Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Maoiniú bronnta ar 27 tionscadal chun iniúchadh cruthaitheach a dhéanamh ar a bheith ag fáil bháis, ar an mbás agus ar an méala

Scroll
4 min read

Maoiniú bronnta ar 27 tionscadal chun iniúchadh cruthaitheach a dhéanamh ar a bheith ag fáil bháis, ar an mbás agus ar an méala

4 min read

30/11/21

Maoiniú bronnta ar 27 tionscadal chun iniúchadh cruthaitheach a dhéanamh ar a bheith ag fáil bháis, ar an mbás agus ar an méala

Bhronn Fondúireacht Ospíse na hÉireann maoiniú ar 27 tionscadal Deontas Síl chun tacú le iniúchadh cruthaitheach a dhéanamh ar a bheith ag fáil bháis, ar an mbás agus ar an méala.

Léiriú cruthaitheach urghnách é an tionscadail ar thionchar na paindéime ar gach pobal, agus tá tacaíocht aige ó Chlár Éire Ildánach.

Ó fógraíodh na deontais síl i mí Dheireadh Fómhair 2021, fuair Fondúireacht Ospíse na hÉireann 91 iarratas chun tacú le daoine agus le pobail agus iad i mbun fiosrúcháin ar bhealach cruthaitheach ar an mbrón agus ar an mbris. Is é seo an dara babhta maoinithe atá curtha ar fáil i mbliana do thionscadail den chineál seo.

Léiríonn na 27 iarratas atá roghnaithe le maoiniú, agus atá ionadaíoch ar 11 chontae san iomlán, raon eicléictiúil oibre, cleachtais, meánach, cur chuige, cumais agus aoisghrúpaí. Ina measc tá ospidéil géarchúraim, ionaid cúraim chónaithe, tithe altranais, meánscoileanna, grúpaí pobail, daoine atá ar imirce agus daoine atá imeallaithe.

Baineann na téamaí agus na réimsí a mbeifear ag plé leo le gach gné den bhás agus den bhrón, ó ghalair a chuireann teorainn le saol an duine agus an méala sna luathbhlianta, go dtí féinmharú agus na nósanna atá againn i leith sochraidí agus adhlactha. Léireofar modhanna cuimhneacháin agus próiseáil an bhróin sna tionscadail trí úsáid a bhaint as  grianghrafadóireacht, scannán cruthaitheach agus faisnéise, comhleá gloine, scéalaíocht, drámaí ar stáitse, dánta, aistriúcháin, taifeadtaí fuaime, earraí cuimhneacháin, ceol, filíocht, agus na healaíona atá níos traidisiúnta, dála péintéireacht, cuilteáil agus cniotáil.

Dúirt an tOifigeach Ealaíon agus Rannpháirtíochta Cultúrtha ag IHF Dominic Campbell: “De réir mar a leanann tionchar fadtéarmach Covid ar aghaidh, éiríonn teacht aniar cruthaitheach na ndaoine aonair agus na bpobal níos doimhne. Tá gach tionscnamh neamhghnách. Léiriú ar chúram agus ar chomhbhá iad. Seirbhís sláinte poiblí agus comhnascadh mothúchánach idir cultúr agus cúram.”

Beidh na tionscadail á bhforbairt ó Mhí na Nollag 2021 go dtí Aibreán 2022 i mBaile Átha Cliath (10), sa Chabhán (1), i nGaillimh (2), i Liatroim (1), i Lú (1), i Maigh Eo (2), in Uíbh Fhailí (1), i Sligeach (1), i dTiobraid Árann (4), i bPort Láirge (1), Inis Uí Dhrisceoil in Iarthar Chorcaí (1), Loch Garman (1), Cill Mhantáin (1).

