Skip to main content
DKANE 04/07/2022 REPRO FREE Photo Darragh Kane

Náisiún
Ildánach

Tá an chéad fhoirgneamh poiblí de ‘créafóg phulctha’ in Éirinn ar na bacáin do Pháirc Ghleann na Trá Móire

Scroll
0 min read

Tá an chéad fhoirgneamh poiblí de ‘créafóg phulctha’ in Éirinn ar na bacáin do Pháirc Ghleann na Trá Móire

0 min read

15/08/22

Tá an chéad fhoirgneamh poiblí de ‘créafóg phulctha’ in Éirinn ar na bacáin do Pháirc Ghleann na Trá Móire

I Márta 2022 sheol an Éicea-Shaotharlann Idirnáisiúnta KinShip Comórtas Deartha agus Tógála glao oscailte chun struchtúr sealadach nuálach agus trialach a dhearadh agus a thógáil a mbeidh tábhacht ailtireachta ag gabháil leis i bPáirc Ghleann na Trá Móire, Corcaigh.

Thug an sainchúram spreagúil, leis an ealaíontóir, LennonTaylor, atá mar chuid de Thionscadal KinShip, tionscadal de chuid an Chiste do Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, dúshlán ailtirí, ealaíontóirí, lucht deartha, éicea-thógálaithe agus lucht ceirde ó thaobh struchtúr sealadach ailtireachta/dealbhóireachta a chruthú chun óstach a dhéanamh ar chruinnithe agus ar cheardlanna poiblí.

Tar éis roinnt mhaith cur is cúitimh, fógraíodh Fuinneamh Workshop Architects agus Civil agus Structural Engineering Advisors Ltd, a bhfuil gradaim bainte acu, mar bhuaiteoir an chomórtais uathúil seo. Rinneadh comhghairdeas leis an bhfoireann chumasach, ar a n-áirítear, Wiseman Construction Ltd. agus mic léinn i UCC agus i MTU, as ardchaighdeán a dtogra Éicea-Shaotharlainne chun struchtúr sealadach nuálach agus trialach a chruthú do Pháirc na Cathrach i gCorcaigh.  

Créafóg phulctha: “den talamh”

Beidh tógáil, a mheastar a bheidh ar an gcéad fhoirgneamh poiblí a bhfuil úsáid a bhaint as créafóg phulctha in Éirinn, i gceist leis an dearadh buacach, dar teideal “den talamh”. Is éard is créafóg phulctha ann ná teicníc a úsáidtear chun bunsraitheanna, urláir agus ballaí a thógáil agus úsáid á bhaint as amhábhair nádúrtha balctha.  Tá tús curtha cheana féin le tógáil na hÉicea-Shaotharlainne agus beidh an togra tugtha chun críche san Fhómhar, in am don chlár maidir le himeachtaí le téama éiceolaíochta i mí Deireadh Fómhair 2022 a sheoladh. 

Tagraíonn an coincheap “den talamh” don smaoineamh go dtagann na hábhair ón talamh agus go bhfillfidh siad ar an talamh ar deireadh thiar agus mar sin gur chóir iad a mheas ar a dtionchar timpeallachta. Roghnaíodh na príomhábhair thógála atá beartaithe don tionscadal – créafóg, adhmad agus giolcach – mar gheall ar a gcáilíochta athghiniúnacha agus a n-acmhainneacht athúsáide. Bainfear úsáid as an ngiolcach atá ar an láthair don díon tuí.  

Beidh díon gabhail éadain ar an Éicea-Shaotharlann agus cuirfidh pointe teagmhála agus ionad ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo i bPáirc Ghleann na Trá Móire agus cuirfidh comhbhá leis an domhan nádúrtha chun cinn. 

Léigh tuilleadh anseo faoi Thionscadal KinShip agus faoi 14 tionscadal eile an Chiste um Ghníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide

Stay up to date

×