Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte

Scroll
min read

Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte

min read

4/05/23

Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte

Tá sé d’aidhm ag tionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais leas a bhaint as cumas iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus dul i mbun rannpháirtíochta le gach pobal agus traidisiún le teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte. Is féidir muintearas idir na daoine ar fud oileán na hÉireann a bhaint amach trí dheiseanna cruthaitheachta do chaidreamh a chothú trí idirghníomhú sóisialta, rannpháirtíocht agus idirphlé.

Iarrtar sa tionscnamh maidir le Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte go gcuirfear le taithí agus saineolas uaillmhianta reatha straitéiseacha thuaidh-theas agus thoir-thiar (Éire-an Bhreatain) na n-údarás áitiúil agus go n-athrófar ó bhonn iad go líonra comhoibríoch ar fud oileán na hÉireann.  Tá sé beartaithe go n-aithneofar an chruthaitheacht ó dhúchas atá ag gach duine atá ina chónaí ar oileán na hÉireann agus go mbainfear úsáid aisti.

I gcomhréir le haidhmeanna thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais chun comhoibriú agus caidrimh thairbheacha a neartú ar fud oileán na hÉireann, tá gné Oileán Comhroinnte ar Chlár Éire Ildánach á cur i bhfeidhm ar an mbonn go bhfuil an ghné uile-oileáin nó thrasteorann lárnach do thionscadail agus go bhfuil gníomhaíocht shuntasach ar bun le comhpháirtithe agus daoine atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain.

Cuirfear líon iomlán €2.25 milliún ar fáil faoin gciste agus táthar ag súil go leithdháilfear na suimeanna seo a leanas:

  • Snáithe 1 : 4 x €250,000 (Bronnfar deontas amháin ar a laghad ar chomhpháirtíocht a bhaineann go sonrach leis an réigiún teorann)
  • Snáithe 2 : 25 x €50,000

Lorgaítear sa Chlár tograí cruthaitheachta scála atá le cur i bhfeidhm idir Meán Fómhair 2023 – Samhain 2025 ó aon cheann de na 31 Foireann Cruthaitheachta agus Cultúir de chuid na n-údarás áitiúil sa dlínse atá ag obair i gcomhar le comhpháirtithe ar fud oileán na hÉireann nó sa Bhreatain. Leis na tograí ba cheart go dtabharfaí caidrimh nó líonraí reatha na n-údarás áitiúil le chéile nó ba cheart go mbeidís nuálach ó thaobh comhoibrithe cruthaitheachta/pobail faoi stiúir an údaráis atá nua agus áitiúil a chruthú.

Is féidir na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna comhpháirtithe iarratais.

  • Institiúidí nó eagraíochtaí cultúir agus ealaíon
  • Comharghrúpaí, líonraí agus eagraíochtaí cruthaitheachta lena n-áirítear líonraí uile-oileáin
  • Comhlachtaí earnála poiblí lena n-áirítear údaráis áitiúla i dTuaisceart Éireann nó líonraí seanbhunaithe
  • Carthanachtaí nó eagraíochtaí neamhbhrabúis
  • Fiontair shóisialta
  • Líonraí agus grúpaí pobail
  • Cuideachtaí tráchtála gnó
  • Comhlachtaí taighde agus daonchairdis lena n-áirítear ollscoileanna
  • Pobail áite agus pobail chleachtais
  • Daoine Aonair (i Snáithe 2 amháin)

Beidh seimineár gréasáin eolais ar siúl Dé Luain an 15 Bealtaine. Cláraigh anseo

Ní mór iarratas a bheith comhlánaithe ar líne agus curtha ar aghaidh trí Submit.com faoi Dé hAoine an 30 Meitheamh 2023.

Ba cheart aon cheist a chur isteach chuig creativeireland@tcagsm.gov.ie

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×