Above:

Deontas Síl IHF 2021 – Faighteoirí 2022:

 

Seirbhís Lae Theach Naomh Michael i nGlas Naíon / Claire Barry (Baile Átha Cliath)

Gairdín Cuimhneacháin le Suiteálacha Mósáic

Freastalaíonn Ionad Lae Theach Mhichíl i nGlas Naíon ar riachtanais 40 duine fásta faoi mhíchumas. Cabhróidh an fhoireann leis an dream a úsáideann na seirbhísí seo agus a bhfuil cairde le go leor acu básaithe le déanaí, le mósáicí a chruthú le haghaidh gairdín cuimhneacháin. Teiripe ann féin a bheidh sa phróiseas chun na píosaí ealaíne seo a chruthú agus tabharfaidh sé deis do dhaoine teacht le chéile agus díriú isteach ar phíosa oibre a tháirgeadh. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh an gairdín mar thearmann machnaimh don fhoireann oibre agus don dream a úsáideann na seirbhísí.

 

Steve Blount (Cill Mhantáin) Tonic

Scríobhfaidh an scríbhneoir agus aisteoir Steve Blount a bhfuil gradaim buaite aige agus atá molta go hard, dráma le haghaidh an stáitse bunaithe ar thuras isteach agus timpeall ar chonairí ospíse trí shúile, cluasa, fuaimeanna, agus caochadh súl an té a stiúrann tralaí na ndeochanna.

 

Alan James Burns (An Cabhán) The Walls

Déanfaidh an t-ealaíontóir closamhairc, Alan James Burns, atá lonnaithe sa Chabhán agus a bhfuil cáil air as imeachtaí cultúir a eagrú, caoineadh a scríobh ina scrúdófar téamaí a bhaineann le bris, le hathrú aeráide agus brón comhshaoil trí Chaisleán Cloughoughter i gCeantar Locha an Chabháin. Forbrófar a thionscadal trí thaighde pobail a dhéanamh agus dul i gcomhairle le saineolaí agus scríbhneoir ar chúrsaí aeráide.

 

Eric Clarke (Baile Átha Cliath) Final Resting Place

Bainfidh Eric Clarke, as Baile Átha Cliath, úsáid as an MSc atá bainte amach aige i mBris agus Méala agus an tsuim sa ghrianghrafadóireacht atá aige a shaol ar fad le clárú a dhéanamh, trí ghrianghraif agus scéalta curtha leo, ar na roghanna a dhéanaimid maidir le hadhlacadh agus fáil réidh leis na mairbh.

 

Marian Clarke & Talitha Kay (Baile Átha Cliath) Living while Dying with Pain

Beidh Marian Clarke agus Talitha Kay i gceannas ar iniúchadh a dhéanamh ar an taithí ar an mbris, an brón agus an teacht aniar atá ag dhá phobal atá faoi cheilt in Éirinn. Tabharfar cuireadh do chúigear dídeanaithe ban agus cúigear ban a bhfuil pian leanúnach orthu iniúchadh a dhéanamh ar a dtaithí agus úsáid á bhaint as grianghrafadóireacht, líníocht agus filíocht. Tá súil againn go dtabharfaidh an tionscadal seo, a chuimseoidh taispeántas de shaothar ealaíne, léargas ar a dturas don phobal mar a bhaineann leis an mbris, an brón agus an teacht aniar atá faoi cheilt.

 

Eamon Clery  (Baile Átha Cliath) Coffin over the Bridge

Is fear ceamara agus saoreagarthóir le go leor taithí é Eamon Clery atá ina chónaí sa Rinn, i mBaile Átha Cliath 4, agus a oibríonn i réimse na craoltóireachta teilifíse. Tá sé beartaithe ag Éamon clár faisnéise buan a chur le chéile ar an traidisiún atá ag teaghlaigh sa Rinn le blianta fada agus iad ag eagrú go n-iomprófaí cónra gaoil atá tar éis bháis thar Dhroichead na Rinne ó Shráid an Droichid / Sráid an Phiarsaigh isteach i Séipéal Naomh Pádraig i sráidbhaile na Rinne le haghaidh seirbhís sochraide.

