Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann: Tionscadail Athshamhlaithe

Cuireadh tús an tseachtain seo caite leis an gcéad cheann de cheithre thionscadal nua Reimagine ag Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann (IAF) le cuairt láithreáin ar Dhún Marshalsea, foirgneamh i gcroílár Shaoirsí Bhaile Átha Cliath.

Sna míonna amach romhainn, i gcomhpháirtíocht leis an Líonra Eagraíochta Pobail agus Cónaitheoirí (CORN), oibreoidh an IAF leis na cónaitheoirí áitiúla chun todhchaí nua a athshamhlú do Dhún Marshalsea.

I measc na dtionscadal spreagúil eile tá fís inbhuanaithe chomhdheartha do shráidbhaile de chuid Bhord na Móna i Ros Comáin, ina bhfuil aird á díriú ar fhís an ailtire Frank Gibney. Tá sé mar aidhm ag tionscadal comhdhearaidh i gCeathrú Chultúir Phort Láirge, a bheidh  cuimsitheach go sóisialta, margadh tarraingteach agus fáilteach a chruthú. Is mian le Foireann Chruthaitheach bhaile Áth Cinn tús a chur le plé dáiríre faoi thodhchaí na Príomhshráide – ábhar a bhaineann le gach duine sa phobal.

Is clár déanta áite, ar bhonn náisiúnta, de chuid Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann le tacaíocht ó Chlár Éire Ildánach é Reimagine.

Lean an dul chun cinn atá á dhéanamh ar na tionscadail seo agus faigh tuilleadh eolais faoi Reimagine ag www.reimagineplace.ie

 

 

Stay up to date

×