Skip to main content

Náisiún
Ildánach

“Braithimid ar fad an caillteanas céanna… shiúlamar turas seo na paindéime le chéile”

Scroll
8 min read

“Braithimid ar fad an caillteanas céanna… shiúlamar turas seo na paindéime le chéile”

8 min read

11/10/21

“Braithimid ar fad an caillteanas céanna… shiúlamar turas seo na paindéime le chéile”

Mar chuid de chreat Machnaimh, Cuimhneacháin agus Athnuachana Fhoras Ospíse na hÉireann, chuir an eagraíocht tús lenár gcaillteanais le linn na paindéime a phróiseáil. Sa leabhar ‘Reflection’, a d’fhoilsigh Foras Ospíse na hÉireann le gairid, cuireann an t-iriseoir Róisín Ingle agallamh ar oibrithe cúraim agus baill foirne i gcarthanachtaí ina ndírítear ar an mbás.

Agus béim ar leith á leagan ar shláinte agus folláine oibrithe cúraim, tugtar eolas sna hagallaimh an-spéisiúil seo ar an mbealach inar thug daoine ar an líne thosaigh aghaidh ar chúrsaí le linn chéimeanna luatha na paindéime agus ar an tionchar a imríodh orthu mar gheall ar dhaoine ag fáil bháis, an bás féin, briseadh croí agus caillteanas.

Tá saothair seachtar filí Éireannacha fite fuaite trí na scéalta coscracha seo. Tháinig saothair ó Christie Kandiwa; Martin Dyar; Ann Leahy; Catriona Clutterbuck; Lani O’Hanlon; Chandrika Narayanan-Mohan; agus Vincent Woods; chun cinn mar thoradh ar a n-eispéiris áirithe féin de mhaireachtáil tríd an bpaindéim.

Sa sliocht seo a leanas ó ‘Reflection’, cuireann Róisín Ingle agallamh ar Mairin Cronin, Bainisteoir Gníomhaíochtaí Lae na Seirbhíse Banaltrachta do Dhaoine Aosta, Ospís Marymount, Corcaigh.

 

Mairin Cronin | Bainisteoir Gníomhaíochtaí Lae na Seirbhíse Banaltrachta do Dhaoine Aosta, Ospís Marymount, Corcaigh

Mar Bhainisteoir Gníomhaíochtaí Lae na Seirbhíse Banaltrachta do Dhaoine Aosta ag Ospidéal agus Ospís Marymount i gContae Chorcaí, cinntíonn Mairin Cronin agus baill foirne go dtugtar deiseanna do gach cónaitheoir ar “theagmháil fhiúntach”, mar a chuireann sí air. Is é an sprioc fealsúnachta ag Marymount ná an caighdeán beatha is fearr a thabhairt do gach duine. Sa ‘tréimhse roimhe seo’ déanann sí cur síos ar áit a bhí ag cur thar maoil le beocht agus gníomhaíocht. Bhíodh gníomhaíochtaí ann go rialta, chomh maith le hAifreann, cuairteanna ó cheoltóirí agus cóir agus ó scoileanna agus oibrithe deonacha. Bhíodh cónaitheoirí in ann páirt a ghlacadh i réimse leathan caitheamh aimsire. Bhíodh sealanna measúla aonair ann do dhaoine aonair agus bhíodh cuairteanna lúcháireacha ann ó theaghlaigh agus cairde. “Ta na cónaitheoirí anseo ina rannpháirtithe gníomhacha sa tsochaí, tá sé sin fíorthábhachtach, agus tá sé ag croílár gach rud a dhéanaimid,” a dúirt Mairin.

Nuair a tharla an phaindéim, cuireadh srian leis an ngníomhaíocht sin thar oíche mar aon leis na gnáthaimh agus caithimh aimsire rialta ar fad. Nuair nach raibh cónaitheoirí in ann meascadh le daoine eile go neamhfhoirmeálta trí ghníomhaíochtaí, béiltí nó cupán tae a thuilleadh, chuaigh Mairin agus a comhghleacaithe i muinín bealaí níos cruthaithí chun an teagmháil a choinneáil ar bun.

"D’inis siad dúinn faoin méid ar fad ar mhair siad tríd le linn a saoil. D’eachtraigh siad dúinn faoi dhálaí le linn an dara cogadh domhanda agus ina dhiaidh sin, nó faoi mhaireachtáil tríd an bpaindéim phóilió"

Bhí tae beag amuigh faoin aer agus coirmeacha ceoil draíochtúla sa ghairdín ar bhreathnaigh na cónaitheoirí orthu go sábháilte óna mbalcóiní. Agus de réir mar a tháinig méadú ar chásanna agus neamhchinnteacht i réim, tháinig féith láidir na dlúthpháirtíochta chun cinn idir baill foirne agus cónaitheoirí agus iad ag maireachtáil tríd an bpaindéim le chéile.