 

Anna Cosgrave (Inis Uí Dhrisceoil, Iarthar Chorcaí) Ciorcal Méala Inis Uí Dhrisceoil  

Déanfaidh Anna Cosgrave atá ina printíseach Douala Báis, óstáil ar Chiorcal Méala Inis Uí  Dhrisceoil in Iarthar Chorcaí. Pléifidh pobal an oileáin an bhásmhaireacht agus an cuimhneachán, beidh staraithe agus filí áitiúla, chomh maith le cainteoirí ó Ospidéal an Sciobairín, ag díriú ar an téama “Ba mhéala a bhás” agus cumfar dán a gcuirfear ceol leis ina dhiaidh sin.

 

Sasha De Buyl (Gaillimh) Good Grief: Reflections on Loss

Mar chuid den Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt i nGaillimh an bhliain seo chugainn, déanfaidh Sasha De Buyl imeacht a choimeád ina mbeidh ealaíontóirí éagsúla, lena n-áirítear an cumadóir comhaimseartha Ailís Ní Riain agus an file filíocht ó bhéal, Michael Pedersen, toilteanach a dtaithí phearsanta agus a bhfreagairtí ealaíonta ar an mbrón agus ar an mbris a roinnt go poiblí.

Neva Elliot (Baile Átha Cliath) The Last Door My Father Walked Through

Is ealaíontóir comhaimseartha í Neva Elliott atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Mar chuid dá saothar ealaíne leanúnach ina ndéanann sí iniúchadh ar an mbris agus ar an mbrón, tá sé i gceist ag Neva sraith grianghraf a mbeidh téacs in éineacht leis a chruthú agus a thaispeáint agus é bunaithe ar bhás a hathar a raibh neamhord dépholach air agus a chuir lámh ina bhás féin le linn na dianghlasála.

 

Catherine Fanning (Sligeach) The Story of Flowers

Déanfaidh an t-ealaíontóir as Sligeach, Catherine Fanning, iris lámhdhéanta a bheidh lán de shaothair ealaíne bunaidh. Tiocfaidh an inspioráid dá cuid oibre ó íomhánna agus ó bhríonna a bhaineann le bláthanna a mbíonn brí cultúir leo nuair a fhaigheann duine ar a bhfuil cion againn bás. Déanfar an leabhar a scannánú le gur féidir é roinnt níos forleithne go digiteach.

 

Margaret Galvin (Loch Garman) Creative Writing in Grief Support

Is éascaitheoir scríbhneoireachta cruthaithí agus file foilsithe a bhfuil cúlra acadúil aici i gCúram Sóisialta, í Margaret Galvin agus déanfaidh sí forbairt ar chlár ceardlainne agus ar uirlisí do dhaoine a chuireann tacaíocht méala ar fáil, is cuma an mar chomhairleoirí nó mar oibrithe deonacha atá siad ag obair. Is é an chuspóir atá leis scileanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach a thabhairt do theiripeoirí agus d’oibrithe deonacha mar go bhfuil sé cruthaithe gur idirghabháil luachmhar, praiticiúil agus chruthaitheach atá ann agus é oiriúnach do dhaoine a bhfuil méala orthu.

 

Sláinte Leanaí Éireann / Mary Grehan (Baile Átha Cliath) Remembering (in a Time of Change)

Agus í ina coimeádaí ar chlár sláinte na nEalaíon le Sláinte Leanaí Éireann (CHI), oibreoidh Mary Grehan go dlúth leis an ealaíontóir Marie Brett chun teacht ar bhealaí le spás a dhéanamh don bhrón, don bhás agus don chuimhneachán laistigh den timpeallacht tógtha in ospidéal nua na leanaí i mBaile Átha Cliath.

Déanfaidh Marie podchraoladh bunaithe ar agallaimh le príomhpháirtithe leasmhara, go háirithe mar a bhaineann lena dtaithí ar bhás leanaí. Beidh sé ina chuid de ghearrchuntas don CHI le go bhféadfar spás tiomnaithe a chruthú san ospidéal nua a thugann le fios don duine a bhfuil tionchar aige air: ‘níl do leanbh ligthe i ndearmad’.

