Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Eat the Streets! - Ag tochailt amach oidhreacht shaibhir bia na cathrach

Scroll
3 min read

Eat the Streets! - Ag tochailt amach oidhreacht shaibhir bia na cathrach

3 min read

20/03/21

Eat the Streets! - Ag tochailt amach oidhreacht shaibhir bia na cathrach

Féile nua 10 lá a bheidh ar siúl ón 11 - 20 Meitheamh is ea Eat the Streets! Faigheann sé tacaíocht ó Chlár Éire Ildánach agus déanann sé ceiliúradh ar stair bhia Bhaile Átha Cliath mar chroílár do ghlasraí, agus beidh páistí, a seantuismitheoirí agus a dteaghlaigh gafa leis an mbia atá timpeall orthu a fhás, a chócaráil, a chruthú agus a aimsiú.

Inseoidh Michelle Darmody, eagraí fhéile Eat the Streets! tuilleadh dúinn faoin tionscnamh iontach nua seo.

“Tá Baile Átha Cliath ag fás leis na cianta, tagaimis le chéile chun féachaint as an nua ar ár bhfréamhacha.

Téann fréamhacha Bhaile Átha Cliath siar go dtí a cúlchríoch shaibhir a lig don chathair leathnú agus méadú thar na mílte bliain. Cuireadh barra ag fás ar an imeall chun daonra na cathrach, a bhí ag dul in airde, a bheathú. Sa lá atá inniu ann tá cuid mhaith den talamh sin clúdaithe ach tá an stair shaibhir fós againn agus í le feiceáil i ndreach sráide na cathrach; Gort na Silíní, Halla an Arbhair, Sráid Sheamlas an Éisc, Sráid an Mhuilinn. Is féidir linn an oidhreacht seo a fheiceáil fós san iliomad torthaí agus glasraí atá fós á gcur ag fás i dtuaisceart an chontae.

Insíonn an bia agus an rud a ithimid go leor fúinn mar dhaoine, faoinár gcultúr, agus faoinár stair agus cuidíonn sé le naisc agus cothú agus a chruthú. Ciallaíonn an focal Béarla ‘companion’ “le harán”. De ghnáth baineann bia le bheith bailithe timpeall an bhoird, arán á bhriseadh againn le chéile, cócaireacht agus bia á roinnt againn sa chistin. I mbliana bhíomar ar fad ag déanamh rudaí ar bhealach a bhí beagáinín difriúil, agus tá sé seo amhlaidh freisin i gcás Eat the Streets. Beidh ‘cócaráil le chéile’ agus go leor dár gceardlanna ar siúl ar líne, ach beidh roinnt imeachtaí ar bun ar na sráideanna i do cheantar féin freisin.

Tá sé mar aidhm ag Eat the Streets díriú ar an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an mbia atá againn agus scileanna nua a fhoghlaim agus a roinnt – idir bia a fhás, a chócaráil, a chruthú agus a aimsiú. Tosóimid ag deireadh mhí an Mhárta agus tabharfar chun críche é ag féile 10 lá i mí an Mheithimh agus ceiliúradh á dhéanamh ar stair bhia Bhaile Átha Cliath mar chroílár do ghlasraí, agus páistí, a seantuismitheoirí agus a dteaghlaigh ag tochailt amach oidhreacht shaibhir bia na cathrach.’’

“I mí an Mhárta tosóidh muid amach ag cur síolta sa talamh agus ag cur ceisteanna faoi na rudaí a d’ith muintir Bhaile Átha Cliath sna glúnta a chuaigh thart, chomh maith le hoidis a bhailiú chun go rachaidh ár gcócairí i mbun cócaireachta. Díreoidh an dá dheireadh seachtaine le linn fhéile i mí an Mheithimh ar imeachtaí teaghlaigh. Chomh maith leis sin beidh meascán de ‘cócaráil le chéile’ agus ceardlanna ar líne againn dírithe ar do chuid scileanna cócaireachta a fheabhsú agus beidh gach ceann acu saor in aisce. I lár na seachtaine beidh plé tar éis dinnéir againn faoi thodhchaí ár mbia agus ár n-inbhuanaitheachta.

Tá sé mar aidhm againn go mbeadh spraoi agus taiscéalaíocht ann agus díriú isteach ar an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an mbia atá againn. Táimid ag féachaint ar bhealaí chun fuílleach a dhéanamh blasta agus tabharfar leideanna faoi bhia a leasú agus a phicilt. Ach i dtús báire, sula dtagann an bia fad leis an gcistin caithfidh sé fás. Faigh tuilleadh eolais ó chuid de shaineolaithe fáis na cathrach; foghlaim le do chruinneachán mionfhásta féin a dhéanamh, freastal ar cheardlann buama síl, féach ar shiúlóidí i do ghairdín pobail áitiúil nó faigh leideanna agus nodanna maidir leis an gcaoi le do phaiste glasraí féin a chur.

Mar sin, bí linn ag www.eatthestreets.ie agus cabhraigh linn fréamhacha a chur síos le go mbeidh saol níos blasta againn feasta.”

Léigh an t-alt a bhí ag Michelle Darmody roimhe seo faoi bhia a mhúineadh do pháistí mar ábhar cruthaitheach

Stay up to date

×