Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Ceithre thionscadal nua chun folláine an Lucht Siúil a fhiosrú tríd an gcruthaitheacht

Scroll
min read

Ceithre thionscadal nua chun folláine an Lucht Siúil a fhiosrú tríd an gcruthaitheacht

min read

16/06/23

Ceithre thionscadal nua chun folláine an Lucht Siúil a fhiosrú tríd an gcruthaitheacht

Ag leanúint ar aghaidh ó chlár 2022 ar éirigh chomh maith sin leis, tá Clár Éire Ildánach agus ár gcomhpháirtithe sa Roinn Sláinte (Clár Éire Shláintiúil), sa FSS agus sa Chomhairle Ealaíon ag maoiniú ceithre thionscadal arís faoi thionscnamh Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht. Is é cuspóir an chláir uathúil seo tacú le tionscadail chruthaitheacha a mbeidh dea-thionchar acu ar shláinte agus ar fholláine an Lucht Siúil. Mar thoradh ar an ngairm a cuireadh amach i Márta 2023, bhí 32 iarratas san iomlán faighte, rud a d’fhág go raibh an próiseas meastóireachta an-iomaíoch. Tá tacaíocht á tabhairt do cheithre thionscadal faoin maoiniú atá ar fáil i mbliana, agus is iad seo a leanas na tionscadail sin:

  1. Todhchaí Níos Fearr a Chruthú

 Beidh ceithre thionscadal chruthaitheacha a bhainfidh le mná agus le daoine óga de chuid an Lucht Siúil ar bun  ag an am céanna sa Ráth agus i Mainistir Fhear Maí i dTuaisceart Chorcaí. Beidh tréimhse tosaigh gach tionscadail ar siúl ó Bhealtaine go Meitheamh agus beidh na céimeanna deiridh i gcás gach tionscadal acu ar siúl ó Mheán Fómhair go Samhain 2023.

Tionscadal 1: Ag obair ar an dráma; “No Fixed Abode” le 18 bean de chuid an Lucht Siúil ón Ráth. Glacfaidh na haisteoirí leis an iarratas leanúnach atá ann go dtabharfaí an dráma seo ar camchuairt agus go ndéanfaí é a fhorbairt mar phíosa níos gairmiúla faoi threoir Éascaitheora Amharclannaíochta Pobail.

Tionscadal 2: Oibriú le grúpa de chúigear ban agus daoine óga de chuid an Lucht Siúil ó Mhainistir Fhear Maí le tacaíocht ó chomhpháirtithe a bhí ann roimhe seo chun cuid eile sa sraith “Maggie May” a scríobh agus a fhoilsiú le haghaidh leanaí bunscoile, le bheith mar chuid d’obair feasachta cultúir a scoileanna.

Tionscadail 3 & 4: Tá dhá ghrúpa Óige de chuid an Lucht Siúil ina bhfuil idir 6 agus 12 dhuine óg idir 10 – 22 bliain d’aois ag obair cheana féin le seirbhísí Óige mar a aithníodh sa Ráth agus i Mainistir Fhear Maí. Tá aird tarraingthe ag na daoine óga ar an idirdhealú mar ghné a mbíonn tionchar aige ar a meabhairshláinte agus déanfaidh siad é sin a fhiosrú tuilleadh trína dtionscadal cruthaitheach féin.

  1. The Rose Tattoo le Tennessee Williams in aistriúchán nua le Vanessa Fielding agus Catherine Joyce

Cuirfidh The Complex léiriú tumtha ar siúl i suíomh uathúil, agus cuireadh á thabhairt don lucht féachana dul isteach i láithreán stad agus plé a thosú maidir le Feimineachas agus an Lucht Siúil, meabhairshláinte agus cearta an duine. Bhuaigh ‘The Rose Tattoo’ duais Tony i 1951 don dráma is fearr, agus tá sé fós chomh hábhartha sa lá atá inniu, agus téamaí a bhaineann le fuascailt mhothúchánach agus ghnéasach na mban á gcur i láthair i gcomhthéacs úrnua na bliana 2023. Cruthóidh an léiriú seo mar gheall ar an teanga agus an áit a bhfuil an dráma suite rud Éireannach atá dílis, comhaimseartha agus uathúil.

