Skip to main content

Náisiún
Ildánach

“Daoine tiomanta i bpobail áitiúla atá ag iarraidh dul i mbun na hatógála agus an athshamhlaithe”

Scroll
2 min read

“Daoine tiomanta i bpobail áitiúla atá ag iarraidh dul i mbun na hatógála agus an athshamhlaithe”

2 min read

10/08/22

“Daoine tiomanta i bpobail áitiúla atá ag iarraidh dul i mbun na hatógála agus an athshamhlaithe”

Thug iriseoir de chuid an Irish Times, Deirdre Falvey, cuairt le gairid ar phobal i Ros Comáin atá i mbun athmheasúnuithe ar oidhreacht phortaigh Bhord na Móna agus inbhuanaitheacht ar intinn acu.

Rinne Rialtas na hÉireann sna 1950idí, maoiniú ar thógáil líon sráidbhailte d’oibrithe i suíomhanna i lár tíre mar phobail phleanáilte dóibh siúd a d’athlonnaigh le dul ag obair do Bhord na Móna.

Is comóradh ar a n-oidhreacht iad Sráidbhailte na nOibrithe agus iniúchadh ar an méid is féidir a fhoghlaim ó na sráidbhailte seo agus a ndearaí agus muid ag dul i dtreo todhchaí inbhuanaithe, agus tá siad ar cheann de na 15 tionscadal atá maoinithe trí Chiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Tá an tionscadal, atá á stiúradh ag Foras Ailtireachta na hÉireann (IAF) agus ag eagraíocht timpeallachta, an Plean Gníomhaíochta Domhanda, lena ndéanann foirne dearthóirí agus lucht taighde faoi stiúir ailtire iniúchadh ar an oidhreacht agus ar an bhfís maidir le sráidbhailte an ailtire, Frank Gibney, a raibh an-mheas air. Déantar iniúchadh sa tionscadal freisin ar an mbealach inar féidir prionsabail Gibney a chuir i bhfeidhm ó thaobh timpeallacht atá ag athrú, go háirithe agus Bord na Móna ag aistriú ó úsáid na móna chun fuinneamh a ghiniúint.  

Above:

Dírítear i ngné alt an Iriseora, Deirdre Falvey san Irish Times i mí Iúil 2022, ar thiomantas agus ar fhís an phobail atá bainteach le tionscadal Shráidbhailte na nOibrithe.  

“Tá samhlaíocht agus beartaíocht iontach i gceist anseo agus daoine i bpobail áitiúla atá tiomanta ag dul i mbun atógála agus an athshamhlaithe.”

Léigh an ghné alt ina iomláine tríd an Irish Times: Bog villages after peat production ended: ‘What grew afterwards was amazing: the wildlife, the biodiversity’

Léigh tuilleadh anseo faoi thionscadal Sráidbhailte na hOibrithe agus faoi 14 tionscadal eile an Chiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide.

Stay up to date

×