Skip to main content
Pictured with artist Aga Krym are Lismore Tidy Towns and Waterford Slí are Mary O’Brien, Rose O’Dowd, David Keane, Sarah Keane, Nora O'Connor, BrÍd Nowlan and Shelia Roche at Lismore. Picture: Patrick Browne

Náisiún
Ildánach

Gníomhú go cruthaitheach ar son na hAeráide: ACT Phort Láirge

Scroll
3 min read

Gníomhú go cruthaitheach ar son na hAeráide: ACT Phort Láirge

3 min read

15/11/21

Gníomhú go cruthaitheach ar son na hAeráide: ACT Phort Láirge

Is iad iompar, fuinneamh tí, spásanna glasa agus an tomhaltas na téamaí lárnacha atá ag ACT Phort Láirge, ceann de 15 thionscadal ó gach cearn den tír atá á maoiniú ag Éire Ildánach trína chiste 2 mhilliún don Ghníomhú ar son na hAeráide go Cruthaitheach.

Oibreoidh Foireann Phort Láirge Ildánach i gComhairle Cathrach agus i gComhairle Contae Phort Láirge i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge chun oibriú le cúig phobal éagsúla ar fud na cathrach agus an chontae chun aghaidh a thabhairt, trí idirphlé, ar na téamaí ríthábhachtacha sin.

Trí dhaoine cruthaitheacha a earcú, úsáidfear cuir chuige shamhlaíocha chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo agus chun réitigh a phlé. I rith an ama, roinnfear an t-aschur ealaíonta cruthaitheach seo trí thaispeántais phoiblí agus go digiteach freisin. Ag garspriocanna tábhachtacha i rith na bliana, tabharfaidh cruinnithe i Halla an Bhaile — go pearsanta agus ar líne araon – deis do na pobail a dtaithí, agus an dul chun cinn atá déanta acu ó thaobh dul i ngleic leis na shaincheisteanna, a roinnt.

Cabhróidh suíomh gréasáin saintógtha leis na pobail, na daoine cruthaitheacha agus foireann an tionscadail íomhánna a thaispeáint agus an pobal a chur ar an eolas faoi imeachtaí comhroinnte faisnéise agus gnéithe eile. Úsáidfear leabharlanna, músaeim, gailearaithe agus féilte beoga Phort Láirge ar nós Spraoi, Waterford Walls agus Winterval, mar ardáin phoiblí do na pobail agus do na daoine cruthaitheacha atá i gceist.

Ó Mheán Fómhair 2021 go deireadh 2022, cabhróidh ACT Phort Láirge le pobail ar fud Phort Láirge agus iad ag cur le todhchaí inbhuanaithe agus iar-COVID a leabaíonn an chruthaitheacht sa phobal.

Faigh tuilleadh eolais faoin gciste um Ghníomhú ar son na hAeráide go Cruthaitheach

Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Phort Láirge www.waterfordcouncil.ie

Port Láirge Ildánach creativeireland.gov.ie/en/waterford

Seo é Port Láirge https://thisiswaterford.ie/creative-waterford

Calmast www.calmast.ie

Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge www.wit.ie

Stay up to date

×