 

Annie Hogg (Tiobraid Árann) Messages to the River

Baineann an t-amharcealaíontóir, Annie Hogg, leas as an nádúr agus an aimsir mar bhealach chun dul i ngleic leis an mbrón agus an méala. Idir an traidisiún Lochlannach Up Helly Aa, de chuid Shealtainn, agus lóchrainn Shíneacha a bheith curtha ar snámh, tá úsáid á bhaint le fada an lá as tine agus uisce chun an brón príobháideach a nascadh le cuimhneacháin chomhchoiteanna. Tá trasnú abhann nó claochlú ag tine ina mheafar macallach don turas aineoil a dhéanann an t-anam. Lena deontas, cruthóidh Annie naomhóg loiscneach chun teachtaireachtaí a bhaineann leis an gcaillteanas agus paidreacha a iompar.

 

Ardscoil Naomh Louis / Clíona McDonough & Miriam Kehoe (Baile Átha Cliath) Reflections

Beidh Príomhoide na Scoile, Clíona McDonough, agus an Comhordaitheoir Ealaíon, Miriam Kehoe, as Ardscoil Naomh Louis i Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, i gceannas ar thionscadal ealaíne agus ceoil ildisciplíneach a chuirfidh ar chumas na mac léinn, na foirne foireann na scoile agus pobal na scoile teacht ar théarmaí dul i ngleic leis an taithí chomhchoiteann a bhí acu ar an bpaindéim. Le críoch a chur leis an tionscadal beidh taispeántas saothar ealaíne agus sraith ceolchoirmeacha ar siúl.

 

Seid Mhná na Déise / Mary Kelly (Port Láirge) Blankets of Hope

Déanfaidh Mary Kelly, in éineacht le Seid na mBan sna Deise i bPort Láirge, sraith pluideanna agus seálta a chniotáil agus a chróiseáil do dhaoine de gach aois a bhfuil saoil teoranta acu de bharr mar shampla ailse, néaltrú, agus Parkinson’s, agus a bhfuil cóir leighis á chur orthu in Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge agus in Ospidéal Pobail Dhún Garbhán.

 

Eileen Kennedy (Tiobraid Árann) Children’s Bereavement / Grief Support Programme

Agus í ag déanamh ionadaíochta ar an ngrúpa deonach Suir Haven Cancer Support Centre i dTiobraid Árann Thuaidh, beidh Eileen Kennedy i gceannas ar chlár a dhearadh, a fhorbairt agus a reáchtáil chun go mbeidh éascaitheoirí in ann clár ealaíon agus ceardaíochta a reáchtáil a thacóidh le leanaí atá ag déileáil le diagnóis ailse atá faighte ag tuismitheoir agus le bás an tuismitheora.   

Ospidéal San Séamas / Bettina Korn (Baile Átha Cliath) Memory Making

Reáchtálfaidh Bettina Korn, atá ina Comhordaitheoir ar an gCúram Deireadh Saoil leis an gClár Ospidéal Cairdiúil de chuid na hOspíse in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath, sraith ceardlann ealaíne cruthaithí chun foireann cúraim an ospidéil a éascú agus iad ag cuimhneamh ar a dtaithí ar aire a thabhairt d’othair a bhí tinn le linn na paindéime agus gan biseach i ndán dóibh. Is é an aidhm atá leis sraith colláisí a chruthú a léiríonn a gcuimhní comhchoiteanna. Taispeánfar iad seo ansin in aice leis an Camino Rest, tearmann neamh-shainchreidmheach atá laistigh den ospidéal, áit a raibh Seirbhísí Machnamhacha ar bun go laethúil ag an bhfoireann i gcuimhne ar othair a d’éag.

