Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Comhrá Portráidíochta

Scroll
2 min read

Comhrá Portráidíochta

2 min read

11/03/21

Comhrá Portráidíochta

D'eisigh na húdaráis áitiúla i Ros Comáin, i Sligeach, i Liatroim agus i nDún na nGall gairm scoile le gairid do dhaoine a bhfuil 70 bliain slán acu atá ag déanamh cocúin faoi láthair agus a mbeadh suim acu suí do phortráid a phéinteáilfeadh Andy Parsons agus iad ar dhá láthair.

Roghnaíodh sé dhuine dhéag as na ceithre contae agus chuaigh Andy i mbun oibre.  Rinneadh trí sheisiún ar Zoom agus Andy Parsons ag péinteáil na portráide le linn don chomhrá a bheith ar siúl agus aithne á chur aige ar gach duine acu.  B’iontach an deis a bhí ann eolas a chur ar na bealaí a bhí ag na daoine críonna chun déileáil leis an saol ó tháinig an aicíd Covid-19 chun cinn.

I gcúiteamh ar a gcuid ama a chaitheamh leis an obair, tá socraithe ag Andy go dtugtar an saothar críochnaithe go dtí áras cónaithe na ndaoine críonna.  Táthar ag súil go mbeidh deis ag slám beag daoine, gaolta agus dlúthchairde agus baill foirne an phortráid a fheiceáil, ag brath ar na srianta atá i bhfeidhm ag an am maidir le Covid.

Above:

Feictear anseo Maisie atá 97 bliana d’aois agus cónaí uirthi i dteach altranais de chuid Sonas, Co. Ros Comáin. Ó thosaigh paindéim Covid-19 tá súil ghéar coinnithe ag Maisie ar a bhfuil ag tarlú í ar an eolas faoi na scéalta nuachta ar fad.  Is é meon an dóchais atá go seasta aici, tuiscint iomlán á léiriú aici ar a bhfuil ag athrú ina timpeall agus í ag cloí lena creideamh i gcónaí agus ag guí go bhfuil laethanta níos fearr ag teacht.  Dúirt an t-ealaíontóir, Andy Parsons, gur bean í a bhfuil spreagadh agus misneach inti.  Tá an phortráid anois ar crochadh ar an mballa ag Maisie.

Beidh na portráidí á gcur ar taispeáint ar láithreáin gréasáin na nÚdarás Áitiúil agus ar láithreán gréasáin Fhéile na Bealtaine agus ar an leathanach Facebook ag an scéim Age & Opportunity. Comhar páirtnéireachta idir na húdaráis áitiúla i Ros Comáin, i Sligeach, i Liatroim agus i nDún na nGall agus an scéim Age & Opportunity atá á rith faoin gclár Éire Ildánach.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×