Skip to main content

Náisiún
Ildánach

IMMA: An tSraith Slow Looking

Scroll
3 min read

IMMA: An tSraith Slow Looking

3 min read

15/01/21

IMMA: An tSraith Slow Looking

Tá Joan Walker ina ball d'Fhoireann Rannpháirtíochta Cuairteoirí IMMA agus cuireann sí Cláir Rannpháirtíochta & Foghlama IMMA ar fáil, na cláir do dhaoine scothaosta san áireamh. Tá sí ag scríobh faoin tSraith Slow Looking, bailiúchán d'fhíseáin a táirgeadh le go mbeidís insroichte agus cuireadh ar fáil iad ar mhaithe le dhaoine atá in ionaid chónaithe. Beidh na rannpháirtithe in ann féachaint ar scrúdú faoi threoir ar shaothair ealaíne atá roghnaithe ó Bhailiúchán IMMA

“Mar gheall ar an maoiniú flaithiúil a fuaireamar ó Éire Ildánach, bhíomar in ann cur leis na cláir ar líne a chuireann IMMA ar fáil dár lucht féachana. Cuireann baill den Fhoireann Foghlama agus Rannpháirtíochta an ceann breise seo, The Slow Looking Series, i láthair. Tagann an teideal ón gcur chuige atá againn breathnú go réidh staidéarach ar an ealaín; ceisteanna a chur faoina raibh i gceist ag an ealaíontóir agus ár bhfreagra féin air. An chéad cheann de na 10 bhfíseán seo, is seisiún aireachais é don lucht féachana, ionas go mbeidh siad oscailte agus go hiomlán ar a suaimhneas sula mbainfidh siad triail as cheann de na físeáin. Smaoinigh air mar aperitif, a chuireann faobhar ar an ngoile sula roghnóidh tú ón mbiachlár!

Faoi láthair bíonn na turais fhíorúla agus an plé ar an ealaín ar fáil ar Zúm. Faoin  gclár Ealaín & Daoine Aosta tá Armchair Azure, Talking Art Online agus Pacáistí Acmhainní, Studio 10, againn mar aon le turais fhíorúla. Agus mé á scríobh seo táimid ag leathnú ár dtaispeántais amach ionas go mbeidh fáil orthu ag tuilleadh daoine, óg agus aosta, ar ansa leo an ealaín. Nuair a bhíonn muid ag caitheamh ama le grúpa nó le duine aonair, is cuma cén aois iad, is maith linn an cur chuige suaimhneach seo a ghlacadh, ionas go mbíonn deis ann an saothar ealaíne a thógáil isteach agus níos tábhachtaí fós, a bheith fiosrach.

Is é an rud atá i bpáirt ag na grúpaí seo ar fad ná a gcuid fiosrachta. Fiosracht dhosháraithe chun tuilleadh a fhoghlaim, tuilleadh a chruthú, a bheith ag samhlú agus a bheith ag a roinnt a dtaithí leis an ngrúpa. Is mór an onóir dom a bheith páirteach ann. Is breá liom a bheith in éineacht le daoine atá fiosrach, daoine a dtaitníonn an dúshlán, a bhaineann le bheith curtha dá mbuille, leo. Is iontach an chaoi a léimeann gach duine isteach leis an aiseolas, is cuma cé chomh doiléir is a bhíonn an obair. Thar aon rud eile bím, go rí-mhinic faoi gheasa, ag an saibhreas a bhaineann lena léargais ionraic agus a dtuiscint.”

Slow Looking Art: 'Tree' by Niamh McCann

Open Video

“Nuair a labhraíonn tú faoi ealaín nó nuair a dhéanann tú ealaín le rannpháirtithe ar na tionscadail Art & Ageing, eispéireas tairbheach a bhíonn ann i gcónaí, a mbítear buíoch as. Is minic a deir daoine aosta agus go deimhin daoine meánaosta, “ar an taobh istigh níl mé ach 21″. Nuair a dhéanann tú caidreamh ar bhealach cruthaitheach le daoine is mar sin a bhíonn sé, imíonn an aois agus oibríonn tú le spiorad an duine aonair. De réir mar a théann na seisiúin seo ar aghaidh, bíonn gach duine níos rannpháirtí agus tugann siad freagra trína gcuid smaointe agus a dtaithí a roinnt. Nochtar scéalta, eolas, fíricí. Bíonn rud éigin nach bhfaca tú riamh cheana feicthe ag duine eile. Gach uair a dtagaimid le chéile bíonn draíocht nua ann. Is maith liom a cheapadh go dtugtar an t-ardú croí céanna do gach duine a ghlacann páirt ann, go bhfuil rud éigin nua agus neamhghnách acu a chuirfidh lena lá, a mbeidh siad ag caint lena gcairde agus lena muintir faoi. Cé go dtugann sé pléisiúr dom a bheith ag obair le gach grúpa, nuair a bhím ag obair le daoine aosta is rud é a d’fhéadfadh a bheith an-chumhachtach mar gheall ar an luach a thugann siad de bharr a dtaithí saoil.”

Art and Ageing: A Moment of Mindfulness with Paola Catizone

Open Video

Is é an cleas, sílim, ná fanacht fiosrach. Na seanfhondúirí a théann chuig an ngailearaí tá siad fiosrach, tá siad ar bís chun níos mó eolais a fháil, ní stopann siad riamh ag breathnú, ag foghlaim agus ag lorg freagraí. Ní bhíonn eagla orthu a gcuid mothúchán a roinnt, ní choinníonn siad rudaí siar agus tá an mhuinín sin acu, a thagann le haois, an rud atá ina n-intinn a rá amach go hoscailte.

Is iad ceithre thréith an daonnachais ná fiosracht, intinn shaor, creideamh sa dea-bhreithiúnas, agus creideamh sa chine daonna.” – E.M. Forster.

Tá Joan Walker ina ball d’Fhoireann Rannpháirtíochta Cuairteoirí IMMA agus cuireann sí  Cláir Rannpháirtíochta & Foghlama IMMA ar fáil, na cláir do dhaoine scothaosta san áireamh.

Stay up to date

×