Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Ag Dícharbónú le Chéile

Scroll
2 min read

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Ag Dícharbónú le Chéile

2 min read

5/11/21

Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide: Ag Dícharbónú le Chéile

Tabharfaidh Dhícharbónú le Chéile, cúig phobal i Luimneach le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaidís laghdú fiúntach a dhéanamh ar a lorg carbóin mar chuid dá saol ó lá go lá.

Díríonn an tionscadal ar a bheith ag déanamh agus ag cruthú le chéile trí chomhoibriú cruthaitheach a bhunú le comhpháirtithe i saol na healaíona agus sa tionscail chruthaitheacha agus tá tacaíocht aige ó Shaotharlann nua Nuálaíochta na Saoránach i Luimneach agus ó Shaotharlann Fab i Luimneach. Tá sé ar cheann de na 15 thionscadal atá maoinithe ag Éire Ildánach trína Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide go Cruthaitheach ar fiú €2 mhilliún é, agus a dhíríonn ar chur chuige cruthaitheach a fhorbairt a léiríonn na hathruithe atá riachtanach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus iad a chur i bhfeidhm. 

Cruthaitheacht, comhoibriú, dícharbónú

Fiosróidh gach grúpa gné den dícharbónú atá tábhachtach dóibh féin trí chomhoibriú cruthaitheach a bhunú le comhpháirtithe sna healaíona agus sna tionscail chruthaitheacha. Díreoidh an tionscadal ar a bheith ag déanamh agus ag cruthú le chéile chun go bhféadfar tionchar a imirt ar an iompar i leith dícharbónú i Luimneach.

Cuirfear tús le cur i bhfeidhm an tionscadail le sraith imeachtaí faisnéise agus laethanta ‘buail isteach’ i Saotharlann nua Nuálaíochta na Saoránach i Luimneach. Ansin, tar éis glao ar léirithe spéise arna roinnt ag Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Luimnigh, roghnófar cúig phobal spéise nó áite chun páirt a ghlacadh. Tabharfar cuireadh do na grúpaí seo foghlaim faoi phleananna Luimnigh mar a bhaineann leis an dícharbónú agus dúshlán dícharbónaithe, a bhaineann lena saol ó lá go lá, a shainaithint. Beidh na dúshláin seo mar bhonn le glao oscailte ar chomhpháirtithe na n-ealaíon agus an tionscail chruthaithigh oibriú le gach pobal chun aghaidh a thabhairt ar a ndúshlán, ag tarraingt ar réimse scileanna cruthaitheacha.

Beidh an tionscadal Dícharbónú le Chéile lonnaithe i Saotharlann Nuálaíochta na Saoránach Chomhairle Cathrach agus Chomhairle Contae Luimnigh, spás nua atá i Luimneach le haghaidh breathnóireachta, comhchruthaithe agus turgnamh, áit a mbeidh fáil ar uirlisí digiteacha – e.g. samhail fuinnimh na cathrach agus uirlis léarscáilithe pobail – agus uirlisí agus próisis neamh dhigiteacha mar thacaíocht don chomhoibriú. Féadfaidh na rannpháirtithe a n-éireoidh leo rochtain a fháil freisin ar Fab Lab i Luimneach, saotharlann spás déantúis agus déantús digiteach atá á reáchtáil ag Scoil na hAiltireachta in Ollscoil Luimnigh agus é lonnaithe san áit chéanna le Saotharlann Nuálaíochta na Saoránach ar Shráid an tSáirséalaigh.

Roinnfear na cúig aschur cruthaitheacha a bheidh mar thoradh ar an tionscadal Dícharbónú Le Chéile laistigh de líonraí na bpobal a bheidh rannpháirteach agus leis an bpobal níos leithne Luimnigh. Beidh taifead de gach comhoibriú stóráilte i Saotharlann Nuálaíochta na Saoránach Chomhairle Cathrach agus Chomhairle Contae Luimnigh, atá digiteach agus néalbhunaithe, le taifead oscailte eolais agus foghlama a chruthú a scaipfear agus a ndéanfar aithris air i Luimneach agus níos faide ó bhaile.

Cuirfear tús le cur chun feidhme an tionscadail Dícharbónú le Chéile i mí na Samhna 2021 agus leanfaidh sé ar aghaidh go Nollaig 2022. Beidh an tionscadal bunaithe ar an gcur chuige nuálaíochta oscailte a bhíonn faoi stiúir an phobail mar a bhaineann le rannpháirtíocht agus comhchruthú pobail, cur chuige a forbraíodh tríd an tionscadal Taighde agus Nuálaíochta +CityxChange H2020. Tá +CityxChange ar siúl i Luimneach faoi láthair agus iniúchadh á dhéanamh aige ar na bealaí a bhféadfadh cathracha a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050.

Faigheann Dícharbónú le Chéile tacaíocht ó chomhpháirtithe i réimsí éagsúla na taighde agus an tsaoil acadúil: Scoil Ailtireachta Ollscoil Luimnigh/Saotharlann Fab Luimnigh chomh maith le Roinn Eacnamaíochta OL, an comharghrúpa taighde agus deartha, Space Engagers, an stiúideo cruthaitheach Colaborativa.eu, agus Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Luimnigh.

Faigh tuilleadh eolais faoin gciste um Ghníomhú ar son na hAeráide go Cruthaitheach.

Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh limerick.ie

Fab Lab Luimneach  fablab.saulstudio.ie

Roinn Eacnamaíochta OL ul.ie/business/departments/department-economics

Comhpháirtithe Spáis spaceengagers.org

Colaborativa.eu colaborativa.eu

Stay up to date

×