bhí, gineadóir leictreach a bhí á chumhachtú ag rothar agus é ceangailte le cumascóir a bhí ag feidhmiú mar dhéantóir smúdaí faoi chumhacht duine; cluiche rásaíochta carranna Scalextric, raidiónna á gcumhachtú ag rothar, oibreacha maidir le súiteán fuaime, agus gan ‘Coirnéal Leictrealaithe ‘Rusty’s O’Tool a fhágáil amach folcadán leictrealaithe grianchumhachtaithe cliste le meirg a bhaint de shean-uirlisí.

Le 93.75% de na daoine a cuireadh faoi shuirbhé ag tabhairt le fios go raibh sé ar intinn acu tabhairt faoi ghníomh nó a n-iompar nó a stíl mhaireachtála a athrú tar éis a bheith i Siopa Fuinnimh Challainn, thug rannpháirtí amháin ar aird:

“Tá go leor daoine ann atá trína chéile maidir leis an ngéarchéim aeráide agus leis an mbealach inar féidir leo dul in oiriúint agus a bheith mar chuid den réiteach; bhraitheamar an méid sin ar an gcéad chéim dhearfach i dtreo bealach inar féidir linn ár gcion a dhéanamh agus fíor-thorthaí a fheiceáil agus an fód a sheasamh.”

Níl anseo ach díreach cuid den obair atá idir lámha ag Siopa Fuinnimh Challainn 2022 chun gníomhú go cruthaitheach ar son na haeráide, léigh tuilleadh maidir leis an tionscadal anseo.

Above: RISING on the Liffey

Casadh na Taoide | RISING, Cathair Bhaile Átha Cliath

Trí mheascán cruthaitheach de cheardlanna praiticiúla, suiteáil closamhairc nuálach agus sárthaispeántas ar chur i láthair poiblí, thug an tionscadal RISING grúpa ilghnéitheach de chónaitheoirí buartha Dhugthailte Bhaile Átha Cliath le chéile chun tabhairt faoi ghníomh cruthaitheach ó thaobh na haeráide de ina gceantar. 

Bhí an tionscadal fíor spéisiúil seo á stiúradh ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) agus ag Compántas Amharclannaíochta Brokentalkers, i gcomhar le Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus le Stiúideo Léirithe Cruthaitheach Algorithm. 

Chuir Brokentalkers tús leis an tionscadal trí rannpháirtíocht a thabhairt don lucht cónaithe áitiúil agus do ghrúpa óige, go háirithe, Ionad Acmhainní St. Andrew’s, Sráid an Phiarsaigh. Chuir siad faoi agallamh, chun tuiscint a fháil ar thionchar féideartha athrú aeráide ar Dhugthailte Bhaile Átha Cliath, líon den lucht acadúil atá gníomhach sna disciplíní a bhaineann le haeráid i TCD.  

Rinne Brokentalkers agus stiúideo léirithe Algorithm, forbairt ansin ar eispéireas closamhairc thumthach a cuireadh i láthair ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath i mí Deireadh Fómhair 2021. Cuireadh saothar a bhí oiriúnach don láthair ar fáil ar bhallaí na Life thart timpeall Ché Sir John Rogerson agus ar Ché Theach an Chustaim agus bhain an lucht féachana úsáid as an bhfón póca chun éisteacht le saothar closamhairc a bhí á chur i láthair ag duine de lucht cónaithe Shráid an Phiarsaigh, Kym Delaney. Ag an am céanna, taispeánadh sraith téacsanna agus beochana trí shúiteán solais ar bhallaí na gcéanna. D’aithris Kym saothar 20 nóiméad inar samhlaíodh todhchaí nár tugadh faoi aon ghníomh maidir le hathrú aeráide, agus léirítear an tionchar go háitiúil ar na dugthailte, agus ar bhonn domhanda. Cuireadh thart ar 672 ticéad saor in aisce in áirithe don léiriú thar thrí lá na féile. 

