Skip to main content
mockups-design.com

Náisiún
Ildánach

Seachtain na hInchinne Cruthaithí 2023

Scroll
min read

Seachtain na hInchinne Cruthaithí 2023

min read

28/02/24

Seachtain na hInchinne Cruthaithí 2023

Is ócáid cheannródaíoch de chuid na hÉireann í Seachtain na hInchinne Cruthaithí a chruthaíonn nasc idir eolaíocht na hinchinn agus an chruthaitheacht, agus a chothaíonn smaointe nua don tsochaí, don chultúr agus don tsláinte. Tógfaidh sé do cheann!

Comhoibriú atá ann idir Creative Aging International agus The Global Brain Health Institute i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i measc a lucht tacaíochta tá clár Éire Ildánach. Níor thóg sé i bhfad air aird a tharraingt air féin go háitiúil agus go hidirnáisiúnta agus scrúdú á dhéanamh, ar bhealach taitneamhach, ar an gcaoi a dtagann eolaíocht na hinchinne agus an chruthaitheacht le chéile.

Bhí 120 láithreoir i láthair ag céad Sheachtain na hInchinne Cruthaithí agus labhair siad faoi go leor ábhar imní chomh maith le deiseanna.  Tharla sé agus paindéim dhomhanda Covid-19 ag teannadh le “gnáthshaol nua” tráth a raibh an-tóir ar an nath “atóg níos fearr”. Ba é an cúlra a bhain leis an dara ceann acu seo ná comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta.

B’fhéidir gurbh iad a dá rud seo a thug spreagadh don mhachnamh ag Seachtain na hInchinne Cruthaithí 23 ar nádúr na gcóras cúraim, a gcultúr, agus cúinsí fadtéarmacha.

Má fhaighimid brionglóidi ár seantuismitheoirí le hoidhreacht mar institiúidí, nó códaithe mar chultúr, an mbíonn a fhios againn má thagann athrú ar na fadhbanna a raibh siad ag brionglóideach fúthu? Cén chaoi a bhféadfaidh muid ár mbrionglóidí féin a chruthú?

Tugann leabhar nuafhoilsithe, Creative Brain Week – Knowledge Making, na smaointe seo chugainn sa bhfocal clóite.

Léiríonn na heolaithe dúinn an chaoi a mbaineann an choimhlint, mar phríomhchúis le drochshláinte, leis an duine aonair chomh maith leis an tsochaí.

Tugann saineolaithe a bhíonn ag plé leis an idirghabháil chruthaitheach léargas ar an gcaoi gur tháinig, le blianta fada, buntáistí éagsúla as na cleachtais ealaíon, ceardaíochta agus cruthaitheacha.

Breathnaítear sa leabhar ar an ról atá ag an dóchas sa chúram sláinte. Pléitear córais sláinte agus córais cúraim nach dtosaíonn amach sna córais bhithleighis, ach i réimse an chultúir. Déantar staidéar ar an ról atá ag an gcruthaitheacht sna céimeanna is luaithe d’fhorbairt na hinchinne agus sna céimeanna deiridh de shaol an duine.

Is féidir leat cóip de Sheachtain na hInchinne Cruthaithí – Cruthú Eolais a íoslódáil  I mBéarla, Gaeilge, Spáinis agus Portaingéilis

 

 

I mí na Samhna 2023, bhí an foilseachán seo ina ábhar plé nuair a tháinig saineolaithe ó gach cearn d’Oileán na hÉireann le chéile sa Mac i mBéal Feirste. Bhí daoine as disciplíní éagsúla ó gach cuid den Oileán ann agus iad i mbun comhrá lena gcomhghleacaithe idirnáisiúnta.

Ina dhiaidh sin, chuir sé seo bonn eolais faoi théamaí Sheachtain na hInchinne Cruthaithí 2024 “Aird. Ceangal. Grá (agus nuair nach leor iad?)”.

Above: mockups-design.com

Tabhair aclaíocht do d’inchinn!  www.CreativeBrainWeek.com

Stay up to date

×