Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Dá mbreathnófaí ar bhia mar ábhar cruthaitheach - ábhar a mhúinfí ar mhaithe le sásamh a bhaint as– an mbeadh dea-thoradh air?

Scroll
2 min read

Dá mbreathnófaí ar bhia mar ábhar cruthaitheach - ábhar a mhúinfí ar mhaithe le sásamh a bhaint as– an mbeadh dea-thoradh air?

2 min read

11/03/21

Dá mbreathnófaí ar bhia mar ábhar cruthaitheach - ábhar a mhúinfí ar mhaithe le sásamh a bhaint as– an mbeadh dea-thoradh air?

Tá an scríbhneoir bia, úinéir caifé agus gníomhaí ar son polasaí Michelle Darmody ag scríobh mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar an mbealach a mhúineann muid do pháistí faoi bhia, agus an dea-thoradh a d’fhéadfadh eascairt as sin don todhchaí i gcoitinne.

Dúirt an scríbhneoir Alice B Toklas tráth, maidir le dearcadh mhuintir na Fraince ar bhia, go léiríonn siad “an meas, agus an urraim chéanna i gcás a mbíonn leagtha ar an mbord agus a léiríonn siad i gcás na n-ealaíon eile, an ealaín, ar phéintéireacht, an litríocht agus an drámaíocht. ‘’

Má shamhlaíonn muid ar feadh nóiméad go raibh an chócaireacht á múineadh ar an mbealach céanna a múintear an phéintéireacht, an drámaíocht nó an ceol an dtiocfadh athrú dá bharr ar an dearcadh a bhíonn ag an Éireannach ar bhia? An gcuirfí leis an taitneamh, an chruthaitheacht, an meas agus an tuiscint? Ba mhaith liom a cheapadh go gcuirfí.

Above: XX : WEEKEND SUPPLEMENT : Michelle Darmody food shoot. 25/3/2019 Picture by Fergal Phillips.

Is gá dúinn ar fad a bheith ag ithe gach lá ach in amanna bíonn muid dall ar an rud is soiléire ar fad. Tá baint ag a n-itheann muid le cruth ár gcolainne ach anuas air sin tá baint aige lenár sochaí agus leis na caidrimh a chothaíonn muid taobh istigh den tsochaí sin. Caidreamh casta agus achrannach atá anseo do chuid mhaith daoine ach foinse áthais, cruthaitheachta agus pléisiúir atá ann do dhaoine eile. Tugtar le fios go lom, leanúnach dúinn go bhfuil drochthioncar ag bia ar shláinte pháistí na hÉireann. Más mian linn, mar thír an caidreamh atá ag ár bpáistí le bia a athrú, is gá dúinn athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcaoi a múineann muid faoi bhia.

D’fhéadfaí úsáid a bhaint as an gcóras oideachais mar bhealach amháin chun athrú a chur i bhfeidhm. Tá bealaí eile ann, dar ndóigh, tá fadhbanna níos mó a gcaithfear dul i ngleic leo, ar nós rochtain ar shlánbhia agus forleithne na fógraíochta, ach má thosaíonn muid ag smaoineamh air b’fhéidir gur céim chun cinn a bheidh ann i dtreo todhchaí a bheidh difriúil, níos spleodraí agus níos cruthaithí.

Tá béim sa chóras oideachais faoi láthair, mar a bhaineann le bia, ar chothú, ar na bianna atá ‘go maith’ agus ‘go dona’ agus níl an t-athrú a raibh súil leis ag tarlú dá bharr seo. Nuair a bhíonn páistí ag foghlaim ceoil nó péinteáil, ní mhúintear dóibh go bhfuil rud amháin go maith agus rud eile go dona, foghlaimíonn siad le taitneamh a bhaint as an gceol, tuiscint a fháil ar an gcultúr agus pléisiúr a bhaint as. Dá bhféadfadh muid múineadh dóibh faoi bhia ar an mbealach céanna b’fhéidir go mbeadh dáimh cruthaithe ag na daoine óga leis an mbia, a mhairfeadh i rith a saoil.

Is i dtús an naoú céad déag a tosaíodh ar an stair a mhúineadh mar ábhar sna hOllscoileanna agus sna scoileanna. Is deacair a chreidiúint anois go raibh tráth ann ar ceapadh nach raibh sé tábhachtach ach léiríonn sé gur féidir múnlú a dhéanamh ar an gcóras oideachais agus nach bhfuil sé chomh docht daingean agus a shílfeá. Dá mbreathnófaí ar bhia mar ábhar taobh istigh de na daonnachtaí in áit mar ábhar cúng a bhaineann leis an gcreat sláinte nach mbeadh an-difríocht ann? D’fhéadfadh muid dul i dtreo todhchaí ina mbeadh sásamh agus cruthaitheacht i gceist a dhéanfaí a fhás agus a fhorbairt i rith ár saoil.

Scríobhann Michelle Darmody faoi chúrsaí bia don The Irish Examiner, agus is taighdeoir agus comhairleoir bia í chomh maith. Tá sí ag obair i bpáirt le Scoileanna Glasa faoi láthair chun Bratach Bia agus Bithéagsúlachta a chruthú chomh maith le bheith ag bunú gréasán polasaí a dhíríonn ar Bhia sna Scoileanna (Food in Schools). https://greenschoolsireland.org/

Grianghraf le: Fergal Philips

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×