Skip to main content
Edel with local jazz musicians Matt Clark, Jack Dorsey and Mark Williams, after a performance at the California Jazz Conservatory.

Náisiún
Ildánach

Ón Machaire na Mumhan go dtí an Stát Órga: Mo Thaithí Fulbright le Edel Meade

Scroll
min read

Ón Machaire na Mumhan go dtí an Stát Órga: Mo Thaithí Fulbright le Edel Meade

min read

22/06/23

Ón Machaire na Mumhan go dtí an Stát Órga: Mo Thaithí Fulbright le Edel Meade

Is taibhealaíontóir agus oideoir a bhfuil gradaim bainte amach aici í Edel Meade ó Chluain Meala i gContae Thiobraid Árainn atá ag obair i réimse an tsnagcheoil, an cheoil blues, an cheoil tíre agus an cheoil chomhaimseartha. Mar fhaighteoir Chomhaltacht Ghairmiúil Fulbright-Éire Ildánach 2022-2023, chaith sí sé mhí in Berkeley, California, áit a ndearna sí cíoradh ar cad a chiallaíonn sé a bheith mar amhránaí snagcheoil comhaimseartha as Éirinn ...

Chonaic mé, ar an gcéad lá le linn dom a bheith ag siúl síos Ascaill na hOllscoile in Berkeley, dordéan den chéad uair i mo shaol agus bhí mé faoi gheasa ag an éan beag fíor-álainn a bhí ag faoileáil go híseal amach os mo chomhair…

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuilim anseo in San Francisco Bay Area le beagnach sé mhí! Bhí mé in Berkeley sa bhliain 2015 chun freastal ar Jazz Vocal Intensive a mhair ar feadh seachtaine sa California Jazz Conservatory, mar sin, nuair a tháinig sé chomh fada le hiarratas a dhéanamh ar scoláireacht Fulbright, mhothaigh mé gur chóir dom filleadh chun dul i mbun oibre le Laurie Antonioli, iar-chathaoirleach an chláir gutha sa CJC agus tabhairt faoi mo thaighde ealaíonta.

Tá an t-ádh dearg orm an taithí seo a fháil. Téann sé i bhfad níos faide ná saibhriú ó dhearcadh pearsanta agus
gairmiúil. Áirítear ar na buaicphointí, a bheith in ann éisteacht leis an amhránaí iontach, Circlesongs Bobby
McFerrin sa Freight and Salvage gach Luan. Chan mé leis an chéad tseachtain tar éis don mheantóir iontach a bhí agam, Laurie Antonioli mé a chur in aithne. Bhain mé sult as oibriú le Laurie, cibé i mbun oibre ar amhráin, ag plé pleananna ó thaobh gairme amach anseo nó ag ól tae agus ag comhroinnt scéilíní le linn dom a bheith ag cuimilt Frankie, an cat fíor-lách a bhí aici. Níorbh fhéidir luach a chur ar na seisiúin seo agus táim ag súil go leanfaidh ár gcaidreamh oibre go ceann na mblianta.

Tá tuilleadh dordeáin feicthe agam ó shin agus ní bréag a rá ach go bhfuilim den tuairim go mbaineann ádh leis éan seo i gcónaí.

Thaitin na ranganna ceoil blues leis an amhránaí cáiliúil ón Bay Area, Rhonda Benin, go mór liom, cé go mbíodh
náire orm i dtús ama nuair a bhí orm roinnt de na hamhráin ba gháirsiúla a chanadh sa rang mar gheall ar a nádúr gáirsiúil. Ach chuir mé díom an méid sin de réir a chéile! Bhí Rhonda thar a bheith gnaíúil agus thug sí cuireadh dom páirt a ghlacadh i roinnt gigeanna, mar sin d’éirigh liom canadh le banna snagcheoil ar stíl New Orleans in Fior d’Italia in San Francisco – an bhialann Iodálach is sine sna Stáit Aontaithe agus bhí mé ag canadh freisin le ceoltóirí snagcheoil den scoth in Inner Circle Geoffrey, an sainchomhartha cultúir Meiriceánach Afracach in Oakland.

