Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Get Ireland Making – Ár gCeardaithe agus ár nDearthóirí cumasacha ag roinnt a gcuid scileanna

Scroll
4 min read

Get Ireland Making – Ár gCeardaithe agus ár nDearthóirí cumasacha ag roinnt a gcuid scileanna

4 min read

11/03/21

Get Ireland Making – Ár gCeardaithe agus ár nDearthóirí cumasacha ag roinnt a gcuid scileanna

In Aibreán 2020 i gceartlár na paindéime chuaigh Clár Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil i bpáirt le Comhairle Deartha agus Ceardaíochta na hÉireann (DCCI) chun #GetIrelandMaking, a sheoladh. Sraith ceardlann agus gníomhaíochtaí ceardaíochta / deartha ar líne atá anseo. Bhí an tionscnamh úrnua seo mar chuid de fhreagairt an Rialtais lárnaigh do ghéarchéim Covid-19.

D’iarr #GetIrelandMaking ar dhearthóirí agus ar cheardaithe as Éirinn a dtuiscint ar ábhar agus ar phróiseas na ceardaíochta a roinnt le páistí, daoine óga agus daoine fásta, trí imeachtaí a bheadh taitneamhach agus tarraingteach. Mar thoradh air seo dhírigh an pobal cumasach deartha agus déanta atá againn ar ghníomhaíochtaí a leagan amach a thacódh leis an tsláinte agus leis an teacht aniar agus a d’fhéadfaí a dhéanamh gan stró sa bhaile le hábhar a bheadh thart sa teach.

Mar chuid de na gníomhaíochtaí sin bhí ceardlanna idirghníomhacha a thug treoir céim ar chéim agus físeán teagaisc gairid a craoladh ar chainéal Youtube DCCI (DCCI YouTube channel) agus ar rte.ie/culture. In achar gairid go leor d’éirigh le #GetIrelandMaking 39 físeán teagaisc ar an gceardaíocht a sholáthar agus 19 seimineár gréasáin beo. Rinneamar coimisiúnú ar 10 sheisiún in aghaidh na seachtaine ar chúrsaí cruthaitheachta agus an leanbh agus craoladh iad seo idir mí Iúil agus deireadh Mheán Fómhair 2020.

Get Ireland Making: Your Thumbprint Family Tree

Open Video

Get Ireland Making: Design Your Own Room

Open Video

Dúirt Louise Allen, Ceannasaí na gClár Nuálaíochta agus Forbartha le DCCI,: “Cúis áthais do Chomhairle Deartha agus Ceardaíochta na hÉireann (DCCI) a bheith páirteach sa togra seo de chuid an Rialtais. Bealach iontach atá ann le tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa tréimhse dúshlánach seo. Tá sé mar chuspóir ag Get Ireland Making scileanna agus tallann na gceardaithe agus na ndearthóirí atá againn in Éirinn a thabhairt díreach chun an tí.’’

Agus muid ag obair lenár gcomhpháirtithe sa Rialtas, in RTÉ agus in eagraíochtaí cultúir eile bhí sé iontach an clár GetIrelandMaking a fheiceáil ag forbairt le físeáin d’imeachtaí speisialta dála Cruinniú na nÓg, an seó Generation de chuid na Dánlainne Náisiúnta um Dhearadh agus Ceardaíochta, mí na ceardaíochta i gCorcaigh agus Seachtain na hOidhreachta. Tá sé i gceist ag DCCI leanúint leis an éiteas atá taobh thiar de Get Ireland Making trí ardáin agus tacaíocht a chur ar fáil dár ndéantóirí, trí chomhpháirtíocht sa todhchaí agus trí nasc a chruthú le himeachtaí tábhachtacha ar mhaithe le poiblíocht don togra agus chun teacht ar lucht féachana agus lucht éisteachta nua.

Mar gheall ar Get Ireland Making, tá fáil ag muintir na hÉireann anois ar lear mór físeán agus áiseanna teagaisc d’oideachasóirí gur féidir breathnú orthu arís agus arís eile agus beidh siad ar fáil sna blianta amach romhainn mar áis eolais agus taitnimh don phobal, do mhúinteoirí, do dhéantóirí agus do na glúnta amach anseo.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais i dtaobh Let’s Get Ireland Making anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×