Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Clár Éire Ildánach i gcomhpháirt le Fighting Words chun clár Story Seeds a chur ar fáil do 10,000 duine óg faoi Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais

Scroll
min read

Clár Éire Ildánach i gcomhpháirt le Fighting Words chun clár Story Seeds a chur ar fáil do 10,000 duine óg faoi Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais

min read

30/06/23

Clár Éire Ildánach i gcomhpháirt le Fighting Words chun clár Story Seeds a chur ar fáil do 10,000 duine óg faoi Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais

Tá sé mar aidhm ag Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte an Rialtais tairbhe a bhaint as lánacmhainneacht Chomhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, ceangal agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus chun gach pobal agus traidisiún ar an oileán a thabhairt isteach chun comhthoil a chothú ar thodhchaí coitianta. Tá Clár Éire Ildánach ag iarraidh úsáid a bhaint as an chruthaitheacht chun deiseanna a mhéadú do thograí cruthaitheacha agus cultúrtha trasphobail idir pháistí agus daoine óga.

Faoin chéad Phlean Óige Ildánach, chuaigh Clár Éire Ildánach i gcomhpháirt le Fighting Words chun clár Story Seeds a chur i bhfeidhm, a thug tacaíocht do dhaoine óga a scéal féin a scríobh chun tús a chuir le tuiscint s’acu ar a scéal beatha féin. Thug an togra seo réimse leathan aoisghrúpaí agus cohórt, go háirithe iad siúd a bhí i mbaol na himeallaithe agus in 2022 d’fhreastail an tacaíocht seo ar 12,000 rannpháirtí óg.

In 2023, rachaidh Éire Ildánach i gcomhpháirt le Fighting Words chun an clár Story Seeds a chur ar fáil faoi thogra Oileáin Chomhroinnte an Rialtais. I gcomhar le Fighting Words Tuaisceart Éireann, tá siad ag iarraidh gníomhaíochtaí trasphobail le páistí agus daoine óga a mhéadú trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí scríbhneoireachta cruthaithí comhroinnte. Agus iad ag obair le comhpháirtithe pobalbhunaithe, scoileanna, leabharlanna áitiúla agus ionaid ealaíon, agus le meantóirí deonacha trasphobail, cuirfidh Fighting Words gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar fáil a cheanglóidh páistí ó gach pobal, ó gach traidisiún, agus ón dá taobh den teorainn.

"Tá Clár Éire Ildánach ag iarraidh úsáid a bhaint as an chruthaitheacht chun deiseanna a mhéadú do thograí cruthaitheacha agus cultúrtha trasphobail idir pháistí agus daoine óga"

Cuireann Fighting Words teagasc agus meantóireacht i scríbhneoireacht chruthaitheach agus ealaíona gaolmhara ar fáil saor in aisce don oiread páistí, aosach óg agus daoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu agus is féidir. Tá sé mar aidhm acu cuidiú a thabhairt do pháistí agus daoine óga, agus daoine fásta nach bhfuair an deis seo mar pháistí, spéis a chuir i gcumhacht a samhlaíochta agus scileanna scríbhneoireachta chruthaithí, agus tairbhe a bhaint astu. Ina chroílár, tá rud i bhfad níos leithne agus níos ionchuimsithí i gceist le Fighting Words. Is é atá i gceist leis ná cleachtais chruthaitheacha na scríbhneoireachta agus na scéalaíochta a úsáid chun ár bpáistí agus ár ndéagóirí – ó réimse leathan cúlraí – a neartú agus iad ag cruthú a saol féin ar bhealach acmhainneach, cruthaitheach agus rathúil.

Chun níos mó a léamh faoi thionchar Story Seeds go dtí seo, is féidir an tuarascáil mheastóireachta a léamh anseo.

Stay up to date

×