 

Jacqui Lynskey (Gaillimh) Creative Reflections

Reáchtálfaidh Jacqui Lynskey agus a foireann ag COPE na Gaillimhe, a chuireann seirbhísí ar fáil mar a bhaineann le heaspa dídine, mí-úsáid sa bhaile, agus seirbhísí tacaíochta don aosach, sraith tionscadal chun deis a thabhairt do dhaoine scothaosta machnamh agus plé a dhéanamh ar an gcaoi ar éirigh leo méala a bhainistiú, ar dtús agus iad ina leanaí agus ansin ina ndaoine fásta. Cruthóidh siad dhá phíosa ealaíne freisin – ceann a bhraitheann siad a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair nuair a bhí siad ag dul i ngleic leis an méala ina n-óige agus ceann eile ar mhaith leo go mbeidís in ann é a thabhairt do dhuine muinteartha leo nach maireann.

 

Cumann Latwest / Noel Lyons (Maigh Eo) A Fond Goodbye

Déanfaidh Noel Lyons, agus baill eile de Chumann Latwest, cnuasach d’fhilíocht  agus liricí i mBéarla, i Laitvis agus i nGaeilge a thiomsú, a thaifeadadh agus a fhoilsiú, chun caillteanas baile a shaoradh trí inimirce, go háirithe le linn na paindéime. Is grúpa deonach é Cumann Latwest atá lonnaithe i gClár Chlainne Mhuiris, i gCo. Mhaigh Eo, agus tacaíonn sé le daoine ó Oirthear na hEorpa atá ina gcónaí sa phobal áitiúil. Cuirfear ceol le cuid de na dánta freisin agus is é Skarleta  Mukane, ealaíontóir as Laitvia atá ina chónaí i Maigh Eo, a mhaiseoidh an leabhar.

 

Teach Altranais Naomh Iósaf / Vicky McGauley (Lú) Art and Creative Space

Rachaidh Vicky McGauley i dteagmháil le cónaitheoirí, cuairteoirí agus foireann Ospidéal Altranais Naomh Iósaf i mBaile Átha Fhirdhia, Co. Lú, chun múrmhaisiú a chruthú le feabhas a chur ar sheomra atá ainmnithe mar spás ciúin don té a bheadh ag iarraidh sos le haghaidh machnaimh. Cuimseoidh sé gnéithe den aireachas agus den teiripe datha chun feabhas ar cur ar an tsláinte mhothúchánach, ar an bhfeidhmiú síceolaíoch, ar an gcognaíocht agus ar chaidrimh shóisialta.

 

Taispeántas Maria Noonan-McDermott (Liatroim)‘Time-Lapse’

Le cúig bliana anuas agus í ag tabhairt aire dá máthair a raibh Alzheimer uirthi, bhí an t-ealaíontóir Maria, atá lonnaithe i Liatroim, “i ngan fhios di féin ag obair i dtreo” a taispeántais Time-Lapse. Tá na tascanna laethúla, na mothúcháin chasta agus na smaointe a thagann chun cinn agus duine ag tabhairt aire do thuismitheoir atá ag fáil bháis go mall mar bhunús don obair ar fad atá sa taispeántas seo. Mar shampla, an brón casta leanúnach a théann le Alzheimer, an easpa ceangail le ham agus an tuirse, agus an chaoi a nochtar saol iomlán an tuismitheora nuair a éagann sé nó sí. Léireofar é seo go léir agus i bhfad níos mó ná sin – trí phéintéireacht, filíocht agus suiteáil Maria.

 

Michelle O’Donnell (Uíbh Fhailí) Remembering Tree

Tabharfaidh an déantóir gloine Michelle O’Donnell ó Glasshammer Studios sa Ród, Co. Uíbh Fhailí, deis don phobal áitiúil duille gloine daite a dhéanamh i gcuimhne ar dhuine muinteartha a fuair bás agus Covid-19 air nó uirthi. Crochfar na duillí ansin ar ‘Chrann Cuimhneacháin’ pobail le haghaidh cruinniú comórtha i mí na Nollag 2021. Ina dhiaidh sin, tógfar anuas gach duille gloine luachmhar acu agus crochfar arís é ar chrann Nollag tí an duine féin.

