Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Stiúrthóir Mercer’s Institute for Successful Ageing - Clár Cónaitheachta d'Ealaíontóirí

Scroll
2 min read

Stiúrthóir Mercer’s Institute for Successful Ageing - Clár Cónaitheachta d'Ealaíontóirí

2 min read

7/02/21

Stiúrthóir Mercer’s Institute for Successful Ageing - Clár Cónaitheachta d'Ealaíontóirí

Bunaíodh an Mercer’s Institute for Successful Ageing sa bhliain 2016. Áis faoi leith atá ann ar na hoileáin seo, é de scoth na linne agus dírithe ar sheirbhísí cúram sláinte a chur chun cinn atá ar an gcaighdeán is airde de bharr nuálaíochta agus samhlaíochta. Tá ceithre cinn de cholúin i gceist agus an tábhacht chéanna á leagan orthu go léir – clinicíocht, taighde, oideachas agus oiliúint agus saol na cruthaitheachta.  Leagtar béim ar an bhfiúntas a cheaptar leis an gcruthaitheacht d’fhonn cur le sláintiúlacht agus le folláine an uile dhuine a mbíonn baint acu le MISA, na hothair agus na hoibrithe cúram sláinte istigh agus as sin amach go dtí na saoránaigh agus na hothair sheachtracha i limistéar an ionaid. D’fhág an bheartaíocht seo i gcomhar le hÉire Ildánach gurbh fhéidir le MISA an acmhainn feidhme a bhainfeadh le hardán cruthaitheachta a dheimhniú tráth a mbeadh diansmachtú galair i réim agus tráth a bhféadfaí a áitiú go mbeadh an lucht foirne faoi iomarca brú agus gan fonn orthu páirt a ghlacadh in aon ní seachas na gnáthnósanna seanbhunaithe oibre.  An tráth céanna, bhí dianghlasáil dhocht i bhfeidhm maidir leis na hothair agus bhain deacracht agus srianta le bearta comhchaidrimh agus, go deimhin, d’fhéadfaí a áitiú nach raibh a leithéid praiticiúil. A mhalairt ar fad a bhí fíor dáiríre agus d’éirigh thar cionn leis an gclár cruthaitheachta a dtugtar cuntas air thíos.  Thug gach duine a raibh páirt acu ann faoi go fonnmhar agus chonacthas dóibh ar fad go raibh tairbhe agus fiúntas ag baint leis.  Go deimhin, luaigh cuid mhór gur gá teacht a bheith ar dheiseanna cruthaitheachta den chineál seo chun cur le toradh na hoibre.  Táthar ag tnúth le forás agus forbairt breise ar an gcomhpháirtíocht tosaigh seo.

An tOllamh Rose Anne Kenny, Stiúrthóir Mercer’s Institute for Successful Ageing. 

Léigh tuarascáil iomlán faoi thionscnamh cruthaitheachta Mercer’s Institute for Successful Ageing i rith phaindéim Covid-19. 

Welcome from Professor Rose Anne Kenny

Open Video

Highlights Showreel

Open Video

September - December 2020 Summary

Open Video

Stay up to date

×