Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Gníomh Cruthaitheach don Aeráid

Scroll
4 min read

Gníomh Cruthaitheach don Aeráid

4 min read

31/03/21

Gníomh Cruthaitheach don Aeráid

Tá ríméad ar an gClár Éire Ildánach seoladh an chiste Gníomh Cruthaitheach don Aeráid a fhógairt i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáid.

Is ar son tionscadail chruthaitheacha a bunaíodh an ciste – atá luach €2 mhiliún air, an chéad chiste cosúil leis in Éirinn – le daoine a nascadh le hathruithe troma comhshaoil, sochaí agus geilleagair a thagann chun cinn ón athrú aeráide.

Gníomh Cruthaitheach don Aeráid ag lorg tograí gur féidir cur chuige cruthaiteach nó ealaíonta a úsáid le feasacht ghníomh aeráide a nascadh le hathrú iompair.

Tá a fhios againn gur dúshlán claochlaitheach cultúrtha atá in tabhairt faoin athrú aeráide. Múnlaíonn ár gcultúr an chaoi a idirghníomhaímid lenár dtimpeallacht – tríd ár nósanna ídiú, ár smaointe faoi nádúr agus na rudaí a chuireann muid luach orthu agus na rudaí a cheapaimid go bhfuil sodhéanta agus dodhéanta.

Is éard atá sa dhúshlán na samhlaíochtaí a scaoileadh saor agus na smaointe faoi ‘choiscéimeanna carbóin’ agus ‘gníomh aeráide’ a dhéanamh inbhraite do dhaoine aonair agus pobail maraon.

Ta ról ar leith ag na pobail uile ealaíona, chultúir agus oidhreachta práinn an dúshláin seo a thabhairt chun tosaigh; trí thodhchaí inbhuanaite a shamhlú agus a chruthú; agus trí ghníomh a spreagadh agus a éascú ag gach leibhéal den sochaí.

Conas cur isteach air?

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Nóta Mionteagaisc faoin dúshlán cruthaitheach agus aeráide. Tá súil againn gur uirlis áisiúil é agus go dtugann sé spreagadh daoibh tograí a fhorbairt.

Gach rud gur cheart a bheith ar an eolas faoi.

Coimre agus an fhoirm iarratais

Cé atá in ann cur isteach air?

Tá an ciste ar oscailt i gcomhair réimse leathan ealaíne agus meáin trasna na hearnáileacha cruthaitheacha agus cultúrtha, rince, scánnáin, litríocht, ceoldrámaíocht, ailtireacht, ealaín sráide agus taispeántais, amharclannaíocht, na healaíona tradisiúnta, na hamharcealaíona, oidhreacht chultúrtha, sorcais, leabharlanna, músaeim, dearadh de gach saghas, beochan agus cluichí, an earnáil chlosamhairc, foilsitheoireacht agus faisean.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar dhá shruth:

  1. Eagraíochtaí cruthaitheachta agus aeráide, ENR, carthanachtaí, fiontair, institiúidí, nó cnuasacha/líonraí a bhfuil in ann oibriú le cleachtóirí cruthaitheacha agus cultúrtha.

OR

  1. Údaráis shóisialta ar bhun aonair, nó i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla eile nó páirtnéir sheachtracha, a bhfuil in ann tacú le cleachtóirí cruthaitheacha agus cultúrtha.

Cuirimid béim ar thograí comhoibríocha a thógann roinnt geallshealbhóirí lena chéile trasna na hearnáileacha ealaíona agus cruthaitheacha, athrú aeráide agus ENR comhshaoil, oideachais, eolaíochta, agus an earnáil sochaí sibhialta, daoine atá in ann torthaí cruthaitheacha, nuálacha agus idirdhisciplíneacha a chur chun cinn.

Tá fáilte roimh iarrthóirí maoiniú idir €30,000 agus €200,000 a éileamh lena fhís chruthaitheach a réadú agus a obair rannpháirtíocht pobail. Tá súil agam go mbeidh idir 10 agus 20 tograí maoinithe agsu mairfidh an maoiniú go deireadh 2022. Braithfidh sin ar mhéid agus tomhar na n-iarrtais a fhaighimid.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×