Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Gradam don chlár is úrnua sa bhliain 2020 thar chraoltóirí réigiúnacha na hEorpa buaite ag Samhlú

Scroll
3 min read

Gradam don chlár is úrnua sa bhliain 2020 thar chraoltóirí réigiúnacha na hEorpa buaite ag Samhlú

3 min read

6/05/21

Gradam don chlár is úrnua sa bhliain 2020 thar chraoltóirí réigiúnacha na hEorpa buaite ag Samhlú

Tá gradam iomráiteach Eorpach buaite ag Samhlú, ag CIRCOM - gradaim an Chumainn Eorpaigh um Theilifís Réigiúnach. Is é Samhlú an clár a rinne TG4 le linn na dianghlasála le maoiniú ón gclár Éire Ildánach ina dtugtar léargas ar shaothair chruthaitheacha na bliana 2020.

Thug sé leis an gradam do ‘an clár is úrnua agus is nuálaí’ agus fuair an ceann is fearr ar chláracha ó chraoltóirí i bhfad níos mó mar an BBC agus craoltóirí sna tíortha Nordacha.

Dúirt an tAire Martin: “Comhghairdeas mór le TG4 agus le Fíbín Media i gConamara. Is iontach an gaisce an gradam don chlár is úrnua agus is nuálaí a bhuachan agus sibh i gcomórtas le craoltóirí réigiúnacha atá i bhfad níos mó ná sibh.

Tá an-mheas againn ar fad ar an tsúil eile ó TG4. Tá an-áthas orm go raibh sé ar mo chumas an clár Samhlú a mhaoiniú. Ba é an uaillmhian a bhí againn ardán a thabhairt do chleachtas cruthaitheach den chéad scoth a raibh borradh faoi ainneoin COVID agus leis sin a raibh 126 ealaíontóir ó ar fud na hÉireann páirteach ann, ceol nuachumtha ón gcumadóir Bill Whelan san áireamh. Is dea-theist freisin é ar phobal an léiriúcháin neamhspleách in iarthar na tíre.

“Bhí ról ríthábhachtach ag cláracha mar Samhlú chun misneach daoine a choinneáil agus pobal na tíre a spreagadh. Tá pobal Gaeltachta Chonamara i gcroílár na cruthaitheachta agus na nuálaíochta agus is cuí mar sin go mbuafadh an clár seo, ina gcuirtear cultúr na hÉireann faoin bhráid an domhain, an gradam seo. Is teistiméireacht don obair mhór a bhain le Samhlú a dhéanamh go bhfuair an clár an ceann is fearr ar léiriúcháin ó chuid de na craoltóirí is mó san Eoraip a deir an tAire Stáit Jack Chambers.

Cad é Samhlú?

Taispeántas iléagsúil é Samhlú de chultúr agus de chruthaitheacht a craoladh ar TG4 an 15 Nollaig 2020.

I measc na dtaibhithe bhí Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Catherine Young Dance. Cuireadh Samhlú, píosa nua ceoil ón gcumadóir Bill Whelan, os comhair an phobail den chéad uair sa chraolachán.

Rinneadh an clár a fhí ina chéile le sé scannán ghearra de na healaíontóirí Waterford Walls, the Modern Day Mummers as Contae Liatroma, Catherine Young Dance, agus na gearrscannáin Lackeen, Fiach agus An Irish Goodbye. I dtréimhse seachtaine i mbaile álainn Chloch na Rón a rinneadh an scannánú. Bhí 106 duine fostaithe ar an scannán agus tá obair 126 ealaíontóir le feiceáil ann.

Samhlú 2020

Open Video

Stay up to date

×