Táim thar a bheith buíoch go bhfuarthas an deis le léargas a fháil ar an eispéireas Meiriceánach Afracach sna Stáit Aontaithe trí chomhráite le mo chuid cairde Dubha anseo agus go raibh an deis agam freastal ar an Allen Temple Baptist Church in Oakland, agus fianaise ón bhunfhoinse a fháil ar an nasc doshéanta idir an ceol agus an pobal Dubh agus an spioradáltacht a théann go smior sa phobal seo. Mar gheall go bhfuil an snagcheol fréamhaithe san eispéireas Meiriceánach Afracach, ba léargas ríthábhachtach a bhí anseo a chuirfidh eolas ar fáil dom ó thaobh mo chleachtais ealaíonta agus teagaisc araon in Éirinn sna blianta atá romhainn.

Bhí sé an-spéisiúil freisin taithí a fháil ar an snagcheol mar chuid de chreatlach an chultúir Mheiriceánaigh. Chan mé ‘Cheek To Cheek’ agus ‘Misty’ ag gig cara liom le deireanaí agus bhí daoine ag éisteacht ar bhealach difriúil seachas mar a bhíonn siad sa bhaile. Bhí sé soiléir go mbaineann tábhacht chultúrtha leis na hamhráin seo a théann i bhfad níos faide ná ‘ceol cúlra’.

Fás ealaíonta

Fuarthas an oiread sin deiseanna iontacha ó thángthas chuig na Stáit Aontaithe. Bhí ríméad orm taibhiú ceolchoirme speisialta a chur i láthair ar Lá Fhéile Bríde in Ollscoil Berkeley agus mórphianó curtha ar fáil don ócáid agus a bheith i gcomhluadar an veidhleadóra, Colm Ó Riain dá Extravaganza Lá Fhéile Pádraig in Amharclann an Great Star. Chan mé ‘My Lagan Love’ mar chuid den Fhéile Irish-American Crossroads i Leabharlann Phoiblí San Francisco. Chan mé ceol blues in Berkeley. Chomhroinn mé scéal Bridget Cleary, an bhean ó Thiobraid Árann trí amhrán in Chinatown. Chan mé amhráin snagcheoil in North Beach. Chan mé amhráin ar an sean-nós sa Starry Plough agus bhí go leor taibhithe éagsúla eile ann ar feadh an bhealaigh.

Bhain mé taitneamh as buille a fhorbairt don chóiriú maidir le stíl filíochta dhán álainn Dairena Ní Chinnéide, ‘I
Lost My Poems At The Electric Picnic’ agus taibhiú beo a thabhairt in CJC leis na ceoltóirí is fearr dá bhfuil sa Bay Area agus a theacht aníos le cóiriú Cailíopsó ar amhrán de mo chuid féin maidir le ‘Biddy Early’ agus eolas a chur ar fáil maidir leis an mbean feasa ar leith ó Fhiacail, Contae an Chláir! Áirítear ar oibreacha atá idir lámha,
cumadóireacht bhunaidh nua ‘When Boann Met Oshun’, bunaithe ar na cosúlachtaí idir déithe uisce na hÉireann agus na hAfraice chomh maith le cóiriú spreagúil traidisiúnta den amhrán tíre traidisiúnta, ‘Lord Gregory’.

Ceangail Éireannacha

Tá pobal láidir Éireannach sa Bay Area. Bhí mé fíor-thógtha le flaithiúlacht agus le cairdiúlacht na nGael-
Mheiriceánach agus na Meiriceánach féin a chuir fáilte romham chuig a dtithe, a thug cuireadh dom chuig cóisir/imeachtaí agus a thaispeáin na háiteanna is fearr dom in California. Bhí mé an-bhuíoch as an bhfáilte a chuir Consalacht na hÉireann romham agus gan mé ach cúpla lá sa tír agus amharc a fháil ar San Francisco ón 26 ú hurlár dá láthair iontach sa cheantar gnó.

Ní raibh súil ar bith agam leis an oiread sin deiseanna a fháil le mo chuid taighde maidir le hAmhráin Éireannacha Osnádúrtha, béaloideas/miotaseolaíocht na hÉireann agus Bríd, Bandia agus Naomh na réamh-Chríostaíochta, agus bhí mé thar a bheith sásta éascú a dhéanamh ar aoi-léacht-cur i láthair do chlár maidir le Spioradáltacht na mBan sa California Institute of Integral Studies (CIIS) ceannródaíoch, clár an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Berkeley, an Jazzschool ag CJC, Berkeley City College agus ag an gComhdháil do Mhná agus Miotaseolaíocht in Syracuse, Nua-Eabhrac!