 

Seid na mBan, An Port Nua / Shoyna O’Gorman (Tiobraid Árann) Patchwork Quilt

Tiocfaidh Sharon O’Gorman agus Shed na mBan i dTiobraid Árann le chéile tráthnóna Dé Luain chun cuilt phíosála do leaba bhanríona a chruthú. Beidh gach cearnóg mar shaothar cuimhneacháin do duine muinteartha amháin a fuair bás. Agus iad faoi stiúir déantóir chuilteanna ag bhfuil an-taithí, cruthóidh gach ball a phíosa speisialta féin agus nuair a chuirfear iad ar fad le chéile, beidh an chuilt ina meafar den ról atá ag an ngrúpa seo i saol na mban i dTiobraid Árann.

 

Mirjana Rendulic (Baile Átha Cliath) Death of a Star

Oibreoidh Mirjana Rendulic, a rugadh sa Chróit ach atá ina cónaí in Éirinn le fada, i gcomhar le ceoltóirí eile chun fuaimrian a chruthú dá scannán ‘Death of a Star’, a rinneadh mar fhreagairt ar bhás tobann a hathar sa Chróit le linn na paindéime. Tagann inspioráid Mirjana ón gcuairt dheireanach a thug sí ar an gCróit sula bhfuair a hathair bás. Nuair a bhí sí ann choinnigh a hathair air ag iarraidh ar Mirjana rud éigin a sheinm dó ach dhiúltaigh sí, agus í ag maíomh nach raibh sí sách maith fós.

 

Siondróm Down Tiobraid Árann / Siobhan Ryan (Tiobraid Árann) Acting Out

Is eagraíocht dheonach faoi stiúir tuismitheoirí é Siondróm Down Thiobraid Árann (DST), atá tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine idir 0 agus 60 bliain d’aois a bhfuil Siondróm Down orthu. Bainfidh Siobhan Ryan agus tuismitheoirí atá sa ghrúpa triail as clár duine lárnach dar teideal ‘Acting Out’, atá deartha go héicteach chun freastal ar riachtanais leanaí a bhfuil Siondróm Down orthu agus a d’fhulaing caillteanas d’aon chineál. Beidh teagascóir ag a bhfuil cáilíocht sa súgradh trí dhrámaíocht i gceannas ar an gclár seo agus treorófar na páistí chun iniúchadh a dhéanamh ar an mbás trí shúgradh samhlaíoch agus drámaíocht agus é mar aidhm aige cabhrú leis an ngrúpa foghlaim conas léirshamhlú a dhéanamh, agus na mothúcháin a bhaineann le gach gné den chaillteanas a phróiseáil agus a chur in iúl.

 

Emer Toale (Baile Átha Cliath) CJDegeneration

Sraith bhunaidh ceoil, a chumfaidh Emer Toale, a bheidh i gceist le CJDegeneration’  agus beidh trí ghluaiseacht ann a léireoidh an cúrsa a ghlacann an galar meathlúcháin, neamhchoitianta, marfach ar a dtugtar CJD. Iarracht aonair é seo agus beidh cláirseach agus pianó mar chuid den saothar. Músclóidh sé an speictream leathan mothúchán a bhíonn ag daoine atá ag fulaingt an ghalair seo agus galair ar nós é agus mothúcháin na gcúramóirí a mbíonn baint acu leo.

 

Kevin Toolis (Maigh Eo) Gone

Is údar, léiritheoir scannán a bhuaigh duais BAFTA, agus stiúrthóir / scríbhneoir don scáileán a fuair ainmniúchán Emmy, é Kevin Toolis atá ina chónaí Acaill. Scríobhfaidh agus forbróidh Kevin Toolis filíocht de chuid na mbard a chuimseoidh, i nguthanna éagsúla, bás agus saol an dream a d’éag agus d’imigh uainn le linn na paindéime.

Léigh sliocht as an leabhar ‘Reflection’ de chuid Fhondúireacht Ospíse na hÉireann a foilsíodh le déanaí, anseo.

Stay up to date

×