Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Dún Laoghaire Ráth an Dúin: Creative Brainwaves, Clár Cruthaitheach a Ionchuimsíonn Daoine a bhfuil Néaltrú orthu

Scroll
min read

Dún Laoghaire Ráth an Dúin: Creative Brainwaves, Clár Cruthaitheach a Ionchuimsíonn Daoine a bhfuil Néaltrú orthu

min read

19/01/24

Dún Laoghaire Ráth an Dúin: Creative Brainwaves, Clár Cruthaitheach a Ionchuimsíonn Daoine a bhfuil Néaltrú orthu

Clár spreagúil, nuálach ab ea Creative Brainwaves, a cuireadh ar fáil le linn 2023 agus é mar aidhm aige cur leis an tuiscint atá ar an gcaoi gur féidir leis an gcruthaitheacht feabhas chur ar shaol na ndaoine a bhfuil néaltrú orthu. Bhí an tionscadal ag plé le healaíontóirí, gairmithe, an pobal i gcoitinne, daoine a bhfuil néaltrú orthu, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí.

Rinne Creative Brainwaves forbairt ar thionscadal a bhí ann roimhe seo, Framing the Senses, agus mar bhonn eolais aige bhí riachtanais na n-ealaíontóirí áitiúla, na gcomhordaitheoirí gníomhaíochta agus na gcúramóirí, chomh maith le taighde agus dea-chleachtas. Bhí ceithre shnáithe de ghníomhaíochtaí sa chlár agus díríodh ar cheithre réimse fócais ar leith. Orthu sin bhí:

  • Ceardlann arna héascú ag an Ollamh Ian Robertson do 10 ealaíontóir a bhfuil taithí acu ar bheith ag obair le daoine a bhfuil néaltrú orthu, chomh maith le lá comhroinnte le haghaidh 40 gairmí cúraim sláinte agus ealaíontóirí a bhfuil suim acu sa chleachtas ealaíon a chuimsíonn an néaltrú.
  • Sraith de 5 cheardlann phoiblí agus cainteanna ar Ardú Feasachta maidir le hIonchuimsiú daoine a bhfuil Néaltrú orthu i gcomhpháirtíocht leis an Global Brain Health Institute (GBHI). Ba í Karen Meehan ón GBHI a chomhordaigh é agus páirteach ann bhí néareolaithe, taighdeoirí agus ealaíontóirí cruthaitheacha mór le rá a dhéanann speisialtóireacht sa réimse seo. D’fhreastail 364 duine ar na cainteanna sin.
  • Sraith de sheisiúin chruthaitheachta agus ealaíon ag obair duine le duine ina dtithe féin le ceathrar a bhfuil néaltrú orthu agus a gcúramóirí, le tacaíocht ó Chumann Alzheimer na hÉireann agus faoi stiúir an chláir Living Well with Dementia.
  • 6 cheardlann ilchéadfacha bunaithe ar na healaíona, do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, faoi stiúir na n-ealaíontóirí Claire Halpin agus Orla Goodwin in dhá shuíomh cúraim chónaithe agus naonúr i láthair in aghaidh an tseisiúin.

Mar gheall ar réimse na gclár ar thacaigh an maoiniú seo leo tá níos mó daoine ar an eolas agus tá an cleachtas sa réimse feabhsaithe dá bharr. Is é an t-aiseolas atá ag teacht arís agus arís eile ó Creative Brainwaves ná go dteastaíonn tuilleadh eolais ó dhaoine faoi thionchair agus faoi bhuntáistí na cruthaitheachta do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu.

Bhíothas in ann an clár a chur ar fáil de bharr go raibh cur chuige láidir comhpháirtíochta i gceist. Áiríodh leis seo Éire Ildánach, comhpháirtithe seachtracha Living Well with Dementia, Cumann Alzheimer na hÉireann, Aonad Pobail Dheilginis do Dhaoine Scothaosta, St. Joseph’s na Seanchille (ionad cúraim ar leith do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu) agus The Global Brain Health Institute, chomh maith baill inmheánacha d’Fhoireann Chultúir dlr, lena n-áirítear ionadaithe ó Chlár DLR Éire Shláintiúil, Clár Aoisbhá dlr, Seirbhís Leabharlainne dlr agus Oifig Ealaíon dlr.

Stay up to date

×