Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Comhdháil maidir le Dearadh sa Rialtas: Tionchar do Chách

Scroll
min read

Comhdháil maidir le Dearadh sa Rialtas: Tionchar do Chách

min read

2/11/22

Comhdháil maidir le Dearadh sa Rialtas: Tionchar do Chách

Bhí ríméad ar Chlár Éire Ildánach agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 250 duine a óstáil don chomhdháil 'Dearadh sa Rialtas | Tionchar do Chách' ar an 28 Deireadh Fómhair 2022.

Féach ar chlár na comhdhála ina iomláine anseo.

Seoladh ag an gcomhdháil freisin fréamhshamhail de phrionsabail dearaidh a cruthaíodh chun teicnící an dearaidh a leabú sna seirbhísí poiblí.

Taifeadadh trí phríomhóráid le linn na comhdhála, agus iad á gcur i láthair ag:

  1. Lou Downe, Iar-Stiúrthóir Dearaidh, Rialtas na Ríochta Aontaithe
  2. Mari Nakano, Straitéisí Dearaidh Idirnáisiúnta
  3. Trevor Vaugh, Ollamh Cúnta le Dearadh Straitéiseach in Ollscoil Mhaigh Nuad agus Cathaoirleach ar an nGrúpa Oibre maidir le Dearadh Seirbhíse sa Rialtas

Féach ar Lou Downe, Iar-Stiúrthóir Dearaidh, Rialtas na Ríochta Aontaithe ag cur na príomhóráide: ‘What is Design in Government?’ i láthair san fhíseán thíos.

Lou Downe

Open Video

Féach ar Mari Nakano, Straitéisí Dearaidh Idirnáisiúnta, ag cur na príomhóráide: ‘Impact of Design in Public Services’ i láthair san fhíseán thíos.

Mari Nakano

Open Video

Féach ar Trevor Vaugh, Ollamh Cúnta le Dearadh Straitéiseach in Ollscoil Mhaigh Nuad agus Cathaoirleach ar Ghrúpa Oibre maidir le Dearadh Seirbhíse sa Rialtas agus é ag cur na príomhóráide: ‘Design at Scale in Public Services’ i láthair san fhíseán thíos.

Trevor Vaugh

Open Video

Féach ar an méid a dúirt an tAire Catherine Martin agus tús á chur aici leis an gcomhdháil san fhíseán thíos.

Minister Martin

Open Video

Féach ar chlár na comhdhála ina iomláine anseo.

Stay up to date

×