RISING rannpháirtí

"“Is minic a bhíonn imní orm gur cuma le duine ar bith faoi chúrsaí nó nach bhfuil an oiread sin tionchair ag mo chuid gníomhartha ... is údar dóchais dom casadh le daoine atá paiseanta agus a bhfuil imní orthu féin”"

Díríodh sna céimeanna eile den tionscadal ar an lucht cónaithe a chumhachtú le scrúdú a dhéanamh ar an gcastacht a bhaineann le saincheisteanna na haeráide trí cheardlanna lena bhfuil baint ag cleachtadh cruthaitheach rannpháirtíochta. Scríobh na rannpháirtithe síos samplaí d’athruithe iompair a d’fhéadfadh athrú aeráide a mhaolú agus a d’fhéadfaí a dhéanamh go haonar, i gcomhar le chéile nó go córasach agus cuireadh na moltaí ar ‘Bhalla an Athraithe’. 

Dúirt rannpháirtí amháin le linn an phróisis: “Sin go díreach a theastaíonn uaim a rá, is údar sóláis dom é … D’fhéadfadh na húdair imní atá agam a bheith mar chúis le roinnt crá croí. Mothaíonn sé cosúil le taithí atá an-uaigneach uaireanta. Is minic a bhíonn imní orm gur cuma le duine ar bith faoi chúrsaí nó nach bhfuil an oiread sin tionchair ag mo chuid gníomhartha, … is údar dóchais dom casadh le daoine atá paiseanta agus a bhfuil imní orthu féin.”

Bhí meas ag go leor de na rannpháirtithe, ar an gceangal agus an rochtain níos fearr le TCD, go háirithe: “Is cás thar a bheith neamhghnách atá ann léachtaí a bheith á gcur ar fáil dúinn, léachtóirí eolaíochta atá ceangailte le agus/nó atá ina bpáirtithe leasmhara i bhfreagra foriomlán na hÉireann i leith saincheisteanna aeráide a bheith ag tabhairt léachtaí dúinne ar bhonn seachtainiúil agus iad á gcumhachtú le faisnéis agus le smaointe maidir leis an méid atá le déanamh mar fhreagra. Is cás thar a bheith neamhghnách atá ann agus mothaím faoi phribhléid.”

Ar thaispeántas deiridh an tionscadail bhí cur i láthair poiblí dhá oíche in Acadamh Náisiúnta Drámaíochta Lir, Cé na Canálach Móire. Rinne na rannpháirtithe cleachtadh ar script scríofa a bhí curtha le chéile ag Brokentalkers, inar léiríodh ina bhfocail féin, trína gcuid cleachtadh ar scríbhneoireacht chruthaitheach, comhrá agus feabhsúcháin le linn na gceardlann. Chuir na rannpháirtithe léirithe corraitheacha i láthair sa seó a mhair uair an chloig, agus iad ag machnamh ar a dturas sna míonna roimhe sin, rud a thug léiriú ar chur chuige difriúil ó thaobh dul i ngleic le gníomhartha ar son na haeráide.  

Mar a dúirt rannpháirtí amháin, “táimid á gcur féin chun cinn do rud éigin atá níos mó … agus mar sin i ndeireadh an lae, ní amháin go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar athrú aeráide ach is cúis atá ann ó thaobh dul ar thóir rud éigin atá níos mó ná sinne. Agus, ar bhealach éigin, tá an timpeallacht níos mó ná sinn féin.  Táimid ag brath ar an gcomhshaol.”

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an obair atá idir lámha i dtionscadal RISING sa bhliain 2022 anseo

 

Níl anseo ach beagán de thionscadail lucht faighte ciste na cúig cinn déag (15) de thionscadail um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide 2022, léigh tuilleadh maidir leis an gcuid eile inár mblag, nó aimsigh eolas níos doimhne maidir le tuarascálacha deiridh roinnt de na tionscadail sa chuid ar Fhoilseacháin.

Stay up to date

×