Oibreoidh na tionscadail seo le pobail chun daoine a chumhachtú chun fíor-athruithe a dhéanamh ar an mbealach a n-idirghníomhaíonn siad leis an gcomhshaol.
Ag samhlú ardú leibhéal na farraige
Is é Línte na Farraige saothar na n-ealaíontóirí Timo Aho agus Pekka Niittyvirta, in éineacht leis na heolaithe Zoë Roseby (ó Choláiste na Tríonóide), Maeve Upton (Ollscoil Mhá Nuad), Gerard McCarthy (Ollscoil Mhá Nuad), agus Jamie Mathews (Imperial College London), chomh maith le hOifig Réigiúnach Gníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath.
Cruthóidh an tionscadal suiteálacha soilse ag láithreacha cósta agus suíomhanna oidhreachta na hÉireann chun na rioscaí a bhaineann le hardú leibhéal na farraige sa todhchaí a chur in iúl. Cuimsíonn gach suiteáil línte cothrománacha soilsithe a léiríonn leibhéil na farraige amach anseo mar a bhí tuartha ag gníomhaireachtaí taighde idirnáisiúnta mar an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide. Ó thráthnónta dorcha an gheimhridh go clapsholas an tsamhraidh, tarraingeoidh na suiteálacha daoine isteach sa phlé ar athrú aeráide.
Is fúinne atá an todhchaí
Le 40% de dhaonra na hÉireann ina gcónaí laistigh de chúig chiliméadar ón gcósta, cuirfidh na suiteálacha seo iarmhairtí diana an athraithe aeráide in iúl agus léireoidh siad an bealach gur féidir beart a dhéanamh go fóill don todhchaí.
Beidh acmhainn oideachasúil idirghníomhach ag gabháil leis na suiteálacha ar shuíomh Gréasáin Línte na Farraige, chomh maith le rogha físeán ag gabháil leis na suiteálacha agus a línte soilse dóibh siúd nach bhfuil in ann cuairt a thabhairt orthu agus do na glúine atá le teacht tagairt a dhéanamh dóibh.