  1. Inic (téarma gammon a chiallaíonn beagán de gach rud)

Clár sé mhí d’imeachtaí cruthaitheacha a dhéanann ceiliúradh ar chultúr an Lucht Siúil agus a chuireann cúrsaí folláine chun cinn:

     Láithreán Parkway

Bhí roinnt teaghlach de chuid an Lucht Siúil i Luimneach ag cur fúthu i láithreán stad a bhí ar thailte Ionad Siopadóireachta Parkway, go dtí na 1990idí. Tar éis na forbartha, aistríodh na teaghlaigh go dtí Láithreán Stad Bhóthar Childers, agus tá go leor mná as an áit ag fáil rochtain ar sheirbhísí LTHP. Oibreoidh na healaíontóirí Julianne Hennelly agus Amy Bowdren leis an ngrúpa seo chun teacht ar a gcuimhní cinn ón am a chaith siad ag fás aníos sa Parkway agus ina dhiaidh sin beidh taispeántas in aonad miondíola de chuid an ionaid siopadóireachta.

     Print Voice

Agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Amharcealaíne ag an Mol Foghlama i Luimneach, d’fhorbair an t-ealaíontóir Melanie O’Rourke caidreamh an-mhaith le grúpa cailíní de chuid an Lucht Siúil atá sna déaga. I gcás Inic, oibreoidh Melanie le Frank McCarthy agus Limerick Printmakers sa Mhol chun sraith de shaothair a fhorbairt bunaithe ar smaointe a chuireann na déagóirí seo i láthair.

     Tobar & Paidrín

Agus é ag tógáil ar an tionscadal ealaíne Comóradh ón mbliain 2022, áit ar chuir deichniúr ban saothar le chéile chun comóradh a dhéanamh ar dhaoine muinteartha dá gcuid a fuair bás, tabharfar cuairteanna taiscéalaíochta ar thoibreacha beannaithe i Luimneach agus i gContae an Chláir agus na rannpháirtithe ag bailiú íomhánna agus fuaimeanna chun taispeántas/suiteáil nua a chruthú sa Belltable i mí na Samhna.

    Paint Punch, Mainistir na Féile

Agus spreagadh á fháil ón gcion atá ag daoine óga de chuid an Lucht Siúil ar an dornálaíocht, beidh na healaíontóirí Frank McCarthy agus Sean Horgan i gceannas ar sheachtain ceardlann in Ionad LCETB Mhainistir na Féile do bhuachaillí idir 9 agus 12 bhliain d’aois. Cruthóidh an tionscadal seo spás don phéintéireacht mhíshlachtmhar agus deis tugtha do na buachaillí péint a phumpáil ar chláir mhóra, agus a gcuid fuinnimh a úsáid ar mhaithe leis an bhfolláine fhisiciúil agus leis an bhfolláine mheabhrach a théann leis.

    Nuck and Knuckle

Tugann na healaíontóirí Willzee agus Frank McCarthy cuireadh d’fhir óga de chuid an Lucht Siúil labhairt faoin gcaoi a mbíonn an dornálaíocht ina teiripe uaireanta don imní agus don dúlagar. Beidh an plé seo ar siúl i gClub Dornálaíochta Naomh Proinsias i gCathair Luimnigh agus déanfar é a fhístaifeadadh ionas gur féidir é a scaipeadh.

   Ceolchoirm Thomas McCarthy

Chun Inic a thabhairt chun críche beidh an t-amhránaí mór le rá, Thomas McCarthy ag seinm i Belltable ar 30  Samhain. In éineacht leis beidh Willzee agus aíonna, agus bainfidh an lucht féachana taitneamh as sár chur i láthair ó bheirt ealaíontóirí virtuoso de chuid an Lucht Siúil, agus iad ag caint faoina saol mar ealaíontóirí fir de chuid an Lucht Siúil.

  • 4  Gníomh Cultúrtha, Cearta Cultúrtha : Spásanna folláine a chruthú agus a thógáil

     Leanfaidh ‘Gníomhaíocht Chultúrtha, Cearta Cultúrtha: Spásanna a Chruthú agus a Éileamh don Fholláine’ ag cur i gcónaí le rannpháirtíocht bhaill den Lucht Siúil i ngníomhaíochtaí a chuireann feabhas ar chúrsaí sláinte agus folláine.

    Déanfaidh an tionscadal an saol ar an mbóthar a athchruthú arís trí 6 champa lae, ina mbeidh ceardlanna idirghníomhacha ar dhéanamh bláthanna páipéir, gaibhneoireacht, déanamh ‘beady pockets’ agus bácáil aráin. Nuair a athchruthaíodh na campaí traidisiúin anuraidh d’éirigh thar barr leis agus bhí an pobal ag fiafraí cén uair a mbeidís ar ais.. Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh le linn mheastóireacht na bliana 2022, léiríodh go soiléir gur tháinig feabhas ar fholláine na mball a d’fhreastail ar imeachtaí le linn thionscadal na bliana seo caite.

     

     

     

Stay up to date

×