Agus míniú á thabhairt aici ar an bhforbairt dhearfach seo, gabhann Mairin leithscéal as bheith “ró-ornáideach” ach creideann sí go bhfuil taifeadadh maith déanta ar an taobh duairc den phaindéim i dtimpeallachtaí cúraim cheana féin. Ba mhaith léi labhairt faoin bhfeiniméin seo nach dtugtar an méid céanna aitheantais dó. “Le linn na tréimhse sin, bhí baill foirne agus cónaitheoirí ag dul tríd an eispéireas céanna, agus mar gheall air sin, tháinig ár saoil ar fad le chéile go mór,” a deir sí. “Bhíomar ar fad ag dul tríd an gcaillteanas céanna ó thaobh struchtúir de, ó thaobh gnáthaimh de agus ó thaobh teagmháil le daoine muinteartha de. Mar sin, is le chéile a shiúlamar aistear seo na paindéime. Thug an tsochaí ar fad céim ar gcúl agus tháinig moilliú ar chúrsaí, agus rinne na cónaitheoirí anseo an rud céanna. Chuamar trí na rudaí céanna, an gheit a baineadh asainn ar dtús, an t-uaigneas, an faitíos, an caillteanas saoirse. Mar sin, cé gur tháinig na bacainní aníos eadrainn, ar sampla an-fhisiceach ab ea an trealamh PPE, baineadh bacainní eile anuas.”

“Sa tréimhse sin, ba léir dúinn níos mó ná riamh an tábhacht a bhaineann le gach nóiméad a ghlacadh de réir a chéile,” a deir Mairin.

Chomh maith leis sin, labhraíonn Mairin faoin bpribhléid a bhí i gceist le bheith in éineacht le cónaitheoirí aosta le linn na tréimhse sin agus faoin gcaoi ar ghníomhaigh siad i ndáil leis an bpaindéim ar bhealach inar cuireadh go leor nithe in iúl i gceart. “Ba é an rud a sheas amach domsa go mór ná mianach seandaoine agus fairsinge a saoil agus streachailtí. Nuair a bhíomar ag comhrá, d’inis siad dúinn faoin méid ar fad ar mhair siad tríd le linn a saoil. D’eachtraigh siad dúinn faoi dhálaí le linn an dara cogadh domhanda agus ina dhiaidh sin, nó faoi mhaireachtáil tríd an bpaindéim phóilió.”

“Bhí an saol crua, ar bhealaí áirithe, chuir srianta na paindéime gnáthshaol na 1950í, 1960í agus na 1970í in Éirinn i gcuimhne do na cónaitheoirí. Mhair siad trí fíorbhochtaineacht, dífhostaíocht agus teaghlaigh iomlána ag dul ar imirce. Mar sin, cé gur rud nua a bhí i gcruatan na paindéime ag go leor daoine inár nglúin féin, níor mhar a chéile a bhí é ag an tseanghlúin. Agus fuaireamar an deis an mianach as cuimse sin a fheiceáil. Thug sé misneach dúinn go dtiocfaimis slán as seo toisc gur thaisteal siad an turas seo cheana.”

Bhí caillteanas ann. Bhí, gan amhras. Chonacthas gníomhartha cineálta nach bhfacthas riamh cheana, agus baill foirne ag déanamh rud ar bith a raibh siad in ann a dhéanamh chun sólás agus tacaíocht a thabhairt do chónaitheoirí agus iad faoi bhrón. Bhí caillteanas teagmhála ann ach bhí nuálaíocht ann freisin nuair a chuir roinnt cónaitheoirí a bhfaitíos roimh theicneolaíocht díobh chun glacadh le Facetime agus WhatsApp. Cuimhníonn Mairin ar bhean ina seasamh ar bhalcóin, bhí sí ar an nguthán agus ag croitheadh láimhe agus ag nascadh le daoine muinteartha a bhí ina seasamh i bpáirc leathacra ar shiúl.

Thug an dúlra sólás do gach duine. Tugadh bláthanna isteach ó lasmuigh, coimhéadadh athrú na séasúr go cúramach. Roinneadh nuacht faoin gcomhluadar coiníní a bhí ar an  bhfearann, agus liathróidí beaga clúimh ag imeacht le gaoth idir na crainn feá agus darach galánta. Ba mhaith an caitheamh aimsire é bheith ag faire ar éin. I ndiaidh na dianghlasála deiridh, ábhar misnigh do gach duine ab ea na tiúilipí agus na lusanna cromchinn a sheas ar gach aon taobh den chabhsa i dtreo an ospidéil, rud a chothaigh an dóchas luachmhar sin.

Cuireadh an dán “Hope Is The Thing With Feathers” le Emily Dickinson i gcló agus cuireadh é ar taispeáint in Marymount mar ortha liteartha. “Bhí an mothú dóchais sin fíorthábhachtach, mar aon leis na tráthanna beaga lúcháire agus muintearais i gcomhthéacs inar chaill daoine cuid mhór. Rinneamar ár ndícheall é seo a chur ar fáil, Dóchas,” a deir Mairin.

Léigh ‘Reflection’ ina iomláine ar líne anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×