Thaispeáin mo chara, Colm, na pearóidí le cloigeann uaine agus dearg dom a chuireann taispeántas iontach ar fáil amach sa tráthnóna atá le feiceáil ó Filbert Steps/Telegraph Hill. Ní rabhthas ag súil le pearóidí fiáine a fheiceáil sa spéir os cionn San Francisco, ach ansin bhí go leor nithe eile ann nach rabhthas ag súil leo ach oiread …

Tháinig an fonn maidir le foghlaim faoi stair agus faoi chultúr na hÉireann aniar aduaidh orm. Bhí mo chúrsa 10seachtaine, ‘Traditional Irish Singing: A Journey of Ireland Through Song’sa Jazzschool díolta amach agus fíor-fhonn ar na rannpháirtithe amhráin Ghaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhair mar chuid de cheolchoirm na mac léinn, agus chuaigh an méid sin i bhfeidhm go mór orm!

Edel Meade

"Tháinig an fonn maidir le foghlaim faoi stair agus faoi chultúr na hÉireann aniar aduaidh orm. Bhí mo chúrsa 10seachtaine, ‘Traditional Irish Singing: A Journey of Ireland Through Song’sa Jazzschool díolta amach agus fíor-fhonn ar na rannpháirtithe amhráin Ghaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhair mar chuid de cheolchoirm na mac léinn, agus chuaigh an méid sin i bhfeidhm go mór orm!"

Nithe a chuir ionad orm

  • An aimsir. De réir cosúlachta, bhí sé ar an nGeimhreadh is measa óna 1800idí le neart báistí, stoirmeacha
    agus spéir dhorcha a chuir an baile i gcuimhne dom!
  • An ganntanas uibheacha ó Eanáir go hAibreán. Mura ndearna tú an turas chuig an siopa grósaera roimh am lón, ní bheadh aon uibheacha fágtha in Trader Joe.
  • Boladh na gcrann eocalaipe – Is breá liom é!
  • D’éirigh liom casadh leis an amhránaí is scríbhneoir mór le rá, Joan Baez, tar éis scannánaíocht a
    dhéanamh ar an gclár faisnéise ‘Joan Baez I Am A Noise’ in Amharclann Castro in Aibreán.

An Bia

Ní féidir tagairt a dhéanamh den Bay Area gan tagairt a dhéanamh den bhia! Tá an rogha maidir le bia ar
ardchaighdeán anseo dochreidte. Cibé fonn a bheith ort bia Téalannach, Meicsiceach, Neipealach, súisí, cócaireacht Deisceartach, Síneach, Iodálach, Peiriúch nó Pióg an Aoire a ithe – tá an bia sin go léir le fáil anseo. Tá an oiread sin éagsúlachta ar bhonn uilechoiteann i dtéarmaí daoine, pobal, comharsanachtaí, ealaíne agus cultúir agus mothúchán forleathan ó thaobh inghlacthachta agus neamhbhreithiúnach. Tá an méid sin go léir thar a bheith inspioráideach.

An Nádúr

Bhí an chóngaracht don nádúr ar cheann de na nithe ab fhearr liom faoin Bay Area. Is breá liom siúl cois na
farraige, mar sin ba mhór an sólás dom siúl feadh an Embarcadero. Tá sé éasca taistil thart trí BART, bus, carr cábla nó bád farantóireachta, mar sin tá sé éasca do bhealach a dhéanamh chuig an trá nó go dtí ceann de na páirceanna líonmhara nó na Crainn Chrónghiúise iontacha i Muir Woods a fheiceáil! Níos faide ó bhaile tá Páirc Náisiúnta Yosemite, páirc eisceachtúil i láthair álainn athchóiritheach. Tá an West Cliff Drive in Santa Cruz feadh bealach ina bhfuil radhairc áille ar an Aigéan Ciúin agus ar Chuan Monterey.

Above: Yosemite National Park

Cad a bhí dúshlánach dom?

