Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Ag saothrú an bháis, an bás agus an méala: Ag tacú le Clár Ealaíon agus Rannpháirtíochta Cruthaithí Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

Scroll
3 min read

Ag saothrú an bháis, an bás agus an méala: Ag tacú le Clár Ealaíon agus Rannpháirtíochta Cruthaithí Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

3 min read

20/07/21

Ag saothrú an bháis, an bás agus an méala: Ag tacú le Clár Ealaíon agus Rannpháirtíochta Cruthaithí Fhondúireacht Ospíse na hÉireann

Le tacaíocht ó chlár Éire Ildánach don Chruthaitheacht sa Seanaois, chuir Fondúireacht Ospíse na hÉireann (IHF) an cheist - Cén bealach is fearr a bhféadfaí úsáid a bhaint as na healaíona chun comhrá oscailte a spreagadh faoin mbás, a bheith ag saothrú an bháis, a bheith faoi mhéala agus ag déanamh bróin?

Chuir COVID-19 lenár dtaithí ar an mbás, a bheith ag saothrú an bháis, a bheith faoi mhéala agus ag déanamh bróin. Cé gur cuireadh deireadh le linn na dianghlasála le formhór na n-imeachtaí ealaíon beo agus leis an rannpháirtíocht sna healaíona cruthaitheacha, mar sin féin bhí daoine ag brath i gcónaí ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht chun brí a bhaint as rudaí agus sólás agus inspioráid a fháil.

Mar fhreagra air seo, d’fhorbair an IHF clár Ealaíon & Rannpháirtíochta Cruthaithí i gcomhar le hÉire Ildánach. Ar an meán, faigheann 80 duine bás in aghaidh an lae in Éirinn – rud a chiallaíonn go mbíonn 800 duine idir chairde, theaghlaigh, dhaoine ionúine, chomhoibrithe agus lucht aitheantais, fágtha faoi mhéala gach lá. Nuair a cuireadh tús le Clár Ealaíon & Rannpháirtíochta Cruthaithí an IHF i bhfómhar na bliana 2020, bhí thart ar 200 duine ag fáil bháis in aghaidh an lae sa phaindéim agus bhí an tír faoi dhianghlasáil ag leibhéal 5.

De réir mar a tháinig forbairt ar an gclár, thug sé deis do dhaoine téamaí a bhain leis an mbás, le bheith ag saothrú an bháis, a bheith faoi mhéala agus ag déanamh bróin, a fhiosrú tríd an gcruthaitheacht.  Áiríodh leis sin clár nuálach Deontas Síl a thairg dámhachtainí d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair a bhí ag iarraidh comhartha follasach éigin a fhágáil agus iad ag freagairt don mhéala le linn phaindéim COVID-19.

Fuair an IHF iarratais ó gach cearn d’Éirinn ó ghairmithe sláinte, ealaíontóirí, ceardaithe, oibrithe pobail, speisialtóirí meabhairshláinte, seirbhísí comhairleoireachta, seirbhísí tacaíochta míchumais, suíomhanna cúraim chónaithe, ospísí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, córacha pobail agus foirne spóirt.

Roghnaíodh aon tionscadal déag rathúil, gach ceann acu ag tabhairt ábhar dóchais tríd an gcruthaitheacht agus suaitheadh mór á bhaint ag an mbás asainn.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.hospicefoundation.ie

Léigh Tuarascáil Éire Ildánach ar na hEalaíona & an Rannpháirtíocht Chruthaitheach i bhFondúireacht Ospíse na hÉireann 2020-21 anseo.

Stay up to date

×