Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Imeachtaí scanrúla agus cruthaitheacha d’Oíche Shamhna

Scroll
3 min read

Imeachtaí scanrúla agus cruthaitheacha d’Oíche Shamhna

3 min read

24/10/22

Imeachtaí scanrúla agus cruthaitheacha d’Oíche Shamhna

Agus an séasúr scanrúil tagtha faoi dheireadh tá sé in am a bheith cruthaitheach, a bheith ag snoí puimcín, ag bacáil bairín breac agus dul chuig roinnt imeachtaí spraíúla, scanrúla le haghaidh Oíche Shamhna!

Agus go leor imeachtaí ag tarlú ag an am céanna mar go bhfuil sosanna lárthéarma ag na scoileanna, seo é an bealach is fearr leis an teaghlach a thabhairt le chéile agus a bheith ag plé lenár n-oidhreachta agus leis na nósanna uathúla atá againn.

Níl iontu anseo ach cuid de na himeachtaí agus na tionscnaimh bunaithe ar théama Oíche Shamhna a bheidh ar siúl ar fud na tíre i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

I nDroim Lis, Co. an Longfoirt, bain sult as tráthnóna eachtrúil le linn duit a bheith ag leanúint Chosán iontach na bhFear Bréige atá acu. Níl le déanamh agat ach do léarscáil a bhailiú san Ionad Pobail agus an cosán a leanúint chun spraoi a bhaint as na fir bhréige iontacha atá scaipthe ar fud an tsráidbhaile.

An bhfuil fonn ceardaíochta ort? Déan fear bréige de do chuid féin agus cuir isteach ar chomórtas fear bréige! Is é téama na bliana seo ná ‘Music Idols’ agus féadfar gairdíní ionadacha a thabhairt do lucht déanta na bhfear bréige nach bhfuil cónaí orthu in aice láimhe, ionas gur féidir a gcruthuithe scanrúla a thaispeáint go bródúil.

An 30 Deireadh Fómhair | Faigh tuilleadh eolais: Cosán na bhFear Bréige

two autumn scarecrows_Scarecrow Trail Longford

 

Tá rudaí ceaptha a bheith scáfar i gContae Thiobraid Árann leis an gCosán Oíche Wild Hunt de chuid Scanradh sa Chathair. Sár-thaispeáint amhairc a bheidh anseo, cuir ort an chulaith is scanrúla dá bhfuil agat (tá duaiseanna ann don ghléasadh is fearr) agus bí réidh chun bualadh le scata de charachtair aisteacha agus scáfara ar an mbealach. Tá an ócáid seo saor in aisce ach beidh ticéad uait.

An 30 Deireadh Fómhair | Faigh tuilleadh eolais: Scanradh sa Chathair

Scare in Cahir event, illustration of haunted house on a hill

 

"Reáchtálfar trí lá de thaispeáintí agus d’imeachtaí do lucht leanúna an uafáis, na fantaisíochta agus na scannán sci-fi i gCo an Chláir"

Cé nach n-oirfeadh siad seo don té atá anbhách, reáchtálfar trí lá de thaispeáintí agus d’imeachtaí do lucht leanúna an uafáis, na fantaisíochta agus na scannán sci-fi i gCo an Chláir. Ag Féile Scannán Iontach Idirnáisiúnta Inse taispeánfar clár iontach d’imeachtaí dírithe ar phobal na scannán, ar ghairmithe sa tionscal, ar theaghlaigh agus ar lucht leanúna scannán araon. Bain sult as plé painéil, as ceardlanna agus as an sár-scannán zombaí 28 Days Later chomh maith le rogha an teaghlaigh The Princess Bride.

An 28-30 Deireadh Fómhair | Faigh tuilleadh eolais: Féile Scannán Iontach Idirnáisiúnta Inse

Film projector Ennis International Fantastic Filmfest

I gCluainín, Co. Liatroma, ná caill an taispeántas taibhseach séasúrach ar a dtugtar Paráid na Samhna. Agus úsáid á baint as maisc, cultacha agus puipéid thaibhsiúla a rinneadh ag ceardlanna pobail le déanaí, tar go bhfeicfidh tú na saothair ag teacht chun beatha agus iad ar paráid tríd an mbaile. Beidh bia agus ceol oiriúnach bunaithe ar théama Oíche Shamhna réitithe don lucht féachana tráth a sroichfidh siad ceann scríbe.

Déanann an ócáid trasphobail seo atá á reáchtáil ag Comharghrúpa Ealaíon Carnabhail Chluainín ceiliúradh ar dheireadh a bheith tagtha le séasúr fómhair an tsamhraidh sa chultúr Gaelach agus feictear scoileanna, pobail áitiúla, taibheoirí sráide, damhsóirí agus ionaid amharcealaíona agus ionaid taibhealaíona Chluainín ag obair le chéile.

An 29 Deireadh Fómhair | Faigh tuilleadh eolais: Paráid na Samhna

Ar chósta Chontae Bhaile Átha Cliath, beidh deis ag scríbhneoirí greim a fháil ar a gcuid peann agus na coirnéil is doimhne, is dorcha san intinn a oscailt le haghaidh Chomórtas Gearrscéalta Oíche Shamhna an Rois.

Is é an teideal atá air ná ‘Playful Things’ in ómós don seó teilifíse sci-fi Stranger Things mar aon le Needful Things, úrscéal an scríbhneora uafáis Stephen King. Tá an comórtas oscailte d’aon duine a bhfuil suim aige peann a chur le pár. Caithfidh na gearrscéalta a chuirtear isteach a bheith suite i mbaile an Rois nó ról tábhachtach a bheith ag sainchomhartha de chuid an Rois sa scéal.

An 24-31 Deireadh Fómhair | Faigh tuilleadh eolais: Playful Things – Comórtas Gearrscéalta Oíche Shamhna

Oíche Shamhna shona daoibh go léir!

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×