Féachann sé nach bhfuil cothromaíocht oibre is saoil le fáil anseo. Breithnítear é mar chuid den ghnáthshaol éirigh ag a 5am agus oibriú seacht lá na seachtaine, go háirithe má tá duine féinfhostaithe. Thug mé faoi dearadh nach ndéanann daoine gearán faoi seo, leanann siad ar aghaidh leis! Bhí trí phost ag roinnt de na daoine ar bhuail mé leo anseo mar gheall go bhfuil an costas maireachtála thar a bheith ard. Agus, faraor, tá easpa dídine mar fhadhb ollmhór sa Bay Area.

Céard eile atá ar na bacáin?

Táim chun freastal ar cheolchoirm bheo chun éisteacht leis an amhránaí snagcheoil is ansa liom, Gretchen Parlato, in Kuumbwa Jazz go gairid agus ansin ag fairtheoireacht míolta móra le cairde. Tá sceitimíní orm an deis a fháil éisteacht le Erykah Badu beo in Oakland sula bhfágaim mar go raibh sí mar inspioráid agam ar feadh na mblianta.

An tseachtain seo chugainn beidh an deis agam éisteacht leis an bhFeisire óna Stáit Aontaithe, Nancy Pelosi agus í ag labhairt in Amharclann Sydney Goldstein agus tá ticéid curtha in áirithint agam maidir le ‘In The Evening By The Moonlight’, dráma nua atá bunaithe ar na cruinnithe idir Lorraine Hansberry, Nina Simone agus James Baldwin in Waverly Place, Nua-Eabhrac, in Amharclann Lorraine Hansberry – an Príomhamharclann Meiriceánach Afracach sa Bay Area.

Chonaic mé dhá bhultúr i bPáirc Salt Point State in Sonoma agus i dtús báire bhí mé den tuairim gur éin ghruama a bhí iontu, ach thug mo chara, Sundari (le níos mó taithí maidir le bultúir ná mar atá agamsa) le fios go gciallaíonn siad aistriú ó bhonn agus athbheochan.

Nuair a fhillfidh mé ar Éirinn…

Beidh mé i mbun comhoibrithe ar an gcéad taibhiú nua as an bpíosa leis an bhfear ó Bhaile Átha Cliath atá
lonnaithe in San Francisco, Eamonn Flynn ag Féile Ealaíne Junction i gCluain Meala agus in Arthur’s i mBaile
Átha Cliath, toradh díreach atá anseo ar mó thaithí Fulbright. Chasamar le chéile san United Irish Cultural Center anseo nuair a bhíomar beirt ar stáitse mar chuid de cheiliúradh Lá Fhéile Bríde. Beidh amhránaíocht ar an sean-nós á hathshamhlú againn in éineacht le codanna den cheol blues, snagcheol agus ceol comhaimseartha agus tá sé beartaithe againn albam a thaifeadadh níos deireanaí i mbliana.

Amach anseo, beidh mé ag comhoibriú ar thionscadal taibhithe nua le Rhonda Benin ina ndéantar scrúdú ar an
trasnú idir luath-thraidisiúin ceoil gutha Mheiriceánacha Afracacha agus traidisiúin ceoil gutha na hÉireann, tá sé beartaithe agam leathnú a dhéanamh ar mo thaighde ar bhunús snagcheoil agus blues na hAfraice leis an Dr.
Anthony Brown, Ollamh le Stair Snagcheoil sa California Jazz Conservatory, sa bhliain 2024. Ba bhreá liom freisin albam ceoil blues a thaifeadadh sula i bhfad!

Tá súil agam an ceangal le comhghleacaithe agus le cairde sa Bay Area a choinneáil suas sna blianta atá romhainn agus comhoibriú traschultúrtha nua a chruthú; agus heileo a rá leis na doirdeáin arís agus arís eile! Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Choimisiún Fulbright agus le hÉire Ildánach as an deis eisceachtúil seo. Míle buíochas!

Beidh taibhiú beo le hEdel Meade agus Éamonn Flynn ag Féile Ealaíne Junction Chluain Meala an 5 Iúil – tá
ticéid le fáil ó www.junctionfestival.com; agus in Arthur’s Blues agus an Club Snagcheoil, Baile Átha Cliath an
6 Iúil – tá ticéid le fáil ó Eventbrite: Arthur’s Blues agus Club Snagcheoil.

www.edelmeade.com

 

 

Stay up to date

×